Baile
Aoisghrúpaí
> 4 Bliain
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag Tógáil Páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
4 > 12 Bliain
Gaelscoileanna
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
12 > 18 Bliain
Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid nuair atá tú ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
18 > 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ag foghlaim na Gaeilge
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Pobal
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinne
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Sloinne
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
Cúrsaí iarchéime Gaeilge do shaol an lae inniu
Cúrsaí bunchéime spéisiúla le Gaeilge
Folúntais
Físeáin: 'Do Ghairm le Gaeilge'
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Nuacht
  • Baile
  • Spórt
  • Drochíde ag cluichí CLG: cuirtear deireadh léi
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-drochide-ag-cluichi-clg:-cuirtear-deireadh-lei

Drochíde ag cluichí CLG: cuirtear deireadh léi

I measc na gcluichí a chonaic mé le déanaí bhí an cluiche idir Ros Comáin agus Tír Eoghain sa chéad bhabhta den sár-ochtar.

Tráthnóna álainn samhraidh a bhí ann, agus
bhí slua mór millteach cruinnithe i bPáirc de hÍde.

Thosaigh Ros Comáin go maith, ach de réir
a chéile, shlog Tír Eoghain iad agus bhí an lucht tacaíochta áitiúil díomách go
maith agus iad ag dul abhaile.

Ní raibh mise ach i gcúinne beag amháin,
áfach, agus mar sin, ní féidir liom a rá go cinnte go raibh an méid a chuala mé
forleathan, ach bhí fear amháin le mo thaobh a thug an oiread sin íde don
réiteoir, don dá fhoireann agus do lucht tacaíochta Thír Eoghain go raibh mé
náirithe ar fhaitíos go gceapfadh aon duine go raibh mé ina chomhluadar.

Ag tráth amháin sheas sé suas, bhuail sé
cic ar a chathaoir, rith sé siar go dtí an balla agus bhuail sé snaidhm air, le
teann cantail nuair a chlis ar chic a rinne fear óg as Ros Comáin ar an bpáirc.

Níos measa ná sin, sa dara leath, nuair a
thosaigh Tír Eoghain ag fáil ceannasaíocht iomlán ar an gcluiche thosaigh sé ag
sciolladh os ard sa gcaoi agus go gcloisfí é ag maíomh go raibh údar ag an
gcuid eile den tír gráin a bheith acu ar an gcontae sin, agus gur ailse ar an
bpeil agus ar na Gaeil a bhí iontu.

Agus níor cheap sé go raibh tada as áit
ráite aige.

Thriail mé sa gcéad leath beagán de shárú
a dhéanamh air, ach thuig mé scioptha go maith nach bhféadfaí aon réasún a
bhaint as an bhfear.

Ba bhreá liom a rá gur annamh a tharlaíonn
na rudaí seo, ach go tráthúil, an tráthnóna céanna, fuair mé teachtaireacht ó
chara a bhí i bPáirc an Chrócaigh, agus a bhí tar éis racht feirge a fháil ó
chúpla duine as Baile Átha Cliath ar Chnoc 16 mar gur thug sé bualadh bos do
Chorcaigh.

Mar a tharlaíonn sé, níorbh as ceachtar
den dá chontae é, ach go raibh sé ann le taitneamh a bhaint as an bpeil.

As Ard Mhacha é, cloiseadh a chanúint,
agus dúradh leis filleadh ar Thír Eoghain.

Is dóigh gurbh é sin an masla ba mhó – ag
cur i leith fear as Ard Mhacha gurb as Tír Eoghain é!

Tháinig an cineál seicteachas aisteach
Gaelach seo amach arís, agus ‘lucht tacaíochta’ na nGael ag rá le daoine as an
Tuaisceart filleadh ar a n-áit féin.

Le blianta, ó thosaigh mé ag dul chuig
cluichí, tá daoine cloiste agam ag maslú daoine eile ag cluichí Gaelacha de
bharr gurb as an Tuaisceart iad.

Déantar cinnte de go bhfuil a fhios acu go
bhfuil siad ‘difriúil’ ón gcuid eile againn, rud a théann glan in aghaidh
éiteas CLG.

Tá sé deacair ar dhuine ar bith dul amach
agus imirt dá gcontae, agus deacair ar lucht tacaíochta an tír a thaisteal ag
tacú leo.

Tá sé níos deacra fós ar go leor daoine ó
thuaidh sin a dhéanamh mar gheall ar an tsochaí ina bhfuileadar ag maireachtáil.

Ní thuigim cá bhfuil an cineál seo
ciníochais ag teacht as, agus faraor, is ag treisiú atá sé. 

Níos mó

Cláraigh do nuachtlitir PEIG

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge