Baile
Aoisghrúpaí
> 4 Bliain
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag Tógáil Páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
4 > 12 Bliain
Gaelscoileanna
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
12 > 18 Bliain
Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid nuair atá tú ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
18 > 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ag foghlaim na Gaeilge
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Pobal
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinne
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Sloinne
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
Cúrsaí iarchéime Gaeilge do shaol an lae inniu
Cúrsaí bunchéime spéisiúla le Gaeilge
Folúntais
Físeáin: 'Do Ghairm le Gaeilge'
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Nuacht
  • Baile
  • Bia
  • An práta agus an baguette i mbaol mar ‘bhianna traidisiúnta’
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-an-prata-agus-an-baguette-i-mbaol-mar-‘bhianna-traidisiunta’

An práta agus an baguette i mbaol mar ‘bhianna traidisiúnta’

De réir staidéir a rinneadh le déanaí, níl dea-íomhá ag an bpráta i measc daoine óga. Nuair a ceistíodh an t-aos óg faoi na focail a shamhlaíonn siad leis an bpráta, is iad ‘scothaosta’, ‘feirmeoir’ agus ‘imreoir CLG’ a tháinig aníos. I gcodarsnacht leis seo, tá íomhá níos faiseanta agus níos mealltaí ag leithéidí cuineo (‘hiopstar’, ‘nua’ agus ‘nua-aimseartha’) agus fillteog (‘dána’, ‘óg’ agus ‘úr’).

De réir an taighde, tá drogall ar dhaoine óga pictiúir de phrátaí atá á n-ithe acu a chur in airde ar leithéidí Instagram mar gheall ar an íomhá sheanfhaiseanta atá acu. Mura dtagann feabhas ar an íomhá seo agus má leanann an titim i ndíolachán na bprátaí ar aghaidh i measc na n-óg, táthar buartha gur fíorbheagán prátaí a dhíolfar amach anseo nuair a bheidh a gclann féin á mbeathú ag aos óg an lae inniu. Bheadh feirmeoirí na hÉireann go mór thíos leis dá rachadh díolachán an phráta i léig.

Tá sé beartaithe ag Bord Bia na milliúin Euro a chaitheamh ar fheachtas nua chun an práta a chur chun cinn i measc na n-óg dá bharr.

Ach ní in Éirinn amháin atá bia traidisiúnta na tíre á thréigean ag an aos óg. Is údar imní é le tamall de bhlianta anuas go bhfuil laghdú tagtha i ndúil na dtomhaltóirí óga Francacha sa baguette, bia atá ina shiombail féiniúlachta agus ina dhlúthchuid de shaol traidisiúnta na Fraince.

Agus mé i mo chónaí in Paris mar mhac léinn, bhíodh sé de nós ag mo thiarna talún an tsráid a thrasnú gach maidin chuig an boulangérie, áit a bhfaigheadh sé baguette úr, rud a d’itheadh sé in aon iarraidh le slám mór ime agus suibhe in éineacht le cupán caifé. Charles ab ainm dó, é de bhunadh Paris, fear mór groí sna caogaidí a chaitheadh na huaireanta fada ag léamh óna bhailiúchán leabhar ar Napoléon agus a théadh chuig an Aifreann chuile Dhomhnach.

Fear den seandéanamh a bhí i Charles, mar sin. Go deimhin, shílfeadh aos óg na Fraince go bhfuil gnásanna beagáinín seanfhaiseanta aige, an gnás a bhíodh aige baguette a ithe ar maidin san áireamh.

Mar tá laghdú tagtha ar an méid aráin thraidisiúnta a dhíoltar sa Fhrainc le blianta beaga anuas agus imní ann go bhfuil meath ag teacht ar an gcuid seo d’oidhreachtchultúrtha na Fraince. Sa lá atá inniu ann ní itheann fear Francach ach leath-baguette in aghaidh an lae, ar an meán; d’itheadh sé baguette iomlán in 1970 agus níos mó ná trí cinn in 1900. Itheann mná timpeall ar thrian níos lú ná na fir agus itheann daoine óga timpeall ar 30% níos lú ná deich mbliana ó shin.

Tráth dá raibh, bhíodh an boulangérie ag cur thar maoil ar an Domhnach, agusscuainí fada ag cur amach ar an tsráid agus timpeall an choirnéil, gach duine ag iarraidh a rogha baguette a sciobadh leo.

Ach níl na Francaigh chomh tógtha céanna leis an baguette a thuilleadh. Luaitear cúiseanna éagsúla leis seo. Agus níos mó brú ar dhaoine i gcúrsaí oibre, is cosúil nach mbíonn an méid céanna ama á chur ar leataobh ag daoine chun baguette a cheannach ar maidin nó don lón, agus go leor acu nach mbacann fiú le bricfeasta ná lón a ithe uaireanta, rud atá fíor i gcás daoine óga go háirithe.

Anuas air sin, tá gnásanna sóisialta ag athrú, agus níl an claonadh céanna ag na Francaigh suí síos chun boird gach lá lena dteaghlach nó le cairde sa bhealach traidisiúnta ina n-ití an chéad chúrsa, príomhchúrsa agus milseog. Ina áit seo, tá tóir ar na béilí réamhullmhaithe le pasta nó rís, rud a fhágann an baguette in áit na leathphingine. Tá na Francaigh tar éis dúil a chur i gcineálacha eile bia freisin mar mhalairt ar an baguette: gránaigh don bhricfeasta, brioscaí ag am tae agus rís do bhéilí eile, cuir i gcás.

Léirigh staidéar níos luaithe i mbliana gur mó burgair ná ceapairí clasaiceacha jambon-beurre a díoladh sa Fhrainc anuraidh den chéad uair riamh. Díoladh 1.46 billiún burgar in 2017 i gcomparáid le 1.22 billiún baguette liamháis. Cloch mhíle shuntasach ba ea é seo a léiríonn go bhfuil nósanna bia na bhFrancach ag athrú, agus ní hé an burgar an t-aon bhia Meiriceánach atá á alpadh siar acu: tá an-tóir ar na taoschnónna agus madraí teo in Paris chomh maith.

Cosúil le Bord Bia ag cur an phráta chun cinn in Éirinn, tá díoltóirí aráin na Fraince tar éis feachtas náisiúnta a chur ar bun chun daoine a mhealladh ar ais i dtreo an aráin thraidisiúnta.

Is é an mana atá acu ná “Coucou, tu as pris le pain?” (“Haigh, bhfuil an t-arán faighte agat?”), mana atá greamaithe in airde ar chláir fógraí i gcathracha ar fud na tíre agus é scríofa ar mhálaí aráin freisin. Ba mhaith leis na díoltóirí a thabhairt le fios gur gníomh beag simplí é arán úr a cheannach ar do bhealach abhaile a thaispeánann go bhfuil tú ag smaoineamh ar do mhuintir.

Táthar ag iarraidh a chur ina luí ar dhaoine freisin gur bia folláin é an t-arán a scaoileann fuinneamh go mall agus a bhaineann an t-ocras díot, rud a laghdaíonn ar an bhfonn a bhíonn ort rudaí míshláintiúla a ithe idir béilí.

Creid é nó ná creid, tá an port céanna á sheinm ag Bord Bia ina bhfeachtas nua ar son an phráta, iad ag iarraidh an ‘miotas’ i dtaobh prátaí a bheith go dona duit a bhréagnú agus a thabhairt le fios gur foinse dea-charbaihiodráití iad agus go dtéann siad chun tairbhe don intinn!

Níos mó

Cláraigh do nuachtlitir PEIG

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge