Baile
Aoisghrúpaí
> 4 Bliain
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag Tógáil Páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
4 > 12 Bliain
Gaelscoileanna
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
12 > 18 Bliain
Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid nuair atá tú ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
18 > 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ag foghlaim na Gaeilge
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Pobal
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinne
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Sloinne
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
Cúrsaí iarchéime Gaeilge do shaol an lae inniu
Cúrsaí bunchéime spéisiúla le Gaeilge
Folúntais
Físeáin: 'Do Ghairm le Gaeilge'
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Nuacht
  • Baile
  • Teic
  • Brexit, Breatimeacht nó Sasamach? Freagra ag uirlis nua!
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-brexit,-breatimeacht-no-sasamach?-freagra-ag-uirlis-nua!

Brexit, Breatimeacht nó Sasamach? Freagra ag uirlis nua!

Tá uirlis nua forbartha ag an Ollamh Kevin Scannell, atá ag cur faoi i nGaeltacht Chonamara i láthair na huaire agus é ag obair ar thograí Gaeilge ar líne, a thugann léargas ar choitiantacht focal agus téarmaí ar líne.

Treochtaí’ an t-ainm atá ar an uirlis nua atá curtha ag Kevin lena shuíomh Cadhan.com, suíomh ar a bhfuil iliomad uirlisí agus foinsí eile don Ghaeilge ar líne. Is féidir focail agus téarmaí a chur i gcomparáid a chéile ar an suíomh go bhfeicfear cé acu is coitianta i measc cainteoirí Gaeilge ar líne.

Anuas ar mhinicíocht na bhfocal thar thréimhse ceithre bliana go leith (ó mhí Eanáir 2015 ar aghaidh), tá léarscáil ar an suíomh freisin ar a léirítear na háiteacha in Éirinn is mó a úsáidtear téarma, nath nó focal ar leith.

Is féidir tuiscint a fháil, mar sin, ar rogha na nGael maidir le téarmaíocht nua, ar nós ‘Brexit’, ‘Breatimeacht’ agus ‘Sasamach’. Is léir gurb ‘Breatimeacht’ an téarma is coitianta amuigh, cé go raibh ‘Brexit’ níos coitianta i dtús aimsire, agus gur beag tóir atá ar an leagan ‘Sasamach’, cé gurb é sin an leagan Gaeilge is mó a luaitear i measc cainteoirí Béarla.

Léiríonn an léarscáil do ‘tuiscint’ agus ‘tuigbheáil’, mar shampla, gur i dtuaisceart na tíre is mó a úsáidtear ‘tuigbheáil’ agus bhfuil ‘tuiscint’ níos coitianta sna cúigí eile.

Tagann cuid de na treochtaí le scéalta mór nuachta agus imeachtaí eile in Éirinn. Is faoin ‘peil’ a bhíonn cainteoirí Gaeilge ag labhairt den chuid is mó, ach amháin le linn Chorn an Domhain don ‘sacar’, nuair a thagann an focal sin chun tosaigh.

Mhínigh Kevin Scannell do NÓS go bhfuil an urilis nua bunaithe ar chorpas mór atá bailithe aige i gcaitheamh na mblianta. Tá sé ag cur leis an gcorpas ar bhonn leanúnach agus tá tuairim is 150,000,000 focal ann anois.

Is iad na foinsí is tábhachtaí do Treochtaí Tuairisc.ie, NÓS, suíomhanna RTÉ, gach blag Gaeilge, gach giolc poiblí Gaeilge, ábhar ó ghrúpaí poiblí ar Facebook, agus na taifid oifgiúla de dhíospóireachta na Dála an an tSeanaid.

Déanann an uirlis neamhaird den séimhiú agus den urú agus den chás uachtair agus íochtair. Má chuirtear ‘aire’ isteach, cuirtear ‘aire, ‘tAire’, ’n-aire’, agus araile san áireamh.

Tá an tAtlas Teangeolaíochta bunaithe ar uirlis eile a d’fhorbair Kevin cúpla bliain ó shin.

Níos mó

Cláraigh do nuachtlitir PEIG

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge