Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-traidphicnic-an-spideil-agus-ceithre-imeacht-eile

Traidphicnic an Spidéil agus ceithre imeacht eile

Seoladh dhlúthdhiosca Chaitríona Ní Cheannabháin, Songs from the Mist, (Queen of Conamara), Peacock’s, An Teach Dóite, Dé hAoine 5 Iúil @ 21:00

Comhghairdeas ó chroí le Caitríona Ní Cheannabháin, a bhfuil dlúthdhiosca nua taifeadta aici agus í ar tí é a sheoladh anocht. Is in Peacock’s sa Teach Dóite a bheidh an cúram sin ar Michael Commins, láithreoir teilifíse agus raidió MidWest FM. Songs from the Mist (Queen of Conamara) teideal an albaim agus cloisfear cuid de na hamhráin atá air i rith na hoíche. Beidh ceoltóirí eile i láthair chomh maith, cuirim i gcás an banna Cillín, Breakfree, Gerry Guthrie agus Michael Regan, mar aon lena muintir féin, Clann Uí Cheannabháin. €10 an cead isteach ag an doras agus beidh cóipeanna don dlúthdhiosca le ceannach más áil libh sin.

Traidphicnic, An Spidéal, 5, 6, 7 Iúil 

Tá an t-am sin bliana buailte linn arís agus tús á chur inniu le hócáid mhór cheoil sa Spidéal. Sea, tá lucht na féile Traidphicnic tar éis a bheith gnóthach i mbun oibre le tamall anuas ag cinntiú go mbeidh gach rud in ord agus in eagar d’imeachtaí an deireadh seachtaine. 

Is ó chian agus ó chóngar a thiocfaidh na ceoltóirí a bheidh ar stáitse: Clann Uí Cheannabháin, The Friel Sisters, Back West, Briocán Bairéad, Ye Vagabonds, Róisín Seoighe agus go leor leor eile. B’fhiú daoibh súil a chaitheamh ar an leathanach Facebook atá acu, áit a bhfeicfidh sibh an liosta iomlán cuimsitheach. 

Ní hamháin go mbeidh ceol le clos, ach beidh tograí físealaíne comhaimseartha, seoltaí dlúthdhioscaí agus ceardlanna ealaíona ar siúl chomh maith. Is breá liom an t-éiteas atá ag an lucht eagraithe, is é sin go n-íocann tú an méid gur féidir leat! Tá súil agam go mbeidh rath arís i mbliana orthu, agus iad ag ceiliúradh ocht mbliana ar an bhfód!

Meitheal Oibre sa Chlub, Dé Domhnaigh 7 Iúil @ 9:30

Má bhíonn sibh díomhaoin an Domhnach beag seo, b’fhéidir go mbeadh suim agaibh lámh chúnta a thabhairt do lucht Chlub an Chonartha, 6 Sráid Fhearchair agus meitheal oibre á chur le chéile acu. Seo an dara huair do dhream oibrithe deonacha a bheith ag teacht le chéile chun cuí agus cuma a chur ar an láthair. 

I measc na jabanna a bheidh le déanamh beidh glanadh, péinteáil agus vearnaiseáil! Más féidir leat díreach cúpla uair a chloig a thabhairt uait, is iad a bheadh buíoch. Beidh meitheal ag bailiú ann ó mhaidin agus fanfaidh siad ann go tráthnóna déanach. Ní gá aon ní a bhreith leat, beidh gach a bheith de dhíth acu ann, ach moltar sean-éadaí a chaitheamh!

John Spillane, Connolly’s An Léim, Corcaigh, Dé Domhnaigh 7 Iúil @ 20:00

Tá cáil an cheoil ar an ionad ceoil beo, Connolly’s, sa Léim i gCorcaigh agus cáil an cheoil ar an Speal é féin, John Spillane. Is ina chontae dúchais, san áit áirithe sin, a bheidh sé Dé Domhnaigh beag seo. Ina theannta, beidh an bheirt Willie Doherty agus Johnny Walsh. €15 atá ar na ticéid agus osclófar na doirse timpeall a hocht a chlog. Fair play to him, mar a déarfadh sé féin.

Céilí (gach Luan), The Cobblestone, Dé Luain 8 Iúil @ 20:00

I rith an tsamhraidh, gach Luan ó mhí Iúil go deireadh Lúnasa, beidh céilí ar siúl i gceann de na tithe tábhairne is aitheanta i mBaile Átha Cliath. Is é sin The Cobblestone i Margadh na Feirme agus is ann a bheidh dream a thugann Celtic Dance Party orthu féin, i mbun teagaisc! Seo blaiseadh den sórt oibre a bhíonn ar bun acu, agus béim á leagan acu ar spraoi agus beocht an rince féin. Is sa seomra ar chúl an bhéar a bhíonn na daoine bailithe, agus níl aon ghá duit páirtí a bhreith leat – cuirfear tú in aithne dóibh siúd a bheidh i láthair.

Níos mó