Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-ta-neart-buanna-ag-ed-sheeran-ach-nil-an-aisteoireacht-ar-cheann-acu

Tá neart buanna ag Ed Sheeran ach níl an aisteoireacht ar cheann acu

Le tamall anuas bhí mé le liosta de na scannáin a bhí mé ag iarradh a fheiceáil an samhradh seo a chuir le chéile. D’athraigh sé i gcónaí ach bhí scannán amháin ag barr an liosta — Yesterday. 

Ó mhí Feabhra nó mar sin, bhí ábhar poiblíochta feicthe agam chuile áit le haghaidh scannán nua Danny Boyle agus Richard Curtis, a bhfuil ceol ó The Beatles ann. Is maith liom Richard Curtis, is breá liom Danny Boyle, agus is aoibhinn liom The Beatles. Bhí mé ar bís. 

Mar sin, bhí mé ag dul isteach sa scannán seo ag súil le teacht amach ina dhiaidh le gliondar ar mo chroí, ag canadh ‘Here Comes The Sun’ in ard mo ghutha an bealach ar fad abhaile. Ach ina áit sin, tháinig mé amach as an bpictiúrlann agus díomá ar mo chroí  — ach mé fós ag canadh ‘Here Comes The Sun’, mar is amhrán deas é agus bhí an aimsir go breá. 

Ní hé go bhfuil an scannán seo go dona, níl ann ach nach bhfuil aon chroí ná anam ann. Rud a chuir ionadh orm, mar bhí na heilimintí ar fad ann. Tá an scéal sách suimiúil — leantar an t-amhránaí agus an scríbhneoir Jack Malik (Himesh Patil), agus a bhainisteoir/tiománaí/cara Ellie (Lilly James) agus iad ag iarradh réalta ceoil a dhéanamh de Jack. 

Níl ag éirí leo go dtí go ndúisíonn Jack suas tar éis timpiste agus foghlaimíonn sé gurb eisean an t-aon duine ar domhan gur cuimhin leis The Beatles. Mar sin, socraíonn sé ar amhráin Lennon agus McCartney a thaifead mar a chuid amhráin féin, agus baineann sé clú agus cáil amach mar gheall orthu. 

As sin, téann an scannán sa treo ina mbeadh tú ag súil leis, ach gan aon draíocht, cruthaitheacht ná spraoi. Fiú an scéal grá, rud atá Curtis an-mhaith a scríobh, níor chuir mé aon suim ann.

Níor airigh mé go raibh aon charachtair réalaíoch, mar sin níor thréaslaigh mé le Jack agus a chuid rún. Go deimhin, níor thaitin Jack liom ar chor ar bith, rud atá tábhachtach do phríomhcharachtar i scannán mar seo. Ní chuirim an milleán ar Himesh Patil anseo, cé gurb é seo an chéad phríomhscannán aige. Cuirim an milleán ar an scríbhneoireacht. 

Mar a deir mé, áfach, ní drochscannán é seo. Tá cúpla radharc barrúil ann agus tá Patil in ann canadh, bail ó Dhia air. Tá an aisteoireacht go maith den chuid is mó, Lily James agus Kate McKinnon ach go háirithe, agus déanann Sanjeev Baskar, Alexander Arnold agus Joel Fry an méid agus is féidir leo leis an méid a tugadh dóibh. 

Agus breathnaigh, tá an ceol thar cionn. Fiú amhráin Ed Sheeran, cuireann siad leis an scannán an méid céanna is a chuireann amhráin The Beatles. Ach is aisteoir fíordhona é. Caithfidh sé go ndúirt Ed le duine éigin go raibh sé ag iarradh bheith ina aisteoir agus tugadh an iomarca dó le déanamh anseo, agus faraor, an t-aon rud a léirigh sé ná nach bhfuil bua na haisteoireachta aige. Neart buanna eile, ach ní aisteoireacht.

Níor lua mé Danny Boyle, stiúrthóir an scannáin fós, agus tugann sé sin le fios an laghad a chuaigh a chuid stiúrthóireachta i bhfeidhm orm anseo. Níl aon chruthaitheacht in aon radharc, agus ní airíonn sé ar nós gur fhág sé a lorg ar aon rud.  

Bhí mé ag súil le trí rud ón scannán seo ar a laghad: an chruthaitheacht ó Danny Boyle; an croí ó Richard Curtisl agus an ceol ó The Beatles. Ach ní bhfuair mé ach gné amháin acu siúd — an ghné a mhair in ainneoin an scannán seo.

Níos mó