Baile
Aoisghrúpaí
> 4 Bliain
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag Tógáil Páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
4 > 12 Bliain
Gaelscoileanna
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
12 > 18 Bliain
Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid nuair atá tú ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
18 > 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ag foghlaim na Gaeilge
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Pobal
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinne
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Sloinne
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
Cúrsaí iarchéime Gaeilge do shaol an lae inniu
Cúrsaí bunchéime spéisiúla le Gaeilge
Folúntais
Físeáin: 'Do Ghairm le Gaeilge'
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Nuacht
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-75%-d’fholuntais-ghaeilge-san-ae-fagtha-gan-lionadh

75% d’fholúntais Ghaeilge san AE fágtha gan líonadh

Léiríonn figiúirí nua ón AE an dúshlán mór atá le sárú i gcónaí maidir le dóthain aistritheoirí le Gaeilge a fhostú in institiúidí na hEorpa.

Meastar go dtiocfaidh méadú 40% ar an méid oibre aistriúcháin go Gaeilge a bheidh le déanamh in 2022, tráth a bhfuil geallta go gcuirfear deireadh leis an maolú ar stádas na Gaeilge san AE.

Ach níor líonadh ach níos lú ná 25% de na folúntais d’aistritheoirí agus dlítheangeolaithe Gaeilge a fógraíodh idir 2016-2018.

37 den 155 folúntas a líonadh, de réir tuarascála nua ón gCoimisiún Eorpach, rud a fhágann gur 75% de na folúntais a fágadh gan líonadh sna comórtais a earcaíodh idir 2016-2018.

Chomh maith leis sin, léiríonn na figiúirí do na comórtais earcaíochta sin nach raibh cáilithe don chéad chuid den phróiseas ach 35% den 544 duine a chuir isteach ar na comórtais d’aistritheoirí, cúntóirí agus dlítheangeolaithe, léiriú soiléir ar a laghad daoine atá ar fáil a bhfuil na cáilíochtaí cuí acu.

De réir na tuarascála nua a cuireadh faoi bhráid an Rialtais an tseachtain seo caite, is gá “i bhfad níos mó acmhainneachta” chun aghaidh a thabhairt ar an méadú a thiocfaidh ar an aistriúchán go Gaeilge a bheidh le déanamh in 2020 agus 2021.

Sa tréimhse sin beidh breis ábhar polaitiúil, teachtaireachtaí, comhairliúcháin agus tuarascálacha le haistriú agus deir lucht na tuarascála nach mór “riachtanais ateangaireachta” a chur san áireamh freisin.

“Is gá do na hinstitiúidí iarrachtaí móra a dhéanamh agus iad ag obair i gcomhar le hÉirinn chun acmhainneacht leordhóthanach a bhaint amach agus riar do na riachtanais réamh-mheasta,” a deirtear sa tuarascáil.

Pléadh ag cruinniú rialtais i nGaeltacht Dhún na nGall an tseachtain seo caite an tuarascáil ón gCoimisiún Eorpach chuig an gComhairle Eorpach faoin dul chun cinn atá déanta ag institiúidí an AE maidir le maolú na Gaeilge a laghdú de réir a chéile.

Cuireadh achoimre ar an tuarascáil ar fáil don chomhaireacht agus dúradh gur “ábhar dearfach”a bhí inti “ar an iomlán”.

Tugtar moladh sa tuarascáil d’Éirinn as na hiarrachtaí atá á ndéanamh acu maidir le hullmhú do dheireadh an mhaolaithe agus “borradh a chur faoin earcaíocht”.

Luaitear gur 102 duine atá ag obair i ranna Gaeilge na n-institiúidí anois i gcomparáid le 58 duine in 2016.

Ach deirtear “ainneoin iarracht mhór chomhpháirteach na n-institiúidí” go bhfuil an dul chun cinn atá á dhéanamh “níos moille ná mar a bhíothas ag súil leis mar gheall ar an líon beag teangeolaithe Gaeilge atá ar fáil agus a laghad iarrthóirí a earcaíodh ó chomórtais EPSO”.

“Mar sin, in ainneoin roinnt bearta pragmatacha sui generis a rinneadh chun borradh a chur faoin acmhainneacht aistriúcháin agus ateangaireachta Gaeilge, is léir ón taithí a fuarthas go dtí seo go bhfuil gá le hiarrachtaí móra eile as seo go ceann trí bliana chun riar do na riachtanais réamh-mheasta,” a deirtear sa tuarascáil.

Maidir leis na comórtais Ghaeilge do Pharlaimint na hEorpa, duine amháin sa bhliain a earcaíodh mar aistritheoir in 2016 agus 2019 agus cúntóir agus dlítheangeolaí amháin a earcaíodh in 2017. Duine amháin sa bhliain a earcaíodh chun na Comhairle Eorpaí mar aistritheoir in 2016, 2017 agus 2018, agus cúntóir agus dlítheageolaí amháin a earcaíodh in 2017.

D’éirigh le Coimisiún na hEorpa aistritheoir amháin a fháil in 2017 agus aistreoir amháin a fháil in 2018. Fuair an Chúirt Bhreithiúnais dlítheangeolaí Gaeilge amháin in 2017 agus léitheoir profaí amháin in 2018.


Tábla 1: Comórtais EPSO, 2016-2018

Bliain Comórtas An líon iarrthóirí An líon ar tugadh cuireadh dóibh chuig na trialacha aistriúcháin An líon ar tugadh cuireadh dóibh chuig an ionad measúnaithe Painéal EPSO Sprioc
2016 Aistritheoirí 210 43* 10 10 62
Cúntóirí 118 28 9 13
2017 Dlítheangeolaithe 26 8 5 3 8
2018 Aistritheoirí 190 114** 17** 15 72

*ar tugadh cuireadh dóibh ar bhonn na dtrialacha ar ríomhaire **ar tugadh cuireadh dóibh ar bhonn iarratas amháin
***bhí na trialacha ar ríomhaire mar chuid den ionad measúnaithe


Maidir le cúrsaí ateangaireachta, deirtear sa tuarascáil go bhfuil teacht ag seirbhísí ateangaireachta an Choimisiúin, ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gCúirt Bhreithiúnais ar 11 saor-ateangaire atá creidiúnaithe chun ateangaireacht a dhéanamh ón nGaeilge. Níor éirigh le haon iarrthóir sna trialacha creidiúnúcháin in 2016, 2017 ná 2019.

In iarracht teacht ar réiteach ar an easpa aistritheoirí cáilithe, eagraíodh idir 2015-2019 14 próiseas roghnúcháin le haistritheoirí a fhostú ar bhonn sealadach fad is a bheadh oiliúint á cur ar chuid de na daoine nár éirigh leo sna comórtais.

Comh maith leis sin, in Aibreán 2019, d’eisigh Oifig na bhFoilseachán glao ar thairiscintí le haghaidh seirbhísí seachtracha ach ní bhfuarthas aon tairiscint. Déanfar an glao sin ar thairiscintí a athfhógairt.

In 2016 d’eagraigh EPSO, seirbhís earcaíochta an AE, comórtas le haghaidh aistritheoirí agus cúntóirí teanga Gaeilge.

Chuir 210 duine isteach ar chomórtas na n-aistritheoirí agus deichniúr ar éirigh leo seachas 62 mar a bhí ag teastáil. Ó tharla go raibh ochtar den deichniúr aistritheoirí sin fostaithe cheana féin ar chonradh sealadach ag na hinstitiúidí, beirt bhreise a fuarthas de bharr an chomórtais. Sa chomórtas do chúntóirí teanga triúr nua sa bhreis a fuarthas den 13 a bhí ag teastáil.

Sa chomórtas do dhlítheangeolaithe Gaeilge a reachtáladh in 2017, d’éirigh le triúr den 26 iarrthóir a chuir isteach ar an gcomórtas.

Chuir 190 iarrthóir isteach ar chomórtas EPSO na n-aistritheoirí in 2018 agus d’éirigh le 15.

Deirtear sa tuarascáil go gcuireann “líon measartha” daoine spéis i gcomórtais EPSO le haghaidh teangeolaithe Gaeilge ach gur “dúshlán fós é ráta ard earcaíochta a bhaint amach de réir na riachtanas réamh-mheasta”.

Léiriú eile ar an dúshlán earcaíochta sin is ea go mbaineann an AE úsáid as daoine a bhfuil “Gaeilge éighníomhach” acu chun obair ateangaireachta a dhéanamh ón nGaeilge.

Deirtear sa tuarascáil gur ón nGaeilge amháin a chuirtear ateangaireacht ar fáil  bParlaimint na hEorpa, amhail Dáil Éireann.

Deirtear nach gá don Chúirt Bhreithiúnais ateangairí Gaeilge a fhostú mar nár tugadh aon chás i nGaeilge os comhair na cúirte sin riamh.

Níos mó

tuairisc.ie

Cláraigh do nuachtlitir PEIG

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge