Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-google-translate-in-ann-grianghraif-de-theacs-i-ngaeilge-a-aistriu

Google Translate in ann grianghraif de théacs i nGaeilge a aistriú

| NÓS Suíomh Gréasáin |

Beifear in ann ceamara fóin a úsáid le téacs i nGaeilge a aistriú go breis agus 80 teanga eile a bhuí leis an uasdátú is deireanaí a rinneadh ar an aip Google Translate inniu. 

De réir tuairisce ar an suíomh Silicon Republic ar maidin, tá an Ghaeilge i measc 89 teanga a n-oibríonn ‘aistriúchán beo’ dóibh ar Google Translate,  an tseirbhís uathaistriúcháin is mó ar domhan. Ní hamháin sin, ach beidh Google Translate in ann teanga a aithint fiú nuair nach bhfuil an t-úsáideoir cinnte cé acu teanga  atá os a chomhair.  

Cuireadh an tseirbhís cheamara le Google Translate tamall de bhlianta ó shin, a chabhraíonn le turasóirí ciall a bhaint as comharthaíocht agus biachláir agus iad thar lear. Bhí an tseirbhís ar fáil do dhá scór teangacha go dtí seo, ach d’fhógair Google inniu go bhfuil 89 teanga ar fáil anois,  agus gur féidir na teangacha sin a aistriú go breis agus 100 teanga eile.

Is féidir comharthaí móra ar thaobh an bhóthair, téacs clóbhuailte ar bhiachláir agus a leithéid, agus fiú nótaí lámhscríofa a aistriú leis an tseirbhís cheamara a chuireann Google Translate ar fáil. 

Níl le déanamh ag an úsáideoir ach an aip a oscailt, an deilbhín ceamara a chliceáil, ‘Scanáil’ a chliceáil, grianghraf den téacs a thógáil, agus an abairt nó an sliocht cuí a roghnú leis an méar. Is féidir freisin grianghraf a tógadh roimh ré a uaslódáil chuig an aip agus a aistriú. 

Tugtar rabhadh ar shuíomh Google Translate, áfach, go mb’fhéidir go mbeadh an t-aistriúchán a dhéantar ar théacs atá an-bheag, i gclófhoireann aisteach, nó i ngrianghraf doiléir ábhairín míchruinn.  

Is féidir teangacha a íoslódáil chuig an bhfón freisin, agus cé go maíonn Google go mbíonn na haistriúcháin a dhéantar agus an fón nasctha leis an Idirlíon níos fearr beidh an ghné sin den uasdátú ina bhuntáiste mór ag turasóirí a bhíonn ag taisteal go tíortha taobh amuigh den Aontas Eorpach, mar a mbíonn costais arda ar úsáid Idirlín. 

Seoladh Google Translate in 2006, agus ní raibh ann ach inneall aistriúcháin a chuirfeadh Béarla ar an Araibis nó Araibis ar an mBéarla. Cuireadh an Rúisis agus an tSínis leis  an dá theanga sin go gairid i ndiaidh a sheolta. Anois tá os cionn 100 teanga ar fáil air, mionteangacha agus teangacha cumtha ina measc. Cuireadh an Ghaeilge leis an liosta in 2008.  

Deich mbliana ó shin, is beag caint a bhí ann ar fhóin chliste nó ar aipeanna agus ní raibh teacht ar an inneall ach amháin ar an suíomh translate.google.com. Sa lá atá inniu ann, is féidir an tseirbhís a úsáid ar fhóin, ar ríomhairí deisce, tríd an aip, le Google Lens agus breiseán brabhsálaí, i measc bealaí eile.

Níos mó