Baile
Aoisghrúpaí
> 4 Bliain
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag Tógáil Páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
4 > 12 Bliain
Gaelscoileanna
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
12 > 18 Bliain
Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid nuair atá tú ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
18 > 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ag foghlaim na Gaeilge
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Pobal
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinne
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Sloinne
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
Cúrsaí iarchéime Gaeilge do shaol an lae inniu
Cúrsaí bunchéime spéisiúla le Gaeilge
Folúntais
Físeáin: 'Do Ghairm le Gaeilge'
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Nuacht
  • Baile
  • Náisiúnta
  • Aicmeachas na cathrach is cúis leis an droch-chaoi a gcaitear le pobal na Gaeltachta
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-aicmeachas-na-cathrach-is-cuis-leis-an-droch-chaoi-a-gcaitear-le-pobal-na-gaeltachta

Aicmeachas na cathrach is cúis leis an droch-chaoi a gcaitear le pobal na Gaeltachta

Post sa státseirbhís a chuidigh le mo Mhamó bochtanas Bhaile Phib a fhágáil ina diaidh i dtríochaidí an chéid seo caite. Faoin am ar fágadh ina baintreach í agus seisear clainne uirthi, bhí sí ag maireachtáil i gceantar meánaicmeach taobh theas den Life. Cé nár dhearmad sí a rútaí, ba mhór an t-athrú é in imeacht cúpla glúin agus ní i gcónaí a thuigeamarna, an chéad ghlúin eile, go raibh an t-ádh dearg linn saol na bhfuíoll a bheith againn i mbláth na hóige is na dea-shláinte.

Gaeilge amháin a bhí ag a seanathair roimpi, fear as Conamara, agus cé go raibh togha an Bhéarla aici féin, ba mhinic a chloisinn í ag rá ‘It does be fierce busy there on a Saturday’, leagan atá fós ar bhéala na nÉireannach, buíochas le Dia.

Chuimhnigh mé ar na cúrsaí seo agus scéal bheatha Sheosaimh Uí Chuaig á scagadh agam le déanaí. ‘Where would you find the thickest man in Ireland?’ caint a chuala sé i Maigh Eo lá. ‘Connemara’ an freagra a tugadh. Bhí an chuid eile den bhuíon ar aon fhocal leis an bhfear a dúirt é.

Lucht tuaithe a bhí i gceist a bhain leis an aicme chéanna lena mbaineann sé féin, ach gur Béarla a bhí acu. Anoir as Baile Átha Cliath – agus, roimhe sin, Londain Shasana – an meon seo, dar liom, agus é níos treise fós nuair is ag caint ar lucht labhartha Gaeilge atáthar.

B’amhlaidh an scéal ag an mbaicle fear i Maigh Eo, in ainneoin go dtiocfaidís ar chainteoirí dúchais Gaeilge ina gcrann ginealaigh féin ach dul siar glúin nó dhó.

Rud eile a dtiocfaidís air ná bochtanas. Meabhrú ar an mbochtanas – agus gach a mbaineann leis – is ea an Ghaeilge, ceangal atá fós láidir in intinn na ndaoine, dár ndearg-ainneoin.

Drochmheas a tharraing an bochtanas ar an duine riamh anall. Sa tír seo, ba chomhartha bochtanais tráth a bheith idir dhá theanga, gan ceachtar acu a bheith sealbhaithe agat mar is ceart. Mar sin a bhí an scéal ag, ar a laghad, dhá ghlúin i ndiaidh an Ghorta, rud a d’fhág balbh iad.

Nuair nár leor a bheith ag fáil locht ar a gcuid Gaeilge, tosaíodh ag magadh faoina gcuid Béarla agus faoin gcaoi a rabhadar á shealbhú siúd. Rud ar bith a d’fhéadfadh cosc a chur ar dhul chun cinn an duine sa saol, bhí sé le brú faoi chois, trí mhagadh agus náiriú.

D’fhág an méid sin nach amháin gurbh údar náire dúinn ár gcuid Gaeilge, ach gurbh údar náire dúinn Béarla a bhí faoi anáil na Gaeilge; i bhfocail eile, ár gcuid Béarla féin.

Dream daoine a shantaigh an meánaicmeachas ba chúis leis an dearcadh seo. Aithris ar uaisle a bhíodar a dhéanamh, ainneoin nach raibh mórán d’uaisleacht ag baint leis na huaisle céanna.

An magadh a dhéanadh meánaicme na cathrach is na mbailte móra sa tír seo ar Bhéarla agus ar bhealaí mhuintir na tuaithe, chuaigh sé i bhfeidhm ar mhuintir na tuaithe iad féin, mar is léir ón méid a chuala Seosamh Ó Cuaig.

Arís ar ais, bochtanas agus baol báis a cheanglaíonn na ceisteanna seo lena chéile ó thaobh na staire de.

Cén chaoi a bhfuil an scéal san áit ar thosaigh sé? Bhuel, más Béarla seachas Gaeilge atá ag go leor de thionóntaí bochta Bhaile Átha Cliath inniu, fágann sin gur féidir le tiarnaí talún anaithnide as Meiriceá litreacha bagracha a chur chucu chun a rá leo go bhfuil a n-am beagnach istigh agus gur amuigh ar an tsráid a bheidh siad i gceann cúpla seachtain mura n-íocfaidh siad a gcíos go luath.

Faigheann duine i mBaile Átha Cliath láir a leithéid de litir chuile sheachtain i bPoblacht seo na daonnachta. Feacadh glúine a dhéanann an Rialtas roimh na tiarnaí talún seo, seachas an ruaig a chur orthu agus athshealbhú a dhéanamh ar mhaoin na hÉireann ar son mhuintir na hÉireann.

Ní mar a chéile na deacrachtaí atá ag pobail tuaithe atá ar an iargúil agus atá ag daoine bochta i mBaile Átha Cliath, ach tá de cheangal idir an dá phobal go bhfuil siad faoi mhíbhuntáiste agus go bhfuil an stát beag beann orthu.

Ainneoin gur cuireadh a mhalairt ina leith, is í an fhírinne a bhí ag Seosamh Ó Cuaig agus é ag caint ar dheacrachtaí na tuaithe le deireanas, rud a thuigimse go rímhaith mar Bhaile Átha Cliathach a chaith cúpla bliain in Iorras Aithneach.

Nuair atá deireadh ráite, is i ngleic le meon meánaicmeach cathrach atá pobal na Gaeltachta agus iad ag snámh in aghaidh easa dá bharr.

Mar fhear cathrach meánaicmeach mé féin a deirim an méid sin.

Ar chúiseanna staire a bhaineann le bochtanas agus le cúrsaí teanga, tá drochmheas fós ar phobal na Gaeltachta, mar atá ar phobal na tuaithe trí chéile in Éirinn.

Is é nádúr an duine gan cás a chomhdhuine a thuiscint nó go mbíonn an scéal céanna aige féin. Má tá Seán Kyne ag iarraidh foghlaimeoirí Gaeilge a sheoladh siar go hIorras Aithneach ar feadh ráithe, seoladh sé Leo s’againne ann, agus b’fhéidir ansin go dtiocfadh athrú ar chúrsaí sa taobh sin tíre.

Níos mó

Kevin Hickey

Cláraigh do nuachtlitir PEIG

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge