Baile
Aoisghrúpaí
> 4 Bliain
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag Tógáil Páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
4 > 12 Bliain
Gaelscoileanna
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
12 > 18 Bliain
Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid nuair atá tú ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
18 > 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ag foghlaim na Gaeilge
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Pobal
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinne
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Sloinne
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
Cúrsaí iarchéime Gaeilge do shaol an lae inniu
Cúrsaí bunchéime spéisiúla le Gaeilge
Folúntais
Físeáin: 'Do Ghairm le Gaeilge'
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Nuacht
  • Baile
  • Náisiúnta
  • Cruinniú á lorg ag Conradh na Gaeilge le Státrúnaí nua an Tuaiscirt
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-cruinniu-a-lorg-ag-conradh-na-gaeilge-le-statrunai-nua-an-tuaiscirt

Cruinniú á lorg ag Conradh na Gaeilge le Státrúnaí nua an Tuaiscirt

Tá Conradh na Gaeilge ag iarraidh cruinniú le Státrúnaí nua Thuaisceart Éireann Julian Smith le plé a dhéanamh ar na féidearthachtaí a bhaineann le hacht Gaeilge a thabhairt isteach in Westminster.

Agus ceist an achta Gaeilge fós i measc na gconstaicí móra roimh athbhunú fheidhmeannas Stormont, dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge Julian de Spáinn le Tuairisc.ie go raibh sé “an-tábhachtach” go gcuirfí ina luí ar Rialtas na Breataine gur féidir an reachtaíocht teanga a thabhairt isteach fríd Westminster.

“Dúirt Príomh-Aire na Breataine inné go raibh sé chun gach rud a dhéanamh a d’fhéadfadh sé a dhéanamh d’fhonn feidhmeannas Stormont a athbhunú. Má tá sé sin fíor agus má sheasann sé leis an méid a dúirt sé, tá sé de chumhacht aige acht Gaeilge a thabhairt isteach don Tuaisceart in Westminster.

“Is í an tosaíocht atá againne ná go dtiocfadh an reachtaíocht teanga fríd Stormont ach d’uireasa na rogha sin, tá muid ag iarraidh go n-achtófaí in Westminster í,” a dúirt de Spáinn.

Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge go raibh go leor le plé ag an eagraíocht teanga leis an Státrúnaí nua, ina measc cúlra an achta, ceist na comharthaíochta Gaeilge agus na cumhachtaí a bheadh ag aon choimisinéir teanga ó thuaidh.

“Nuair a bhuaileamar leis an iar-Státrúnaí Karen Bradley bhí go leor ceisteanna aici faoin acht Gaeilge agus shamhlóinn go mbeadh an cás amhlaidh le Julian Smith,” arsa de Spáinn.

Maidir leis na tuairiscí go raibh beirt choimisinéirí teanga agus coimisinéir ‘féiniúlachta’ á bplé mar chuid den réiteach ar an tsáinn pholaitiúil ó thuaidh, dúirt de Spáinn go raibh sé an-tábhachtach go gcinnteofaí go raibh “na cumhachtaí cuí” ag an gcoimisinéir Gaeilge.

“Caithfear a chinntiú nach mbeadh bac ar an gcoimisinéir tabhairt faoina chuid oibre. Níor cheart go mbeadh an coimisinéir i gcónaí ag fanacht le faomhadh ó oifig an Chéad-Aire agus an LeasChéad-Aire.

“Má tharlaíonn sin, ceist pholaitiúil a bheidh ann agus ní bheidh an coimisinéir in ann feidhmiú. Bheadh muid ag moladh go mbeadh an coimisinéir ag feidhmiú ar bhonn neamhspleách ar nós an choimisinéara teanga ó dheas,” a dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge.

Níos mó

Cláraigh do nuachtlitir PEIG

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge