Baile
Aoisghrúpaí
> 4 Bliain
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag Tógáil Páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
4 > 12 Bliain
Gaelscoileanna
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
12 > 18 Bliain
Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid nuair atá tú ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
18 > 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ag foghlaim na Gaeilge
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Pobal
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinne
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Sloinne
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
Cúrsaí iarchéime Gaeilge do shaol an lae inniu
Cúrsaí bunchéime spéisiúla le Gaeilge
Folúntais
Físeáin: 'Do Ghairm le Gaeilge'
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Nuacht
  • Baile
  • Gaeltacht
  • Nach mór 30% d’airgead caipitiúil Údarás na Gaeltachta á chaitheamh ar phinsean
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-nach-mor-30%-d’airgead-caipitiuil-udaras-na-gaeltachta-a-chaitheamh-ar-phinsean

Nach mór 30% d’airgead caipitiúil Údarás na Gaeltachta á chaitheamh ar phinsean

Tá beagnach 30% den airgead caipitiúil atá á chur ar fáil d’Údarás na Gaeltachta á chaitheadh ar phinsean agus ar chnapshuimeanna scoir do dhaoine atá éirithe as a gcuid oibre san eagraíocht sin.

€4.5 milliún atá á chaitheamh ar na cúraimí seo agus sin leath an airgid a chuir an Stát ar fáil, ar an gcéad iarraidh, don Údarás fiontraíochta in 2019. Tháinig roinnt milliún lena chois sin isteach ó fhoinsí eile Stáit, rud a mhéadaigh airgead caipitiúil na heagraíochta go dtí breis agus €16 milliún. Fós féin, tá an dualgas atá ar an Údarás ó thaobh íocaíochtaí pinsin ag cur imní ar an mbainistíocht agus ar an mBord.

De réir eolais a cuireadh faoi bhráid an chruinnithe straitéise agus pleanála a bhí ag Bord iomlán Údarás na Gaeltachta i gCarna le déanaí, beidh ualach an phinsin ag méadú leis. Sa mhullach air sin tá na cnapshuimeanna a fhaigheann daoine atá ag críochnú a gcuid oibre ansin ag cosaint leathmhilliún sa mbliain.

145 iarfhostaí de chuid Údarás na Gaeltachta atá ag fáil pinsean ón eagraíocht anois agus 89 atá ag obair ann.

Bhí ceist an phinsin ar cheann de na hábhair a phléigh baill an Bhoird astu féin – ní raibh feidhmeannaigh istigh – tar éis an chruinnithe in Ionad Cuimhneacháin na nImirceach i gCarna Dé hAoine seo caite. Beidh na baill ag iarraidh go gcuirfí tuilleadh airgid ar fáil as an Státchiste sna blianta amach romhainn. Táthar den bharúil go dteastódh €18 milliún lena chinntiú go mbeadh Údarás na Gaeltachta in ann a phleananna a chur i gcrích agus tá bille na bpinsean san áireamh sna figiúirí sin. Teastaíonn cinnteacht, a deir na baill, go mbeadh an méid sin ar fáil toisc nach féidir a dhul i mbannaí go dtiocfaidh suimeanna airgid as foinsí eile Stáit mar a tháinig i mbliana.

Tháinig ceist an phinsin chun cinn go láidir nuair a chuathas go bun an údair i dtaobh straitéis pleanála Údarás na Gaeltachta don tréimhse cúpla bliain atá amach romhainn.

Bhíothas ag déanamh cíoradh lár téarma ar an straitéis a chuir an tÚdarás i bhfeidhm go dtí 2021.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Micheál Ó hÉanaigh, go bhfuiltear dírithe go láidir ar bhorradh a chur faoi cheantair imeallacha Ghaeltachta ar nós cheantar Chill Chiaráin agus Charna, an áit ar reáchtáladh cruinniú an lae inné. Cuid an-tábhachtach de bheartaíocht an Údaráis é an taobh sin tíre, arsa Micheál Ó hÉanaigh agus tá an rud céanna amhlaidh faoi cheantair eile atá ar an imeall.

Thagair an Príomhfheidhmeannach do Pháirc na Mara i gCill Chiaráin go sonrach agus dúirt sé go bhfuil acmhainní mara ar cheann de na bunchlocha do chuid mhór áiteacha cois cósta sa nGaeltacht. Tharraing sé aird freisin ar thionscal na turasóireachta agus ar na hionad G-Teic – ionaid ardchaighdeán cumarsáide atá á bhforbairt in áiteacha éagsúla sa nGaeltacht.

Dúirt Ó hÉanaigh go bhfuil tairbhe ag an Státchiste ar an infheistíocht atá á déanamh sa nGaeltacht. Cuireann na deich gcomhlacht is láidre Gaeltachta – agus a fhaigheann tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta – luach €900 milliún de sheirbhísí agus de tháirgí ar fáil, a dúirt Micheál Ó hÉanaigh agus díoltar 59% den ábhar sin thar sáile, a dúirt sé. “Taispeánann sin nach é an chaoi a bhfuiltear ag caitheamh airgid isteach sa nGaeltacht gan tairbhe náisiúnta a bheith as,” a deir Micheál Ó hÉanaigh.

Dúirt an tAire Stáit Gaeltachta, Seán Kyne go bhfuil arduithe tagtha ar bhuiséad an Údaráis le blianta beaga anuas ach nach leor an méid sin.

Beidh sé ag fiach ar a chomhghleacaithe ag tóraíocht tuilleadh airgid, a deir an tAire Kyne. Ag labhairt dó faoi cheantair imeallacha luaigh an tAire Kyne roinnt oibreacha forbartha agus feabhsúcháin atá le déanamh roimh dheireadh na bliana seo ar an mbóthar N59 i gConamara. “Laghdóidh sé seo an t-aistear idir iarthar Chonamara agus Gaillimh,” a deir an tAire Stáit.

“Cuideoidh an fhorbairt ar an leathanbhanda leis an scéal freisin. Tá daoine i gceantair chathracha atá míshásta faoin gcaiteachas seo, ach creidimse go láidir gur fiú go mór an t-airgead a chaitheamh ar an gcumarsáid ar ardchaighdeán faoin tuath in Éirinn.”

Chuir Micheál Ó Clochartaigh, an stiúrthóir áitiúil ar an bPlean Forbartha Cúig Bliana d’Iorras Aithneach cuntas ar fáil don Bhord ar an obair atá ar bun ar an bplean anois. Dúirt an Príomhfheidhmeannach, Micheál Ó hÉanaigh go bhfuil sé sásta leis an dul chun cinn agus, ag cur leis sin, gur sampla maith atá ann do ghníomhaíocht láidir phobail.

Tá bille pinsin an Údaráis ina údar imní le tamall agus thug Roinn na Gaeltachta féin rabhadh faoin scéal in aighneacht réamhbhuiséid a chuir siad faoi bhráid na Roinne Airgeadais in 2014.

“Given the age profile of Údarás staff and the general thrust of Government policy towards staff numbers and reductions the volume of pensions and lump-sums to be covered from within this provision will increase considerably in the coming years,” a dúradh in aighneacht réamhbhuiséid na Roinne Gaeltachta.

Níos mó

Máirtín Ó Catháin

Cláraigh do nuachtlitir PEIG

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge