Cuirfear ceist nua faoi líofacht na Gaeilge sa chéad daonáireamh eile.
Ghlac an Rialtas inniu le hocht gceist nua a chuirfear sa chéad daonáireamh eile, a bheidh á reáchtáil ar an 18 Aibreáin 2021, ceist nua faoin nGaeilge ina measc.
An bhliain seo caite, cuireadh trí cheist nua faoin nGaeilge ar 15,000 teaghlach mar chuid de Shuirbhé Píolótach Daonáirimh a reáchtáil an Phríomh-Oifig Staidrimh.
Shocraigh an CSO dul ar aghaidh le ceann de na ceisteanna sin, ceist a bhaineann le líofacht na teanga.
Cuireadh an fhoirm shamplach daonáirimh faoi bhráid 15,000 teaghlach i seacht gcontae agus rinneadh anailís ar na freagraí a fuarthas ó bhreis is 10,000 teaghlach.
I measc na gceisteanna a cuireadh, bhí trí cheist nua faoin nGaeilge, an cheist a bhfuil glactha anois léi agus dhá cheist eile a bhain le labhairt na Gaeilge ag baile.
Sa daonáireamh mar atá, cuirtear ceist ar dhaoine an bhfuil Gaeilge acu agus cuirtear ceist eile faoi cé chomh minic is a labhraíonn siad í.
Sa chéad daonáireamh eile beidh focheist eile ann faoi labhairt na Gaeilge – “cé chomh maith is a labhraíonn tú í?”. Beidh trí rogha ag duine mar fhreagra ar an gceist sin ‘an-mhaith’, ‘go maith’ nó ‘ar éigean’.
Tá an CSO ag súil go gcuideoidh an cheist seo le tuiscint níos fearr a fháil “ar úsáid na teanga agus líofacht na teanga i measc an daonra”.
Bhain na ceisteanna nua eile faoin nGaeilge nár glacadh leo le labhairt na teanga ag baile.
Ba í Ceist 13 sa suirbhé píolótach ná ‘An Líon Tí: An í an Ghaeilge príomhtheanga labhartha an teaghlaigh/líon tí?’.
Is féidir a fháil amach ón daonáireamh cén líon teaghlach ina bhfuil an Pholainnis agus teangacha eachtrannacha eile á n-úsáid, ach ní chuirtear a leithéid de cheist faoin nGaeilge.
Ba í Ceist 15 ná ‘Ar éirigh tú aníos i líon tí inarbh í an Ghaeilge an phríomhtheanga labhartha?’.
I measc na n-ábhar eile a mbeidh ceisteanna nua fúthu sa chéad daonáireamh eile beidh cúram leanaí, caitheamh tobac, obair dheonach, cúrsaí idirlín agus fuinneamh inathnuaite.
Beidh ‘taisceadán todhchaí’ mar chuid den chéad daonáireamh eile. Beidh cead ag daoine teachtaireacht rúnda a scríobh anseo agus cuirfear ar chaoi shábháilte í go ceann 100 bliain.
Drochscéal amach is amach don Ghaeilge a bhí i nDaonáireamh 2016. Idir 2011-2016 tháinig laghdú suntasach ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais sa Ghaeltacht,.
Le linn na tréimhse sin, thit líon na gcainteoirí laethúla sa Ghaeltacht ó 23,175 go dtí 20,586, laghdú 2,589 duine.
Laghdú 11% a bhí i gceist i gceantair Ghaeltachta idir 2011-2016. Fágann an méid sin go raibh an titim ar líon na gcainteoirí laethúla lasmuigh den chóras oideachais i bhfad níos mó sa Ghaeltacht ná mar a bhí sa chuid eile den Stát. Laghdú 1% a bhí i gceist lasmuigh den Ghaeltacht, mar ar thit líon na gcainteoirí laethúla ó 54,010 in 2011 go dtí 53,217 duine in 2016, glanlaghdú de 793 duine.
Bhí laghdú i gceist i ngach ceantar Gaeltachta, ach amháin Port Láirge.
Ba i Maigh Eo (-23.6%), Ciarraí (-18%) agus Dún na nGall (-15.8%) a bhí an laghdú is mó i gceist.