Baile
Aoisghrúpaí
> 4 Bliain
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag Tógáil Páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
4 > 12 Bliain
Gaelscoileanna
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
12 > 18 Bliain
Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid nuair atá tú ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
18 > 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ag foghlaim na Gaeilge
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Pobal
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinne
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Sloinne
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
Cúrsaí iarchéime Gaeilge do shaol an lae inniu
Cúrsaí bunchéime spéisiúla le Gaeilge
Folúntais
Físeáin: 'Do Ghairm le Gaeilge'
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Nuacht
  • Baile
  • Spórt
  • Imreoirí cispheile á lorg d’fhoireann nua lánGhaeilge i mBaile Átha Cliath
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-imreoiri-cispheile-a-lorg-d’fhoireann-nua-langhaeilge-i-mbaile-atha-cliath

Imreoirí cispheile á lorg d’fhoireann nua lánGhaeilge i mBaile Átha Cliath

Tá imreoirí cispheile á lorg ag foireann nua a bhíonn ag feidhmiú i nGaeilge i mBaile Átha Cliath. Bunaíodh ‘Lasair na nGael’ an bhliain seo caite agus tá bunaitheoir na foirne anois ar thóir imreoirí eile le cur léi. 

Iar-imreoirí le foireann chispheile Choláiste Eoin, i ndeisceart na hardchathrach, a bhunaigh an  fhoireann nua lánGhaeilge, agus cúnamh acu ó imreoirí eile i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath. 

Cuireadh an fhoireann isteach i sraith chispheile Bhaile Átha Cliath an séasúr seo caite (2018/2019) agus d’éirigh go réasúnta maith léi. 

“Níl mé cinnte cá háit go díreach sa tsraith a chríochnaíomar ach bhuamar níos mó cluichí ná mar a chailleamar. D’éirigh ceart go leor linn anuraidh agus tá súil againn go n-éireoidh go maith linn an chéad bhliain eile. Nuair a bunaíodh an cumann peile lánGhaeilge, Na Gaeil Óga, níor éirigh go rómhaith leo ar chor ar bith ar dtús, ach tá ag éirí go hiontach leo anois,” a dúirt Shane Ó Gruagáin, Oifigeach Caidrimh Phoiblí Lasair na nGael le NÓS. 

Bíonn Lasair na nGael ag traenáil i Halla Choláiste Eoin agus imrítear cluiche uair sa tseachtain nuair a bhíonn an tsraith ar siúl. Bhí siad i Roinn 6 de shraith Bhaile Átha Cliath. 

Dúirt Shane gur cláraíodh 15 ball imeartha anuraidh, ach go raibh sé deacair gach duine a fháil i gcomhair cluichí gach seachtain. 

“Tá deichniúr eile tar éis geallúint dúinn anois go n-imreoidh siad linn. Bhí 15 cláraithe an bhliain seo caite, ach ní bhíodh ach thart ar sheisear ag teacht chuig na himeachtaí — idir thraenáil agus chluichí. Tá sé an-deacair cluiche a bhuachan mura mbíonn ach seisear ann. Dá mbeadh 20 duine againn bheadh seans níos fearr againn agus b’fhéidir go mbeadh an dara foireann ann amach anseo.  

Faoi láthair, is fir amháin atá ag imirt le Lasair na nGael. Thug Shane le fios nach raibh mórán spéise léirithe ag mná ann go dtí seo, ach go mbeadh fáilte roimh aon bhean teacht ag traenáil leis an bhfoireann cé nach bhfuil foireann na mban ann go fóill. Táthar ag súil go mbeifear in ann iarscoláirí de chuid Choláiste Íosagáin a mhealladh. 

Is í an Gaeilge príomhtheanga na foirne agus shíl bunaitheoirí Lasair na nGael go mbeadh an “teanga rúnda” ina buntáiste acu ar an gcúirt imeartha. 

“Shíleamar go mbeadh an lámh in uachtar againn ar na foirne eile sa tsraith mar gheall ar an eanga a labhraíomar. Ach is ar éigean a bhí Béarla á labhairt ag éinne  sa tsraith! Bhí  an chuid is mó de na foireann eile lán eachtrannach, agus iad ag spalpadh gach cineál teanga, idir Liotuáinis, Fhraincis agus Rúisis,” a mhínigh Shane. 

Níos mó

Cláraigh do nuachtlitir PEIG

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge