Baile
Aoisghrúpaí
> 4 Bliain
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag Tógáil Páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
4 > 12 Bliain
Gaelscoileanna
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
12 > 18 Bliain
Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid nuair atá tú ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
18 > 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ag foghlaim na Gaeilge
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Pobal
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinne
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Sloinne
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
Cúrsaí iarchéime Gaeilge do shaol an lae inniu
Cúrsaí bunchéime spéisiúla le Gaeilge
Folúntais
Físeáin: 'Do Ghairm le Gaeilge'
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Nuacht
  • Baile
  • Saol
  • 9 gcineál duine a fhreastalaíonn ar chúrsaí Gaeilge do dhaoine fásta
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-9-gcineal-duine-a-fhreastalaionn-ar-chursai-gaeilge-do-dhaoine-fasta

9 gcineál duine a fhreastalaíonn ar chúrsaí Gaeilge do dhaoine fásta


Táimid gafa thar lár an tsamhraidh cheana féinig, agus cúrsaí Gaeltachta do dhaoine fásta faoi lán seoil ar fud na tíre.

Ó Oideas Gael i dTír Chonaill go hOidhreacht Chorca Dhuibhne in Iarthar Dhuibhneach, chítear domsa gur féidir rannpháirtithe na gcúrsaí seo a rangú i naoi gcatagóir éagsúla.

Féachfaimis orthu!


1. An Meisceoir

Ceann tinn agus aithreachas gach maidin i rith an chúrsa air.

Tagann feabhas éigin um thráthnóna chuige, agus labhrann, gan de phort aige an uair sin ach frásaíocht imeartas focal a chuireann a ghrá don bhiotáille in iúl.

Nuair a luífidh an ghrian, scaoilfear a theanga a thuilleadh le fórsa an phórtair, agus beidh sé ar an gcainteoir is líofa Gaeilge sa tábhairne.

Is féidir gur ag éalú ó shocruithe colscartha thuas i mbruachbhaile éigin i mBaile Átha Cliath an chúis ar chláraigh sé don chúrsa Gaeilge seo in Iarthar ídéalach na hÉireann.


2. An Pinsinéir Cantalach

Is fuath leis an bpinsinéir gach sampla den nuathéarmaíocht agus ligeann sé as osna fonóide ar chlos dó téarmaí mar ‘practiseáil’, ‘aip’, agus ‘sausageí’.

Is ait leis na modhanna nua-aimseartha múinteoireachta seo ina gcuirtear foghlaimeoirí aghaidh amach ag comhrá agus ag idirghníomhaíocht lena chéile.

Caitheann a chuid ama ag caitheamh i ndiaidh laethanta na láimhe láidre nach mbíodh sa teagasc ach foghlaim de ghlanmheabhair agus an bata scoir.

Cuireann tagairtí do Bloc, do Molscéal agus dá leithéid eile idir mhearbhal agus fhearg air.


3. Mo Dhuine ó Mheiriceá Thuaidh

Duine ó Mheiriceá
Thuaidh atá ag freastal ar an meánrang bliain i ndiaidh bliana riamh ó bunaíodh
Daltaí na Gaeilge ocht mbliana déag ar fhichead ó shin (1981).

Dá ainneoin sin go
léir, is ea is dóichí de ná go mbeadh an bunrang i bhfad níos oiriúnaí don
leibhéal atá acu, ach in ainm dílis Dé, ná cuir é sin in iúl dóibh!

Is é seo an
custaiméir is dílse dá bhfuil ag d’institiúid Ghaeltachta, agus tá a fhios acu
féin cén leibhéal atá uathu – tar éis an tsaoil, is ag an gcustaiméir i gcónaí
a bhíonn an ceart!

Seachas,
dar ndóigh, nuair is buncheisteanna ar ghramadach na Gaeilge a bhíonn le
freagairt acu.


4. An Ceoltóir Traidisiúnta

Cuireadh iallach ar an gceoltóir traidisiúnta freastal ar chúrsa Gaeltachta, is dócha, mar chuid de dheontas ón gComhairle Ealaíon don togra ceoil is déanaí uaidh.

Déanfaidhn sé seo beag is fiú de na rialacha gramadaí dá dtagraíonn an múinteoir, gan aige féin den teanga i ndáiríre ach an seanfhocal seanchaite úd “beatha teanga í a labhairt”.

Níl a dhearcadh ó thaobh “rialacha gramadaí” an cheoil chomh réchúiseach céanna áfach, agus go bhfóire Dia ar an té a mheascfaidh suas an mód micsilidiach leis an mód Aeólach sa seisiún ceoil i dTigh an tSaorsaigh istoíche.

Rachtanna iompraíochta fulangaí-ionsaithí de chineál nach bhfeicfí ó aon mhúinteoir Gaeilge a spreagfar sa cheoltóir seo nuair nach fiú
leis an ceol a chloiseann sé.


5. Cainteoir na Canúna Eile

I nGaeltacht éigin eile a d’fhoghlaim an cainteoir seo a bhfuil aige den teanga, agus tarraingíonn sé dá réir sin dualgas ait éigin air féin drochmheas a léiriú ar Ghaeilge an mhúinteora.

Is seacht measa an galar seo más le breac-Ghaeltacht a bhaineann an duine seo. Sampla drámatúil:

Múinteoir: Anois, má tá aon cheist ag éinne agaibh, ba mhaith liom iad a  fhreagairt anois!

Duine le canúint eile: “Má tá”?! “Má tá”?! “Má bhfuil” a deirimid i mBaile Bhuirne!

Múinteoir: Ab ea anois! Bhuel, “má tá” a bhíodh ag Seán Ó Riordáin ar aon nós. “Is beag má tá aoinne ann, is mó go mór tá as”, tá a fhios agat an dán sin de chuid an Riordánaigh?

Duine le canúint eile: Cé hé sin?


6. An Múinteoir Bunscoile

Tuillfidh an múinteoir bunscoile cead trí lá shaora a thógaint ó chúraimí teagaisc i rith na scoilbhliana ach freastal ar chúrsa Gaeltachta i rith an tsamhraidh.

Caithfear na trí lá shaora sin ar thaisteal go Dubai d’fhonn bainis Matthew agus Louise a cheiliúradh i mí na Samhna.

Bí ag súil le pinn aibhsithe, fillteáin, agus cultacha reatha –  agus easpa thubaisteach suime sa teanga.


7. An tEorpach Ilteangach Úd

Saoi sna hilbhéarlaí, cuirfidh an tEorpach ilteangach leadrán ar a bhfuil ina thimpeall le cuntas liosta ar a bhfuil feicthe de thíortha i gcéin aige.

Bíonn tuiscint gan sárú ar an ngramadach agus ar stair na hÉireann aige seo, Béarla mánla nathach leis aige, ach bíonn deacracht aige le bunfhuaimeanna na Gaeilge a shealbhú, agus ní rachaidh sé go deo i ngleic le greann ná le réchúiseachas sainiúil na nGael.


8. An Balbhán

Fochéimithe ollscoile a bhíonn i gceist le catagóir an bhalbháin go minic.

Iad ag breacadh nótaí go ciúin i gcúl an ranga, nó ag scrolláil trína scéalta Instagram, ní bhíonn de shamhlaíocht ná de chumas Gaeilge acu freagra a thabhairt ar cheist dá shimplíocht, gan trácht ar aon rud eile a rá.

Riachtanais churaclaim nó scoláireacht Ghaeltachta a thug orthu tabhairt faoin gcúrsa.

Iadsan múinteoirí meánscoile Gaeilge na todhchaí.

In amanna bíonn comparáid le déanamh idir an balbhán agus an meisceoir thuas.

9. Polaiteoir an Chúrsa

Cuimhníonn polaiteoir an chúrsa ar ainm gach foghlaimeora eile, cuireann a chuid jócanna= gáirí ar na héinne sa rang, léiríonn meas soiléir ar an múinteoir, agus seasann
piontaí sa bheár d’idir óg agus aosta.

Cuireann sé aithne ar bhaill an mhórphobail Gaeltachta, agus déanfar oifigeach don phleanáil teanga de roimh dheireadh an chúrsa.


* Séanadh: Is píosa spraoi é an liostalt seo. Tá sármheas ag NÓS agus ag Seaghan Mac an tSionnaigh araon ar éinne a fhreastalaíonn ar chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta nó a bhíonn bainteach leo ar aon tslí.

Níos mó

Cláraigh do nuachtlitir PEIG

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge