An Fhleadh + 4 imeacht eile
Rang Ióga // An Gailearaí Náisiúnta, BÁC, Dé Sathairn 10 & 17 Lúnasa @ 10:30
Is
minic leisce orm maidin Dé Sathairn agus drogall orm éirí!
Ní
i gcónaí a bhíonn pleananna beartaithe agam agus nuair nach
mbíonn, bíonn aiféala orm. Ba cheart dom smaoineamh ar áirithint
a dhéanamh d’ócáid amárach, áfach, a bheidh ar siúl ar
láthair álainn speisialta – Gailearaí Náisiúnta na hÉireann.
Is
ann a bheidh Mary Dowling, múinteoir cáilithe ióga agus í i mbun
seisiúin, chomh maith le roinnt aireachais anuas ar na
gluaiseachtaí.
Tá
an rang seo oiriúnach dóibh siúd a bhfuil leibhéil éagsúla
bainte amach acu ó thaobh an ióga de. Moltar dóibh siúd a bheidh
ag freastal air go leor uisce a ól roimh ré – ní scaoilfear le
haon leacht sa Ghailearaí, ar eagla go ndéanfaí aon damáiste do
na pictiúir!
Beir
leat do mhata féin. €10 an costas.
Na Bopóga // Cultúrlann McAdam Ó Fiaich, Béal Feirste, Dé Sathairn 10 Lúnasa @ 11:00
Is
minic leanaí díomhaoin ag an deireadh seachtaine, go háirithe i
rith an tsamhraidh nuair nach mbíonn orthu freastal ar an scoil.
Coimeádfaidh
ócáid atá beartaithe don gCultúrlann amárach iad breá sochair
áfach: is é sin Na Bopóga, agus é ar siúl mar chuid d’imeachtaí
Fhéile an Phobail.
Cluichí,
rince agus amhráin le Plúra-Lúra, Nóra Bheag, Daideo agus a gcuid
cairde atá geallta ag an imeacht seo a chuirfidh le forbairt
oideachasúil do linbh.
£5
in aghaidh an pháiste an costas.
Oíche ghrinn dhátheangach // Club an Chonartha, BÁC, Dé Sathairn 10 Lúnasa @ 19:00
Má
tá fonn gáire oraibh an deireadh seachtaine seo, seo libh go Club
an Chonartha.
Dé
Sathairn beidh oíche ghrinn dhátheangach ar bun, ar mhaithe leis na
Samáraigh – cúis mhaith. Le feiscint i mbun na jócanna, beidh Seán
Ó Beaglaoich, Conor Diskin, Clíona Lawton, Barry Cullen agus Dónal
Gunning. Go n-éirí leo!
Más mian leatsa a bheith i measc na ndaoine sin agus páirt a ghlacadh, níl ort ach an fhoirm seo a líonadh, le bheith san áireamh.
Is
é €12 costas na dticéad le bheith sa lucht féachana agus fáil
orthu ar Eventbrite.
Sos Lóin // Páirc Mhic Gearailt, Corcaigh, Dé Domhnaigh 11 Lúnasa @ 12:00
Más
maith leat a bheith ag ithe agus ag labhairt na Gaeilge (ní go
díreach ag an am céanna!), tá ócáid aimsithe agam duit, atá
ana-oiriúnach.
Sos
Lóin, Picnic sa Pháirc atá i gceist, i bPáirc Mhic Gearailt i
gCorcaigh. Deis í seo chun do chuid Gaeilge a chleachtadh agus a
úsáid leo siúd ar mian leo amhlaidh a dhéanamh.
Tabhair leat do chuid bia féin. Sosloin.ie suíomh na heagraíochta a bheartaíonn a leithéid, a bheidh ar siúl idir 12:00-15:00.
Fleadh
Cheoil na hÉireann // Droichead Átha, 11-18 Lúnasa 2019
Cuirfear
tús leis an bhFleadh Cheoil i nDroichead Átha Dé Domhnaigh agus
leanfaidh na himeachtaí ar aghaidh ar feadh tuairim is seachtain.
Bheadh
leath an leathanaigh seo gafa le hainmneacha dá mbeadh orm na
ceoltóirí ar fad a mbeidh baint éigin, beag nó mór acu, leis an
bhféile, a lua.
Ní
thabharfaidh mé daoibh ach blaiseadh beag: Damien Dempsey, Téada,
Séamus Begley, Zoe Conway, John McIntyre, Cormac Begley, Seán
Keane, Martin Hayes, Muireann Nic Amhlaoibh agus Dónal O’Connor…
agus scata Éireann eile gan dabht!
Anuas
air sin bí ag súil le céilithe, Scoil Éigse, imeachtaí Gaeilge
do Sheachtain Ghaeilge na Féile, léachtaí, seoltaí albam agus
leabhar!
Beidh
Fleadh TV ann arís i mbliana le Hector, Doireann agus Róisín O,
mar aon le RTÉ Raidió na Gaeltachta agus iad ag craoladh ón ródaí
ar Shráid an Aonaigh, Déardaoin, Aoine agus Satharn na seachtaine
seo chugainn!