Baile
Aoisghrúpaí
> 4 Bliain
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag Tógáil Páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
4 > 12 Bliain
Gaelscoileanna
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
12 > 18 Bliain
Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid nuair atá tú ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
18 > 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ag foghlaim na Gaeilge
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Pobal
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinne
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Sloinne
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
Cúrsaí iarchéime Gaeilge do shaol an lae inniu
Cúrsaí bunchéime spéisiúla le Gaeilge
Folúntais
Físeáin: 'Do Ghairm le Gaeilge'
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Nuacht
  • Baile
  • Comhshaol
  • 350+ milliún crann curtha in aon lá amháin ag tír amháin!
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-350+-milliun-crann-curtha-in-aon-la-amhain-ag-tir-amhain!

350+ milliún crann curtha in aon lá amháin ag tír amháin!


Tá an Aetóip tar
éis breis agus 350 milliún crann a chur laistigh d’aon lá amháin.

Sea, léigh tú i
gceart é, 350 milliún crann!

Cuireadh na
síológa inné, Dé Luain 29 Iúil, mar chuid d’olltionscnamh náisiúnta a bhfuil sé
de sprioc aige ceithre bhilliún crann a chur san Aetóip faoi dheireadh an
tsamhraidh seo.

Ba mhian leis an
rialtas “oidhreacht ghlas” a fhágáil ag na glúnta atá le teacht agus táthar ag
iarraidh ar gach saoránach 40 síológ ar a laghad a chur sna seachtainí beaga
amach romhainn.

Tá an pobal ag glacadh leis an dúshlán go fonnmhar agus druideadh oifigí poiblí go fiú ionas go mbeadh státseirbhísigh in ann a bheith páirteach san obair mhór inné.

Bhí aire nualaíochta agus teicneolaíochta na tíre, an Dr Getahun Mekuria, ag tweetáil le linn an lae faoin dul chun cinn a bhí á dhéanamh maidir le plandú na gcrann agus d’fhógair sé faoin tráthnóna gur cuireadh níos mó ná 353,600,000 síológ taobh istigh de 12 uair an chloig.

Is curiarracht
dhomhanda é an líon sin anois, curiarracht a bhí ag an India go dtí seo tar éis
gur cuireadh 50 milliún crann ansin sa bhliain 2016.

Tugadh le fios le
déanaí go bhféadfadh crainn tionchar dochreidte a imirt ar an ngéarchéim
aeráide agus go bhfuil ár gcairde glasa ar na huirlisí is éifeachtaí dá bhfuil
ann chun dul i ngleic leis an méid iomarcach CO2 atá san atmaisféar.

Sa staidéar a foilsíodh ar dtús san iris Science ag tús na míosa, léiríodh go ngabhann crainn líon ollmhór CO2 agus dá gcuirfí tuilleadh fásra go mbeifí in ann éifeacht téite an gháis a laghdú go suntasach.

Ar a bharr sin, meastar go bhfuil an-phoitéinseal ag baint le hÉirinn go háirithe chun crainn a chur ar an ábhar go bhfuil an oiread sin talaimh sa tír, atá oiriúnach do chrainn, nach bhfuil aon choill ná forais ag fás air faoi láthair.

Tá tograí áirithe crann ar siúl ag na húdaráis in áiteanna éagsúla sa tír ach ar ndóigh ní gá fanacht leo sin… anois, cá bhfuil an spád?

Níos mó

Cláraigh do nuachtlitir PEIG

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge