Baile
Aoisghrúpaí
> 4 Bliain
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag Tógáil Páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
4 > 12 Bliain
Gaelscoileanna
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
12 > 18 Bliain
Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid nuair atá tú ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
18 > 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ag foghlaim na Gaeilge
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Pobal
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinne
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Sloinne
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
Cúrsaí iarchéime Gaeilge do shaol an lae inniu
Cúrsaí bunchéime spéisiúla le Gaeilge
Folúntais
Físeáin: 'Do Ghairm le Gaeilge'
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Nuacht
  • Baile
  • Náisiúnta
  • Cé hiad an 50 cainteoir líofa Gaeilge a toghadh i dtoghcháin áitiúla 2019?
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-ce-hiad-an-50-cainteoir-liofa-gaeilge-a-toghadh-i-dtoghchain-aitiula-2019?

Cé hiad an 50 cainteoir líofa Gaeilge a toghadh i dtoghcháin áitiúla 2019?

Bhí os cionn 50 cainteoir líofa Gaeilge i measc an 949 comhairleoir contae agus cathrach a toghadh i dtoghcháin áitiúla 2019, de réir taighde atá déanta ag Tuairisc.ie i measc na bpáirtithe go léir.

Is ionann sin agus thart ar 5% de na comhairleoirí ar fad a toghadh sna toghcháin áitiúla mí na Bealtaine.

Tá liosta na gcomhairleoirí a deir go bhfuil Gaeilge líofa acu foilsithe anseo. Is ionann cainteoir líofa Gaeilge sa taighde seo agus aon chomhairleoir ar tugadh le fios fúthu go raibh dóthain líofachta sa teanga acu chun agallamh a dhéanamh leis na meáin chraolta Ghaeilge amhail Raidió na Gaeltachta agus Nuacht TG4.

De réir an taighde nua ag Fianna Fáil is mó atá cainteoirí líofa Gaeilge sna húdaráis áitiúla agus 27 comhairleoir acu a deir go bhfuil dóthain Gaeilge acu chun agallamh beo a dhéanamh leis na meáin chraolta Ghaeilge. Is ionann sin agus nach mór 10% den 279 iarrthóir de chuid Fhianna Fáil a toghadh mí na Bealtaine.

De réir an taighde a rinneadh i measc na bpáirtithe go léir, bhí naonúr cainteoirí líofa Gaeilge i measc an 255 iarrthóir de chuid Fhine Gael a toghadh.

Tháinig laghdú mór ar sciar Shinn Féin den vóta agus 81 suíochán atá anois acu le hais 159 in 2014, ach tá naonúr comhairleoirí acu a deir gur cainteoirí líofa iad. Is ionann é sin agus 11% de na hiarrthóirí de chuid Shinn Féin a toghadh in 2019.

Ag Comhaontas Glas, a rinne dul chun cinn mór i dtoghcháin na bliana seo, atá an céatadán is airde de chomhairleoirí a deir go bhfuil dóthain Gaeilge acu chun agallamh a dhéanamh leis na meáin chraolta Ghaeilge. Seisear, nó 12%, den 49 comhairleoir ag Comhaontas Glas a deir amhlaidh.

Gaeilgeoir amháin atá i measc an deichniúr comhairleoirí de chuid Phobal Roimh Bhrabús a toghadh. Is í sin Hazel de Nortúin agus tá sí ar dhuine den chúigear iardhaltaí ó Choláiste Chillian i gCluain Dolcáin a toghadh ina gcomhairleoirí.

Comhairleoir amháin le Gaeilge atá i measc an naonúr déag comhairleoir a toghadh do na Daonlathaigh Shóisialta agus tá Gaeilge ag triúr den 57 comhairleoir a toghadh do pháirtí an Lucht Oibre. Sin le rá go bhfuil Gaeilge ag 5% de na comhairleoirí a toghadh don dá pháirtí.

Cé nár éirigh le Tuairisc.ie a dheimhniú cé mhéad cainteoir líofa Gaeilge atá i measc an 198 comhairleoir neamhspleách a toghadh ar na húdaráis áitiúla mí Bealtaine, tá Eoin Ó Broin (Cluain Dolcáin, Comhairle Contae Átha Cliath Theas), Tomás Ó Curraoin, (Conamara Theas, Comhairle Chontae na Gaillimhe) Micheál Choilm Mac Giolla Easbuig (Na Gleannta, Comhairle Contae Dhún na nGall); Mick Gleeson (Cill Airne, Ciarraí Theas, Comhairle Contae Chiarraí) Joe Conway (Trá Mhór, Comhairle Cathrach agus Comhairle Contae Phort Láirge) i measc na nGaeilgeoirí is aitheanta acu.

Níos mó

Méabh Ní Thuathaláin

Cláraigh do nuachtlitir PEIG

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge