Baile
Aoisghrúpaí
> 4 Bliain
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag Tógáil Páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
4 > 12 Bliain
Gaelscoileanna
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
12 > 18 Bliain
Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid nuair atá tú ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
18 > 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ag foghlaim na Gaeilge
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Pobal
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinne
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Sloinne
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
Cúrsaí iarchéime Gaeilge do shaol an lae inniu
Cúrsaí bunchéime spéisiúla le Gaeilge
Folúntais
Físeáin: 'Do Ghairm le Gaeilge'
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Nuacht
  • Baile
  • Eile
  • An lá le Lowry agus Craobh Oscailte na Breataine buaite aige i bPort Rois
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-an-la-le-lowry-agus-craobh-oscailte-na-breataine-buaite-aige-i-bport-rois

An lá le Lowry agus Craobh Oscailte na Breataine buaite aige i bPort Rois

Tá Craobh Oscailte na Breataine buaite ag Shane Lowry tar éis d’fhear Uíbh Fhailí an comórtas a reáchtáladh i bPort Rois a bhuachan. Cúig bhuille faoi bhun an phar a bhí Lowry tar éis dó 72 a scóráil tráthnóna.

Chríochnaigh sé sé bhuille chun tosaigh ar an Sasanach Tommy Fleetwood.

Deich mbliana tar éis dó Craobh Oscailte na hÉireann a bhuachan agus é ina imreoir amaitéarach, tá Lowry ag ceiliúradh agus ceann de mhórchomórtais an ghailf buaite aige.

Fad is a bhí na himreoirí eile a bhí ag súil breith ar Lowry ag streachailt sa ghaoth agus sa bháisteach, choinnigh fear na hÉireann an chloigeann.

Níor éirigh le duine ar bith den deichniúr ba ghaire de Lowry maidin De Domhnaigh an cúrsa a imirt faoi bhun an phar, rud a d’fhág go mbeadh an lá le Lowry chomh fada agus nár tharla tubaiste dó. Ceithre bhuille chun tosaigh a bhí Lowry ar maidin agus trí bhuille an bhearna is lú a bhí aige i gcaitheamh an tráthnóna.

Níor chuir fear Uíbh Fhailí tús iontach lena bhabhta. Bhuail sé a chéad iarracht ar an gcéad pholl isteach sa bhféar fada ach d’éirigh leis críochnú le bógaí. Chuir Fleetwood deis mhaith ar éinín amú ar an bpoll céanna agus mar sin ní drochthús ar fad a bhí ann do Lowry.

Shane Lowry lena ghiolla Brian Martin ©INPHO/Oisin Keniry

Bhí dhá phar ag Lowry ar an gcéad dá pholl eile agus bhí cuma na maitheasa air nuair a d’éirigh leis éiníní a fháil ar an gceathrú poll, an cúigiú poll agus arís ar an seachtú bpoll. D’fhág sé sin go raibh an bhearna méadaithe ag Lowry go dtí sé bhuille agus é ar ar cheann na himeartha ag -18.

Ar gcúl a bhí na fir timpeall air ag dul ag an bpointe sin. Thosaigh JB Holmes sé bhuille taobh thiar de Lowry ach bhí bógaí dúbailte aige ar an gcéad pholl agus faoin am gur chríochnaigh sé, bhí 87 buille buailte aige, sé cinn déag os cionn an phar. Bhí drochthús ag Brooks Keopka chomh maith agus ceithre bhógaí aige sa chéad cheithre pholl, rud a d’fhág go raibh sé as an iomaíocht.

Ba é Fleetwood an t-aon fhear a bhí ag coinneáil le Lowry ach ní raibh sé riamh in ann brú ceart a chur air.

Nuair a bhí bógaí ag Lowry ar an ochtú bpoll, bhí ceann ag Fleetwood chomh maith agus níor aimsigh an Sasanach ach dhá éinín i rith an lae uile.

©INPHO/Oisin Keniry

Bhí an bháisteach ag titim agus an ghaoth ag séideadh go láidir agus ní raibh le déanamh ag Lowry ach coinneáil socair as sin go deireadh.

Bhí bógaí aige ar 11 agus arís ar 14, ach nuair a d’éirigh le Lowry éinín a fháil ar an gcúigiú poll déag cuireadh tús leis an gceiliúradh agus é sé bhuille chun tosaigh.

Is é Lowry  an séú Éireannach le ceann de mhórchomórtais an ghailf a bhuachan agus an gaisce sin déanta cheana ag Fred Daly, Pádraig Harrington, Graeme McDowell, Darren Clarke agus Rory McIlroy cinn a bhuachan roimhe seo.

Níos mó

Pádraic Ó Ciardha

Cláraigh do nuachtlitir PEIG

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge