Tá an tionchaire ar líne agus craoltóir Éadaoin ‘BandEadd’ Nic Mhuiris míshásta le daoine a deir nach bhfuil a cuid Gaeilge maith a dóthain le bheith á cloisteáil ar an raidió.
Nuair a d’fhógair sí go raibh sí ag tosú amach mar léirmheastóir ceoil ar Splanc, clár Gaeilge a chraoltar ar Newstalk , a dúirt Nic Mhuiris lena leantóirí ar Instagram gur minic a bhíonn daoine ag caitheamh anuas ar a cuid Gaeilge “mar nach bhfuil Gaeilge na Gaeltachta” aici.
Thagair sí do thrácht ar leith inar cáineadh a cuid Gaeilge, an tuin chainte ina labhraíonn sí Gaeilge agus a cuid foghraíochta.
Dúradh sa trácht sin, a fágadh faoi fhíseán ar a cainéal Youtube, nach raibh labhairt na Gaeilge dáiríre aici agus gur chóir di bunchúrsa Gaeilge a dhéanamh.
Dúirt Nic Mhuiris, a chuireann a cuid scéalta ar Instagram i láthair i nGaeilge gach Céadaoin, go mbíonn daoine nach labhraíonn Gaeilge ag déanamh iontais faoin ‘éilíteachas’ i saol na Gaeilge.
Mhaígh sí go mbíonn an dearcadh éilíteach seo coitianta go maith i measc cainteoirí Gaeilge, dar léi.
Dúirt sí gur “buille trom dá muinín” é an cáineadh a dhéantar ar líne ar a cuid Gaeilge agus go gcuireann a leithéid “fearg” uirthi agus go mbíonn “imní” uirthi Gaeilge a labhairt dá bharr.
Dúirt sí freisin go gceapann sí go mbíonn “beag is fiú” á dhéanamh ag daoine den Ghaeilge a d’fhoghlaim sí ar scoil lán-Ghaeilge.
“It’s so frustrating,” a dúirt sí san fhíseán. “I’m not from the Gaeltacht so I’m not going to pretend that I have Conamara Irish or Donegal Irish. I’m gonna speak Irish the way I learnt it and the way that’s natural for me.”
Ag labhairt di le Tuairisc.ie, mhaígh Fitzmaurice, a d’fhreastail ar Ghaelcholáiste na Mara san Inbhear Mór i gcontae Chill Mhantáin, gur minic a cháintear a cuid Gaeilge.
“Bíonn daoine i gcónaí ag tabhairt amach faoi mo chuid Gaeilge mar is Gaeilge ó Bhaile Átha Cliath atá agam, níl canúint Ghaeltachta agam agus cloisim daoine ag rá ‘is fuath liom an Ghaeilge sin’,” arsa Nic Mhuiris, ar comhordaitheoir meán sóisialta í ar an suíomh LovinDublin.com.
Thagair an tionchaire ar líne d’eachtra amháin a tharla i dteach tábhairne san ardchathair le déanaí nuair a thosaigh fear, a casadh uirthi den chéad uair an oíche sin, ag caitheamh anuas ar a cuid Gaeilge.
“D’aithin sé mé ón gclár WAC, a craoladh ar TG4 roinnt blianta ó shin. Dúirt an fear nár thaitin mo chuid Gaeilge leis agus gur fearr i bhfad leis Gaeilge Dhún na nGall, an Ghaeilge a bhí ag mo chara agus an comhláithreoir, Caoimhe Ní Chathail,” ar sí.
Mhaígh Fitzmaurice go léiríonn dearcadh dá leithéid easpa measa ar an Ghaeilge a d’fhoghlaim sí.
“D’fhoghlaim mé mo chuid Gaeilge i nGaelcholáiste agus bhí múinteoir agam as an Daingean agus múinteoir eile as Dún na nGall. Is manglam í an Ghaeilge a labhraím. Uaireanta cuirim urú san áit a mbíonn séimhiú agus a mhalairt. Is cuma liomsa mar gur sin an cineál Gaeilge a d’fhoghlaim mé. Níl canúint amháin agam ach réimse leathan agus sílim go bhfuil sí go hálainn.”
Dúirt an tionchaire ar líne go mbíonn “brú” ar dhaoine a labhraíonn Gaeilge canúint Ghaeltachta a bheith acu agus cuairt a thabhairt ar an Ghaeltacht.
“Luaigh mé san fhíseán go bhfuil saghas éilíteachas le brath i measc cainteoirí Gaeilge. Cén fáth nach gcloistear Gaeilge Bhaile Átha Cliath ar na meáin nó ar an teilifís, mar shampla? Daoine ón Ghaeltacht a bhíonn ann i gcónaí agus tá sé deacair domsa iad a thuiscint. Ní shin an cineál Gaeilge atá agam,” a dúirt Fitzmaurice.