Baile
Aoisghrúpaí
> 4 Bliain
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag Tógáil Páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
4 > 12 Bliain
Gaelscoileanna
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
12 > 18 Bliain
Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid nuair atá tú ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
18 > 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ag foghlaim na Gaeilge
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Pobal
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinne
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Sloinne
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
Cúrsaí iarchéime Gaeilge do shaol an lae inniu
Cúrsaí bunchéime spéisiúla le Gaeilge
Folúntais
Físeáin: 'Do Ghairm le Gaeilge'
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Nuacht
  • Baile
  • comhoibri
  • Má táimid le rudaí a athrú, tá comhoibriú ag teastáil

Má táimid le rudaí a athrú, tá comhoibriú ag teastáil

Katie McGreal

Bhí mé ag siúl i gCorcaigh le hiar-fhear liom cúpla mí ó shin agus ghlac sé síos mé na sráideanna is lú agus is dorcha dá raibh ann.

Bhí eagla an domhain orm agus níor thuig mé conas nár thuig sé sin.

Is gnáthrud é seo domsa a bheith buartha ar shráideanna dorcha agus mar sin ghlac mé leis go mbíonn sé mar an gcéanna do chuile dhuine ach, dár ndóigh, ní bhíonn.

Níor dúirt mé aon rud leis an oíche sin faoin mbuaireamh ach shíl mé gur thuig sé. D’éirigh mé feargach agus muid ag leanacht orainn ar shráideanna beaga dorcha ach bhí eagla orm a admháil go raibh eagla orm.

Ba léir domsa nach raibh eagla air agus bhí mé buartha gur chuir an eagla seo cuma lag orm.

Ag fás aníos mar bhean i ndeisceart Baile Átha Cliath d’fhoghlaim mé go gcuireann mná suas le rudaí.

Is minic nach deir muid aon rud má táimid míchompordach agus muid i gcomhluadar daoine eile.

Bhí sé mar chuid den saol go mbeadh fir ag cur a lámh ar do thóin agus tú amuigh san oíche, mar chuid den saol nach gcaithfeá éadaí áirithe ar eagla go dtabharfadh sé an teachtaireacht ‘mhícheart’ do dhaoine. Bhí sé mar chuid den saol nach raibh sé de cheart agat siúl abhaile leat féin mall san oíche.

Tagann an dearcadh atá agam ar an saol ó bheith ag fás aníos mar bhean mheánaicmeach i ndeisceart Baile Átha Cliath.

Feicim rudaí ar bhealaí áirithe. Caithfidh mé dul i dtaithí ar insint do dhaoine nuair nach bhfuil mé compordach ach nuair a bhí mé ag fás aníos chuir tú suas leis.

Bhí mé, mar bhean, ceaptha a bheith ciúin, deas agus béasach ach tá mná an domhain ag teacht ar a nguthanna faoi láthair.

Roimh an bhfeachtas #Metoo níor labhair mná amach faoi ionsaithe gnéis. Thuig muid ar fad gur gnáthrud iad a tharlaíonn mar chuid den saol. Thuig muid nach n-éireodh linn os comhair na cúirte agus chreid muid nárbh fhiú dúinn aon rud a rá mar an t-aon rud a tharlódh ná go gcuirfí an locht orainn féin.

Ach d’athraigh an feachtas sin rudaí agus tá sé go fóill á athrú.

Go gairid i ndiaidh sin tharla an cás cúirte anseo i mBéal Feirste agus tháinig an haischlib #Ibelieveher amach.

Bhí mná na tíre seo agus níos faide i gcéin glórmhar arís. Cé go dtuigeann muid go fóill gur beag an seans go n-éireoidh linn os comhair na cúirte, tuigeann muid nár cheart dúinn a bheith ciúin faoin na hionsaithe seo.

Tuigeann muid anois go bhfuil daoine eile ag fulaingt de bharr na bhfadbhanna céanna agus gur cheart dúinn labhairt amach. Bíonn níos mó cumhachta ag an ionsaitheoir muna labhraíonn an t-íobartach, ach táimid ag labhairt anois.

Is rud an-dairíre é ionsaí gnéis, ach caithfimid labhairt ar na rudaí “beaga” freisin; rudaí nach bhfeiceann muid uaireanta go fiú mar táimid chomh cleachtaithe leo. Rudaí ar nós daoine ag béiceadh ort ar an tsráid nó daoine de do dhéanamh míchompordach de bharr an bhealaigh a mbreathnaíonn siad ort.

Agus anuas air sin ar fad, caithfimid a bheith airdeallach faoi dhaoine atá thart orainn nach bhfuil cleachtaithe leis na rudaí seo, daoine nach mbíonn ag cur suas le hionsaithe ar an tsráid, daoine nach bhfuil an tuiscint chéanna acu ar an saol.

I mo chás, ba chóir dom míniú don fhear nach raibh mé compordach agus míniú dó cén fáth.

Tá mé cinnte go dtuigfeadh sé ach bhí an dualgas orm labhairt leis.

An chumarsáid oscailte, sin ceann de na rudaí is tábhachtaí sa saol seo agus má táimid le hobair le chéile, an tsochaí seo a athrú ar mhaithe linn ar fad agus chun an lámh in uachtar a fháil ar an bpatrarchacht, caithfimid obair le chéile.

Caithfimid a bheith oscailte agus ionraic le chéile, fiú nuair atá sé deacair, nuair nach bhfuil muid ag iarraidh raic a chruthú agus muid ag mothú compordach, caithfimid an misneach a bheith againn a bheith oscailte le chéile.

Níos mó

Cláraigh do nuachtlitir PEIG

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge