Baile
Aoisghrúpaí
> 4 Bliain
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag Tógáil Páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
4 > 12 Bliain
Gaelscoileanna
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
12 > 18 Bliain
Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid nuair atá tú ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
18 > 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ag foghlaim na Gaeilge
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Pobal
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinne
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Sloinne
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
Cúrsaí iarchéime Gaeilge do shaol an lae inniu
Cúrsaí bunchéime spéisiúla le Gaeilge
Folúntais
Físeáin: 'Do Ghairm le Gaeilge'
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Nuacht
  • Baile
  • Náisiúnta
  • Is mó an obair thí a bhíonn le déanamh ag bean a bhfuil fear sa teach aici – taighde nua
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-is-mo-an-obair-thi-a-bhionn-le-deanamh-ag-bean-a-bhfuil-fear-sa-teach-aici-–-taighde-nua

Is mó an obair thí a bhíonn le déanamh ag bean a bhfuil fear sa teach aici – taighde nua

Bean a bhfuil páirtí aici sa teach is amhlaidh a chuirtear leis an méid oibre a bhíonn le déanamh aici ach is lú an obair thí a bhíonn le déanamh ag fear a bhfuil páirtí ban in aon tíos leis.

Sin cuid den adhmad atá le baint as taighde nua de chuid an ESRI.

An tseachtain seo, d’fhoilsigh Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas taighde a rinne an Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta dóibh faoin teideal ‘Cúram agus Obair gan Íocaíocht in Éirinn’.

Bhailigh an ESRI an t-eolas ó na sonraí a cuireadh ar fáil le dhá bhliain déag sa suirbhé ar an gcaighdeán saoil san AE agus cuireadh an t-eolas sin i gcomparáid le heolas as tíortha eile an Aontais Eorpaigh.

Léiríonn an tuarascáil nua, Caring and Unpaid Work in Ireland, gur mná is mó a dhéanann an obair chúraim gan íocaíocht sa tír seo go fóill. De réir na tuarascála le Helen Russell, Raffaele Grotti, Frances McGinnity agus Ivan Privalko bíonn 45% de mhná i mbun obair chúraim saor in aisce agus ní bhíonn ach 29% d’fhir a dhéanann amhlaidh.

16 uair sa tseachtain ar an meán a chaitheann daoine fásta in Éirinn i mbun cúraim do dhaoine eile, páistí nó daoine fásta a bhfuil an cúram sin de dhíth orthu.

Caitear 14.5 uair an chloig ar an meán ar obair an tí agus má chuirtear an obair chúraim agus obair thí le chéile, tá Éire ar an tríú tír is mó san AE a gcaitear am saor gan íocaíocht ar an dá chúram sin.

Caitheann mná sa tír a dhá oiread ama ag tabhairt aire (gan íocaíocht) do dhaoine eile agus a chaitheann fir agus níos mó ná a dhá oiread ama ar obair an tí. 15 uair an chloig sa tseachtain níos mó a chaitheann mná ar obair nach n-íoctar iad aisti. Go leor de na cúramóirí sa tír seo, tá siad fostaithe i bpost ar phá ag an am céanna, 45% de na mná agus 72% de na fir.

42.6 uair an chloig ar an meán a chaitheann mná ag tabhairt aire do pháistí agus 25.2 uair an chloig na fir. Mná idir 50 agus 64 bliain is mó a bhíonn i mbun cúraim do sheandaoine nó daoine faoi mhíchumas agus bíonn na fir a dhéanann amhlaidh os cionn 65 bliain d’aois.

Athraíonn an t-ualach oibre de réir líon na ndaoine sa teaghlach, aois na bpáistí agus cibé a bhfuil páirtí sa teach atá fostaithe go lán-aimseartha. 

Is amhlaidh an cás le páistí réamhscoile, dúblaíonn siad an obair ar an mbean (11 uair) seachas ar an bhfear (6.5 uair).

Ceistítear sa tuarascáil an inscne bun agus barr leis an difríocht idir ualach na mban agus na bhfear agus deirtear go mbíonn tionchar ag obair chúraim ar an líon uaireanta a bhíonn duine ábalta a thabhairt do phost, ar phá, ar dheiseanna ardú céime agus ar choinníollacha oibre.

Díol suntais dar leis na húdair gur lú den obair thí a dhéanann fir a bhíonn ag baile nó dífhostaithe agus fir a chinneann fanacht sa bhaile ag déanamh cúram teaghlaigh ná a dhéanann a bpáirtithe ban, fiú agus iadsan ag obair ar phá taobh amuigh den teach.

De réir na hanailíse sin is amhlaidh go bhfuil mná ag glacadh chucu féin na rólanna traidisiúnta atá bunaithe ar inscne – an mháthair mhaith, an bhean mhaith nó an iníon mhaith – ach deir lucht na tuarascála go bhfuil an scéal níos casta ná sin.

An easpa seirbhís cheart cúram leanaí sa tír ceann de na cúiseanna leis an difríocht mhór idir an tír seo agus tíortha eile san AE dar le húdair na  tuarascála seo. Deirtear freisin nach féidir comhionannas san ionad oibre a bhaint amach go deo go dtí go mbíonn “comhionannas ó thaobh obair chúraim sa bhaile” ar fáil.

Mná is ea triúr as ceathrar de na cúramóirí a fhaigheann an liúntas do chúramóirí ón stát, liúntas a ndéantar tástáil acmhainne ar an iarrthóir lena fháil.

Deirtear sa tuarascáil go bhfuil sé tráthúil an t-ábhar seo a phlé agus reifreann ar na bacáin faoi Airteagal 41.2 den Bhunreacht.

Deirtear san airteagal sin go “n-admhaíonn an Stát go sonrach go dtugann an bhean don Stát trína saol sa teaghlach cúnamh nach bhféadfaí leas an phobail a ghnóthú dá éagmais” agus dá bharr sin “go bhféachfadh an Stát chuige nach mbeidh ar mháithreacha clainne, de dheasca uireasa, dul le saothar agus faillí a thabhairt dá chionn sin ina ndualgas sa teaghlach”.

Maítear sa tuarascáil go measann a lán gur “dearcadh gnéasaíoch seanaimseartha” a léirítear san Airteagal conspóideach sin ach aithnítear chomh maith gur maith an rud fiúntas na hoibre cúraim a aithint agus gur mífheidhmiú sóisialta agus droch-chaighdeán saoil a bheadh againn dá huireasa.

Níos mó

Máire Ní Fhinneadha

Cláraigh do nuachtlitir PEIG

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge