Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-speed-cairdeas-i-gclub-an-chonartha

Speed Cairdeas i gClub an Chonartha

| NÓS Suíomh Gréasáin |

 

Salómae, Taibhdhearc na Gaillimhe, 11-20 Iúil @ 19:30 (réamhléirithe 11-13 Iúil; nóinléiriú 20 Iúil @ 14:00)

Beidh tús á chur le himeachtaí Fhéile Idirnáisiúnta Ealaíne na Gaillimhe Dé Luain seo chugainn, agus mairfidh sí ar feadh coicíse. Tá an seó Salómae ar chlár na féile, léiriú nua ar shaothar Oscar Wilde, Salomé, cruthaithe ag Breandán de Gallaí agus á chur ar stáitse ag an gcomplacht Ériu i gcomhpháirt leis An Taibhdhearc. 

Tá rince agus gluaiseachtaí curtha le chéile ag de Gallaí don léiriú físiúil seo a bhíonn ag plé le hábhair atá tráthúil sa lá atá inniu ann chomh mór is a bhí nuair a cumadh an chéad lá é, leochaileacht an chine daonna agus brúidiúlacht an oilc. Tá ceol, guthanna agus gluaiseachtaí colainne fite fuaite lena chéile chun croí an scéil seo a insint. Beidh sé le feiscint ón 11-20 Iúil, réamhléirithe agus nóinléiriú san áireamh.

 

Mongoose agus The Curly Organ, Lost Lane, BÁC Dé hAoine 12 Iúil @ 20:00

Is mó scéal a chuala faoi Lillies Bordello, agus is mó pictiúr a chonac do celebs na tíre seo agus iad ag baint súp as oícheanta sa chlub seo a raibh cáil mhór air, go háirithe i rith blianta an Tíogair Cheiltigh. Tá athchóiriú déanta air le tamall anuas agus ainm nua baiste air chomh maith, is é sin, Lost Lane. 

Is ann a bheidh an banna Mongoose anocht, agus turas náisiúnta díreach curtha dóibh acu. Tá albam nua ‘Suck the Wound’, eisithe ag ceathrar an bhanna le déanaí, sin iad Muireann Ní Cheannabháin, Molly O’Mahony, Ailbhe agus Cara Dunne.

Is stíl chomhaimseartha na ndaoine an cur síos leathan a bheadh agam féin ar shaothar an ghrúpa ach go bhfuil forbairt nádúrtha tagtha air de réir na mblianta agus sin le haithint ar rianta an albaim nua.

Caith súil orthu sa bhfíseán seo le leagan gan tionlacan don amhrán ‘Gabham Molta Bríde’, go gcífidh sibh iad agus bí leo anocht, in éineacht leis an gceoltóir The Curly Organ (Dónal McConnon) nuair a thabharfaidh siad chun stáitse, timpeall 20.00.

 

Speed Chairdeas, Club Chonradh na Gaeilge, Dé hAoine 12 Iúil @ 20:30

Bíonn sé go deas i gcónaí aithne a chur ar dhaoine nua, ach ní i gcónaí go mbíonn a leithéid éasca! Tá imeacht eagraithe ag coiste Chlub Chonradh na Gaeilge áfach, a éascóidh an cúram sin. ‘Speed Chairdeas’ atá tugtha ar an ócáid, agus is macasamhail do Speed Dating atá i gceist, ach gur ar thóir an chairdis atá daoine, seachas an ghrá! 

Beidh córas cruthaithe ag an lucht eagraithe, go mbeidh deis ag gach duine méid áirithe ama a chaitheamh i mbun cainte leis an té a bheidh suite os a gcomhair. Coimeádfar súil ar an gclog agus nuair a bheidh an t-am caite, bogfaidh tú ar aghaidh chuig an gcéad duine eile. Beidh ceisteanna ullmhaithe acu siúd a bheidh i bhfeighil chun luas a chur faoin gcaint!

Ná déanaíg dearúd, go mbeidh athsheoladh an Chlub ar bun chomh maith go luath, ar an 27 Iúil agus clár imeachtaí á chur le chéile chuige sin faoi láthair – dáta don dialann!

Seoladh an leabhair, Mór agus Muilc, Teach Jack, Dún na nGall, Dé Sathairn 13 Iúil @ 20:00

Tá íomhánna feicthe agam d’ealaíon álainn Kim Sharkey sa leabhar nua Mór agus Muilc, ach is fada liom go mbeidh mé in ann greim a bhreith air agus éachaint cheart a thabhairt do! Seo scéal a d’aithris John Óg Hiúdaí Neidí Ó Colla agus atá curtha i bhfoirm leabhar anois, foilsithe ag Éabhlóid. Is í Máiréad Ní Mhaonaigh a sheolfaidh i dTeach Jack ar an Ghlaisigh Dé Sathairn beag seo, áit a mbeidh sólaistí agus fáilte mhór roimh chách.

 

Pop Up Gaeltacht, Tigh Neachtain, Cathair na Gaillimhe, Dé Céadaoin 17 Iúil @ 20:00

Nuair a chuimhním ar chathair na Gaillimhe, cuimhním ar bheith suite lasmuigh do Thigh Neachtain, i measc cairde, ag féachaint ar na haon diabhal duine ag gabháil tharam agus grian an tsamhraidh ag lonrú anuas orm. Ní i gcónaí a bhíonn áfach, ach súil agam go mbeidh an aimsir go breá dóibh siúd a bheidh i láthair don Pop Up Gaeltacht atá beartaithe don láthair Dé Céadaoin beag seo!

Níos mó