Baile
Aoisghrúpaí
> 4 Bliain
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag Tógáil Páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
4 > 12 Bliain
Gaelscoileanna
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
12 > 18 Bliain
Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid nuair atá tú ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
18 > 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ag foghlaim na Gaeilge
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Pobal
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinne
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Sloinne
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
Cúrsaí iarchéime Gaeilge do shaol an lae inniu
Cúrsaí bunchéime spéisiúla le Gaeilge
Folúntais
Físeáin: 'Do Ghairm le Gaeilge'
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Nuacht

Cén fáth nach mbunaíonn tú craobh de chuid Chonradh na Gaeilge?

Céard is craobh ann?

Is éard atá i gceist le craobh Chonradh na Gaeilge ná grúpa daoine atá tiomanta do chur chun cinn na Gaeilge. Tá sé chomh simplí leis sin. Glacann craobh ballraíocht le Conradh na Gaeilge gach bliain agus is í príomhaidhm na gcraobhacha ná an Ghaeilge a chur chun cinn sa cheantar ina bhfuil siad. Caithfear go mbeidh duine amháin ar a laghad sa chraobh in ann an Ghaeilge a labhairt. D’fhéadfadh iliomad rudaí a bheith idir lámha ag do chraobh: ciorcal comhrá a eagrú, freastal ar imeachtaí pobail thar ceann Chonradh na Gaeilge, an Ghaeilge a spreagadh sa bhaile áitiúil nó roinnt mhaith rudaí eile.

Cén fáth gur chóir dom craobh a bhunú?

Is iad craobhacha Chonradh na Gaeilge bunchloch na heagraíochta. Déanann siad clár oibre an Chonartha a mhúnlú agus bíonn siad ag plé go príomha le cur chun cinn na Gaeilge i measc an phobail.

Má tá paisean agat don Gaeilge nó suim agat i gcúrsaí a bhaineann leis an teanga i do cheantar agus timpeall an domhain, b’fhiú duit machnamh a dhéanamh faoi bhallraíocht a ghlacadh i gcraobh de chuid Chonradh na Gaeilge nó do chraobh fhéin a bhunú. Beidh ionchur agatsa i múnlú chlár oibre eagraíochta Ghaeilge is mó cáile agus is féidir leat difear suntasach a dhéanamh mar bhall gníomhach den eagraíocht Ghaeilge is sine ar domhan.

Cén cineál grúpa atá baillí le stádas craoibhe a bhaint amach?

D’fhéadfadh grúpa de shaghas ar bith a bheith ina chraobh. Ní gá ach go mbeidh grúpa ann de bheirt nó níos mó a bhfuil suim acu i gcur chun cinn na Gaeilge. Seo thíos liosta de na cineálacha grúpaí a bhfuil stádas craoibhe acu faoi láthair:

  • Coistí tuismitheoirí
  • Coistí múinteoirí
  • Cumainn chultúrta/Ghaelacha
  • Cumainn ollscoile
  • Grúpaí pobail
  • Ciorcail chomhrá
  • Maidineacha caife
  • Clubanna leabhair
  • Grúpaí cairde a bhfuil suim acu sa Ghaeilge
  • Grúpaí sainspéise – clubanna rothaíochta nó clubanna siúil cuir i gcás
  • Aon saghas grúpa a bhfuil suim aige i gcur chun cinn na Gaeilge

Is féidir ainm na craoibhe a roghnú duit féin. Tá Craobh na nAingeal lonnaithe in Los Angeles faoi láthair cuir i gcás. Ní gá do do chraobh a bheith rannpháirteach i gcónaí in obair reatha Chonradh na Gaeilge. Ach sin ráite más spéis leat nó le do chraobh páirt ghníomhach a ghlacadh san eagraíocht beidh fáilte agus fiche romhat. Cuirfidh foireann Chonradh na Gaeilge tacaíocht agus comhairle ar fáil chun do chuid oibre a chur chun cinn agus a éascú.

Céard é an buntáiste do chraobhacha? Céard é go díreach a fhaigheann siad?

Tá roinnt mhaith buntáistí ag baint le bheith i do bhall de chraobh de chuid Chonradh na Gaeilge. Seo thíos cúpla ceann acu:

  • Vóta ag an Ard Fheis Chonradh na Gaeilge a bhíonn ar siúl uair sa bhliain. Tríd seo is féidir a bheith rannpháirteach i múnlú chlár oibre na heagraíochta don chéad bhliain eile
  • Cuirí go himeachtaí éagsúla de chuid Chonradh na Gaeilge – SEASAn Tionól GaeltachtaArd-Fheis Chonradh na Gaeilge, Léacht Uí Ghadhra, rogha imeachtaí de chuid Sheachtain na Gaeilge agus roinnt imeachtaí sainspéise eile
  • Ráta speisialta do ranganna Gaeilge i nGaillimh agus i mBaile Átha Cliath
  • Deis a bheith rannpháirteach sna feachtais reatha a mbíonn páirt ag Conradh na Gaeilge iontu – Acht Gaeilge ó ThuaidhRaidió Rí-Rá ar FM#Gaelvóta agus rogha feachtas eile
  • Fáil ar chistí tacaíochta – Ciste Sheachtain na Gaeilge le Energia, An Scéim Timireactha agus eile
  • Rochtain ar sheomraí cruinnithe agus spásanna oibre Chonradh na Gaeilge i nGaillimh agus i mBaile Átha Cliath
  • Cuairteanna tacaíochta ó fhoireann Chonradh na Gaeilge
  • Teacht ar acmhainní tacaíochta – seastáin, postaéir, trealamh agus acmhainní éagsúla eile
  • Deis eolas faoi do chuid oibre a scaipeadh i nuachtlitreacha tréimhsiúla an Chonartha

Conas gur féidir liom craobh a bhunú? Céard é an próiséas?

Déan an fhoirm do Chraobh Nua 2019/20 a chomhlíonadh agus a sheoladh chuig Ard-Oifig Chonradh na Gaeilge ar 6 Sráid Fhearcair, Baile Átha Cliath 2. Is féidir an fhoirm a líonadh ar líne agus í a sheoladh chuig Ciaran@cnag.ie ina ionad sin más maith leat. Caithfidh an fhoirm seo dul faoi bhráid Choiste Gnó an Chonartha roimh go mbeidh an Chraobh deimhnithe agus ballraíocht le Conradh na Gaeilge bailí. Tuilleadh mionsonraí ar fáil anseo.

De ghnáth is é €50 an costas ballraíochta bliaintiúil do chraobh ach ní iarrtar an táille sin sa chéad bhliain.

Má tá aon cheist agat faoi conas craobh a bhunú nó faoi chúrsaí ballraíochta is féidir teagmháil a dhéanamh le Ciaran@cnag.ie

Cláraigh do nuachtlitir PEIG

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge