Baile
Aoisghrúpaí
> 4 Bliain
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag Tógáil Páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
4 > 12 Bliain
Gaelscoileanna
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
12 > 18 Bliain
Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid nuair atá tú ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
18 > 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ag foghlaim na Gaeilge
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Pobal
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinne
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Sloinne
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
Cúrsaí iarchéime Gaeilge do shaol an lae inniu
Cúrsaí bunchéime spéisiúla le Gaeilge
Folúntais
Físeáin: 'Do Ghairm le Gaeilge'
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Nuacht
  • Baile
  • Gaeltacht
  • Daltaí ó choláiste samhraidh Gaeltachta slán agus príomhoide ‘ag teacht chuige féin’ i ndiaidh eachtra tarrthála ar muir
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-daltai-o-cholaiste-samhraidh-gaeltachta-slan-agus-priomhoide-‘ag-teacht-chuige-fein’-i-ndiaidh-eachtra-tarrthala-ar-muir

Daltaí ó choláiste samhraidh Gaeltachta slán agus príomhoide ‘ag teacht chuige féin’ i ndiaidh eachtra tarrthála ar muir

Tá Coláiste Gael Linn Mhacaire Rabhartaigh “thar a bheith buíoch” do gach duine a chabhraigh tráthnóna inné le tarrtháil a dhéanamh ar dhaltaí dá gcuid a chuaigh i sáinn agus iad ag snámh san fharraige.

Tháinig Héileacaptar 118 an Gharda Chósta, bád Thoraí an Queen of Aran agus iascairí áitiúla i gcabhair tráthnóna inné ar an ngrúpa ógánach a chuaigh i sáinn timpeall 4pm tráthnóna inné agus iad ag snámh amach ó thrá Mhachaire Rabhartaigh i nGaeltacht Dhún na nGall.

I ráiteas a rinne Príomhfheidmeannach Gael Linn, Antoine Ó Coileáin, aréir, dúirt sé gurbh amhlaidh go ndeachaigh baill foirne chun “fóirthint” ar na daltaí nuair a scuabadh chun siúil iad.

Ghabh Ó Coileáin buíochas le foireann an choláiste, leis an nGarda Chósta, leis na seirbhísí éigeandála agus le muintir na háite a chabhraigh leis an tarrtháil agus a chinntigh go raibh ‘dea-scéal’ mar chríoch leis an eachtra.

Dúradh gur tugadh deichniúr, idir dhaltaí agus bhaill foirne ón gcoláiste samhraidh Gaeltachta aitheanta, go dtí an ospidéal i Leitir Ceannain agus gur scaoileadh iad ar fad abhaile seachas  príomhoide an choláiste “atá ag teacht chuige féin”.

Thug iascairí áitiúla cuid de na daoine óga i dtír.

Dúirt urlabhraí ón nGarda Cósta go raibh “an t-ádh dearg” ar na hógánaigh.

Fuair Lucht Ionad Comhordúcháin Gharda Chósta Chionn Mhálanna roinnt glaonna éigeandála faoin eachtra thart ar 4pm tráthnóna agus iadsan a bhí freagrach as an tarrtháil a stiúradh. Chabhraigh bád farantóireachta Thoraí, an Queen of Aran, agus Aonad na Maoile Rua den Gharda Cósta leo.

Ag labhairt dó le Highland Radio, dúirt an comhairleoir contae Gaeltachta Micheál Cholm Mac Giolla Easbuig go raibh moladh mór tuillte acu siúd a raibh baint acu leis an tarrtháil, idir mhuintir na háite agus lucht na seirbhísí éigeandála.

“I dtús báire, ba mhaith liom a rá nár gorataíodh aon duine go dona. Ba mhaith liom moladh a thabhairt d’iascairí an cheantair, na leaideanna óga agus gach duine a chuaigh amach ansin agus ar éirigh leo na daoine a bhí i sáinn san uisce a thabhairt slán,” a dúirt Micheál Cholm Mac Giolla Easbuig.

Níos mó

tuairisc.ie

Cláraigh do nuachtlitir PEIG

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge