Baile
Aoisghrúpaí
> 4 Bliain
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag Tógáil Páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
4 > 12 Bliain
Gaelscoileanna
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
12 > 18 Bliain
Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid nuair atá tú ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
18 > 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ag foghlaim na Gaeilge
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Pobal
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinne
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Sloinne
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
Cúrsaí iarchéime Gaeilge do shaol an lae inniu
Cúrsaí bunchéime spéisiúla le Gaeilge
Folúntais
Físeáin: 'Do Ghairm le Gaeilge'
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Nuacht
  • Baile
  • Cultúr
  • Duais mhór ag NÓS do bhuaiteoir Slam Filíochta Liú Lúnasa
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-duais-mhor-ag-nos-do-bhuaiteoir-slam-filiochta-liu-lunasa

Duais mhór ag NÓS do bhuaiteoir Slam Filíochta Liú Lúnasa

Tá NÓS ag obair i gcuideachta na féile Liú Lúnasa i mbliana chun duais iontach a chuir ar fáil don té a thabharfaidh an chraobh leis sa chomórtas iomráiteach ‘An Slam Filíochta’. Le maoiniú ón Chiste Craoltóireachta Gaeilge, tabharfaidh muid an deis don fhile a bhainfidh an chéad  áit sa chomórtas físeán ar ard-chaighdeán a dhéanamh den dán. 

Foilseofar an físeán ar shuíomh NÓS agus ar ár gcuntais meáin shóisialta ar an 21ú Márta 2020 – Lá Domhanda na Filíochta. 

Tá an Slam Filíochta ag dul ó neart go neart ó thosaigh sé trí bliana ó shin agus é ar cheann de mhór-imeachtaí Liú Lúnasa. Go dtí seo, reachtaladh i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich é ach i mbliana beidh sé ar siúl sa Black Box i lár chathair Bhéal Feirste ar an Aoine beag seo an 23ú Lúnasa ag 8.30in. 

Beidh Sinéad Ní Uallacháin s’againne ina bean a tí ar an oíche agus Séamus Barra, Réaltán Ní Leannáin, agus Seán Ó Muireagáin ina moltóirí.

“Tá an comórtas ag dul i méid achan bhliain agus táimid iontach bródúil go bhfuil muid in ann ardán a thabhairt do slamfhillí Gaeilge. Cuirfidh an deis taifeada seo le NÓS filíocht an bhuaiteora os comhair lucht féachána níos leithne arís agus tá muid iontach buíoch as an deis sin,” a dúirt Caoimhe Ní Chathail, Stiúrthóir na Féile.

Ní mór d’fhilí ar mhaith leo a bheith san iomaíocht dán nuachumtha a bheith de ghlanmheabhair acu agus a bheith sásta é a rá os comhair an tslua. Bronnfar ticéad do Electric Picnic agus £500 ar bhuaiteoir an Slam, bronnfar £300 ar an bhfile a thiocfaidh sa dara háit, agus £100 ar an duine sa tríú háit. 

Cuireadh tús le Liú Lúnasa aréir sa Sunflower le léiriú amharclainne ó Don Ó Donnacháin faoina thaithí mar dhuine óg aerach i gContae an Longfoirt. 

Beidh plé painéil ann i rith na féile: ceann ina bpléifidh Seán Mac Brádaigh, Síomha Ní Aonghusa,  Aindriú de Buitléir, agus Grian Ní Dhaimhín an ghéarchéim thithíochta in Éirinn, faoi stiúir an iriseora Ailbhe Ó Monacháin; agus ceann eile ina bpléifidh Bríd Ó Gallchóir, Réaltán Ní Leannáin agus Edel Ní Churraoin na dúshláin a bhaineann leis na healaíona do mhná agus na buntáistí atá ann dóibh. 

Seolfar dhá leabhar ag an bhféile: Muireann agus an Míol Mór le Malachy Doyle agus Andrew Whitson, agus  Cití na gCártaí le Réaltán Ní Leannáin. 

Is féidir ticéid a fháil anseo agus tá clár iomlán na féile ar fáil anseo.

Níos mó

Cláraigh do nuachtlitir PEIG

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge