Baile
Aoisghrúpaí
> 4 Bliain
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag Tógáil Páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
4 > 12 Bliain
Gaelscoileanna
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
12 > 18 Bliain
Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid nuair atá tú ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
18 > 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ag foghlaim na Gaeilge
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Pobal
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinne
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Sloinne
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
Cúrsaí iarchéime Gaeilge do shaol an lae inniu
Cúrsaí bunchéime spéisiúla le Gaeilge
Folúntais
Físeáin: 'Do Ghairm le Gaeilge'
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Nuacht
  • Baile
  • Náisiúnta
  • An Rialtas 50,000 áitreabh ó sprioc leathanbhanda agus daoine fágtha gan eolas – Ó Cuív
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-an-rialtas-50,000-aitreabh-o-sprioc-leathanbhanda-agus-daoine-fagtha-gan-eolas-–-o-cuiv

An Rialtas 50,000 áitreabh ó sprioc leathanbhanda agus daoine fágtha gan eolas – Ó Cuív

Tá sé curtha i leith an Rialtais go bhfuil teipthe arís ar a bplean leathanbhanda agus go bhfuil 50,000 teaghlach níos lú ná mar a bhí beartaithe bainte amach ag clár Eir.

Dúirt an Teachta Dála agus iar-aire Gaeltachta Éamon Ó Cuív gur údar mór díomá iad figiúirí nua ón Roinn Cumarsáide, a léiríonn, dar leis, go bhfuil ag teip ar phlean leathanbhanda an Rialtais.

“Ba í an gheallúint ná go mbeadh 300,000 áitreabh déanta faoi dheireadh 2018. De réir freagra a fuair mé ón Aire Cumarsáide, a raibh conradh ag a roinn le Eir don soláthar seo, bhíothas 50,000 ón sprioc ag deireadh an chéad ráithe de 2019. Is é an tuiscint atá agamsa ar an scéal ná nach bhfuil an obair críochnaithe ar an 300,000 áitreabh mar a bhí geallta agus arís eile tá teipthe ar an Rialtas a chinntiú go gcomhlíonfaí in am conradh a rinne siad.

“Tá go leor daoine faoin tuath in Éirinn ag brath ar leathanbhanda ardluais dá slí bheatha agus tá sé fíor-riachtanach go ndéanfaí sin go sciobtha agus nach mbeadh aon mhoill mhór leis an soláthar.

Dúirt Ó Cuív gur údar mór díomá a laghad eolais atá ar fáil faoin dul chun cinn atá déanta maidir leis an bplean náisiúnta leathanbhanda ó chinn an Rialtas mí Bealtaine dul ar aghaidh leis.

Mhaígh Ó Cuív nár tugadh aon eolas beacht ná soiléir dó mar fhreagra ar shraith ceisteanna a chuir sé i dtaobh an phlean nua.

D’iarr sé eolas faoi cathain a bheadh an conradh deireanach do sholáthar an phlean á shíneadh. D’fhiafraigh sé chomh maith den aire cén uair a dhéanfaidh an conraitheoir mionchur síos ar an gclár oibre a bheidh acu agus cathain a thosófar an scéim.

“Bhí an freagra ar na ceisteanna pointeáilte sin go léir an-doiléir agus ní dúirt an tAire ach ‘a period of final due diligence on all elements of the contract is part of the normal conclusion of a procurement process’.

“Tá  fhios agam go maith gur gá ‘due diligence’, ach faraor ní shin í an cheist a chuir mé agus níor tugadh aon fhreagra ar an gceist a chuir mé faoi cathain go díreach a fheicfear daoine amuigh ag obair ar sholáthar leathanbhanda don 300,000 áitreabh faoin tuath a bhfuil geallta ag an rialtas arís agus arís eile go mbeidh an tseirbhís riachtanach seo ar fáil iontu,” arsa an Teachta Dála Gaeltachta ó Fhianna Fáil.

Maidir leis an scála ama a bhainfeadh leis an obair, dúirt an Aire Cumarsáide Richard Bruton ina fhreagra ar cheist Uí Chuív go mbeadh ar a laghad roinnt míonna réamhullmhúcháin i gceist agus go rabhthas ag súil go mbeadh an conradh á shíniú níos déanaí i mbliana. Chuirfí tús le cur i bhfeidhm an chonartha agus leis an obair ar an bplean náisiúnta leathanbhanda “go luath ina dhiaidh sin”.

Dúirt Ó Cuív nárbh ionann an t-eolas sin agus clár ama cinnte.

“Tá daoine fós gan aon eolas acu faoi cén clár oibre atá ann nó faoi cathain a bheidh leathanbhanda acu faoin bplean seo,” arsa Ó Cuív.

Níos mó

tuairisc.ie

Cláraigh do nuachtlitir PEIG

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge