Baile
Aoisghrúpaí
> 4 Bliain
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag Tógáil Páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
4 > 12 Bliain
Gaelscoileanna
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
12 > 18 Bliain
Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid nuair atá tú ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
18 > 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ag foghlaim na Gaeilge
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Pobal
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinne
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Sloinne
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
Cúrsaí iarchéime Gaeilge do shaol an lae inniu
Cúrsaí bunchéime spéisiúla le Gaeilge
Folúntais
Físeáin: 'Do Ghairm le Gaeilge'
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Nuacht
  • Baile
  • Colúin
  • ‘Bhí cosc ar chláir teilifíse Bhéarla, ach rinneadh eisceacht i gcás Apollo 11’ – cuimhní na nGael
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-‘bhi-cosc-ar-chlair-teilifise-bhearla,-ach-rinneadh-eisceacht-i-gcas-apollo-11’-–-cuimhni-na-ngael

‘Bhí cosc ar chláir teilifíse Bhéarla, ach rinneadh eisceacht i gcás Apollo 11’ – cuimhní na nGael

Alan Titley

Údar agus iar-ollamh le Gaeilge i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh

Níl aon chuimhne faoi leith agam ar nóiméad na tuirlingthe mar rud faoi leith. Níorbh ionann é agus dúnmharú JFK, nó 9/11, nó cúl Shéamais Darby. Tharla mé sa bhaile i gCorcaigh ag féachaint air ar an teilifís, agus ardsuim agam ann mar a bheadh, murab ionann agus na Sínigh nárbh eol dóibh gur tharla in aon chor go ceann blianta fada ina dhiaidh sin. Ach níos déanaí an tráthnóna sin bhí brath agam an oíche a chaitheamh i gCionn tSáile le cara liom a raibh cónaí air ann.

Bhí seisean sa chathair liomsa agus fuaireamar síob chomh fada leis an aerfort, ach b’éigean dúinn dul ar an ordóg an chuid eile den tslí. Ar chúis éigin bhí ‘Long and winding road’ na Beatles im chloigeann. Mar is de shiúl ár gcos a ghabhamar formhór na slí. Ráinig, áfach, go raibh an spéir ag dorchú agus gur tháinig an ghealach amach lasnairde. Is ansin a chromamar ag samhlú le hiontas go raibh daoine ansin den chéad uair agus sinne ag féachaint suas orthu siúd mura rabhadar siúd go baileach ag féachaint anuas orainn. Ach bhí rud éigin míorúilteach sa radharc sin ann féin, gealach os ár gcionn a raibh daoine uirthi, agus talamh laistíos a raibh daoine le gealaigh. Bhí an bóthar uaigneach, agus ar feadh tamaill bhig, ní raibh ann ach beirt fhear óg ina n-aonar ag triall ar Chionn tSáile i ngan fhios don tsaol, agus beirt fhear eile ag bailiú deannaigh faoi shúile an domhain. Fós féin, mheasamar nach raibh sa chruinne-cé ach an ceathrar againn.

Seosamh Ó Cuaig

Colúnaí le Tuarisc.ie agus iarChomhairleoir Contae

I dTeach Tábhairne Mhíchíl Uí Mhóráin i gCarna a bhí muid, mé féin, an scríbhneoir Deasún Fennell, a bhean Máire agus Roibeárd Ó hÉalaí a bhí ina Phríomhoide ar Scoil Phobail Mhic Dara ina dhiaidh sin. Bhíomar ar bís ag fanacht go bhfeicfeadh muid an tuirlingt ar an ngealach ar an teilifís ach ba fada an fanacht é. Níor nós leis an Móránach na dlíthe ólacháin a bhriseadh ach d’fhág sé istigh muid go dtarlódh an mhíorúilt mhór. Faoin am ar tharla sin sa deireadh bhí an oiread ólta agam féin gur chuma liom céard  a tharlódh do Neil Armstrong.

Níl a fhios agam an gcuimhním ar an ngadhar a chuir na Sóivéadaigh sa spás i 1957 nó an é an chaoi ar chuala mé neart cainte faoi ina dhiaidh sin. Is cinnte gur thaitnigh an t-ainm a bhí air liom: Laika. Cuimhním go gléineach cinnte ar an spásaire as an Aontas Sóivéadach Yuri Gagarin,  an chéad fhear a chuaigh sa spás. I 1961 a tharla sé sin. Bhí scéal ann go raibh sé ag cur tuairiscí ar ais chuig a chuid máistrí i Moscó agus é ar fithis os cionn na cruinne.  Cheap sé go raibh daoine i chuile áit an-sásta lena thuras. Thug sé suntas go háirid do shlua a bhí tagtha le chéile i mBaile Átha Cliath. Bhí siad ag liúireach le háthas, a dúirt sé, agus ag fógairt ‘come on down’ air.  Níor thuig sé go raibh cluiche tábhachtach peile i bPáirc an Chrócaigh an lá sin agus go raibh foireann Chontae an Dúin ag imirt!

Íte Ní Chionnaith

Léachtóir Sinsearach le Gaeilge, Scoil na Meán DIT

Bhí mé 15 bliain d’aois, agus ag dul isteach sa séú bliain. Is cuimhin liom gur rud ollmhór ar fad a bhí ann go mbeadh duine ag siúl ar an ngealach mar, ar ndóigh, níor tharla a leithéid roimhe sin. Eachtra ollmhór a bhí ann agus ní raibh tuairim ag éinne cén toradh a bheadh air. Bhí daoine buartha nach n-éireodh le Armstrong agus a chomhghleacaithe a mbealach a dhéanamh abhaile fiú dá n-éireodh leo siúl ar an ngealach. Bhí iomaíocht an-ghéar idir Meiriceá agus an Rúis maidir le cén dream ba thúisce a chuirfeadh duine ag siúl ar an ghealach.

Bhí sin ag dul ar aghaidh sa gcúlra agus ag dul siar go 1957, nuair a chuir an Rúis an Sputnik chuig an spás. Bhí dearcthaí éagsúla ann faoi ag an am. Bhí daoine a cheap go raibh sé go hiontach go mbeadh daoine ag siúl ar an ngealach ach bhí daoine eile ag rá gur cur amú airgid a bhí ann. Ba thréimhse réabhlóideach a bhí sna seascaidí agus bhí go leor daoine ina éadan agus iad den tuairim gur caitheadh i bhfad an iomarca airgid air – dhá bhilliúin go leith creidim. Déarfainn go raibh mé féin idir dhá chomhairle faoi. Rud iontach a bhí ann. Bhí sé osréalaíoch. Bhí pláinéad amháin anseo ar a raibh muid ag maireachtáil, an Domhan, agus bhí pláinéad eile amuigh ansin agus ní raibh a fhios againn an raibh daoine ann, an bhféadfadh daoine maireachtáil ann, an raibh saibhreas ann agus bhí caint ann faoi uisce, mianraí agus saibhreas eile a bheith ann. Ar thaobh amháin bhraith mé go raibh rud mór osréalaíoch ag tarlúint nár tharla a leithéid riamh lenár linn ach ag an am céanna déarfainn gur aontaigh mé leis an dream a bhí ag rá gur chosain sé an iomarca airgid ag am nuair a bhí tréan bochtanais agus fadhbanna eacnamaíochta ar fud an domhain.

Seán Ó Mainnín

Grianghrafadóir 

Bhí na spásairí ag tuirlingt ar Mhuir na Sáimhe ar an nGealach den chéad uair agus bhí mise, agus mé 12 bliain d’aois, ag tógáil mo chéad chéimeanna i nGaoth Dobhar, Croithlí agus na Rosa! Ag freastal ar choláiste samhraidh, Coláiste Anagaire i nDún na nGall, a bhí mé agus ba é sin an chéad uair agam a bheith as baile.

Ba é an múinteoir a bhí agam, Seosamh Mac Suibhne, a dúirt liom go raibh cead féachaint ar an gclár teilifíse. Ba é Seosamh mo mhúinteoir scoile i mBunscoil Theach Giúise i mBaile Áth Cliath freisin. As Anagaire dó féin, agus ba é a spreag mé chun dul ar an gcúrsa. Bhí bac orainn féachaint ar an teilifís toisc na cláir a bheith i mBéarla ach rinneadh eisceacht i gcás Apollo 11. An mhaidin ar thóg Armstrong a chéad chéimeanna bhí na scoláirí bailithe isteach i seomra suí Bhiddy Mulligan, an bhean an tí a bhí againne agus gnó búistéireachta aici sa bhaile. Tharla an mhóreachtra i rith na hoíche mar sin is ar thaifead de rud a tharla sé uair an chloig roimhe sin a bhíomar ag féachaint.  Ba dheacair dom na spásairí a dhéanamh amach ar an teilifís. Ní raibh ach craoladh dubh agus bán ar an teilifís an tráth sin. Thug mé faoi deara an spásárthach, modúl na gealaí nó an lunar module, agus a chosa, chonaic mé dréimire agus chonaic mé cruth duine, Neil Armstrong, ag teacht anuas na céimeanna. Ansin chuala mé bualadh bos. Bhí duine ag siúl ar an ngealach.

Bhí an teilifís lán de ló is d’oíche le tráchtaireacht faoin misean roimh an tuirlingt. Bhí na nuachtáin lán le scéalta faoi. Agus ansin tharla sé. Bhí iontas orainn ach ní raibh aon cheiliúradh ar nós mar a bheadh nuair a bhuaigh tú cluiche spórt. Is cuimhin liom a bheith fíorscanraithe seacht mbliana roimhe nuair a chuaigh mo thuismitheoirí amach sa ghairdín chun breathnú ar Sputnik. Bhí iontas níos mó orm faoi thorann na dtrí héileacaptar san aer a bhí ag iompar an Uachtaráin John F Kennedy go Baile Átha Cliath. Tuigim tábhacht na heachtra ó thaobh na staire anois agus is cúis bhróid dom go bhfuil cuimhní agam faoin lá ar tharla sé.

Éamon Ó Cuív

Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil

Bhí mé ar champa leis an FCA (Fórsa Cosanta Áitiúil) thíos i bPort Láirge. Is cuimhin liom go raibh an-chaint faoi. Ní raibh a fhios ag éinne go dtiocfaidís slán. Bhí go leor éiginnteachta ag baint leis an rud ar fad ó thús go deireadh. Ba rud fíorspéisiúil é go n-éireodh le duine dul ar an ngealach agus siúl ar an ngealach. Bhí mé tar éis an chéad bhliain eolaíochta a dhéanamh san ollscoil ag staidéar Matamaitice, Fisice agus Ceimice. Mar sin bhí an-spéis agam san teicneolaíocht nua seo. Bhí mé ríméadach faoi. Éacht a bhí ann. Bhí go leor fadhbanna acu más buan mo chuimhne agus amhras caite an éireodh leo ach d’éirigh.

Ní fhéadfá comparáid a dhéanamh le haon rud a tharla ó shin ná roimhe. B’fhéidir gur tharla rudaí a mbeadh tionchar níos mó acu ar an gcine daonna ach ní raibh aon rud chomh follasach sin. Bhí sé ar an teilifís. B’odaisé é, agus ba é an chéad uair a raibh tú in ann daoine a fheiceáil ag dul chuig áit úr uilig. I ndiaidh an turais, tugadh píosa cloiche ón ngealach do cheannairí na tíre. Taispeánadh dúinn é agus muid ar cuairt in Áras an Uachtaráin, tráth a raibh mo sheanathair ina uachtarán. Ba dheas an rud é a fheiceáil! Chaithfeá smaoineamh gur tháinig sé i bhfad i bhfad i bhfad ar shiúl.

Níos mó

Méabh Ní Thuathaláin

Cláraigh do nuachtlitir PEIG

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge