Baile
Aoisghrúpaí
> 4 Bliain
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag Tógáil Páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
4 > 12 Bliain
Gaelscoileanna
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
12 > 18 Bliain
Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid nuair atá tú ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
18 > 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ag foghlaim na Gaeilge
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Pobal
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinne
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Sloinne
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
Cúrsaí iarchéime Gaeilge do shaol an lae inniu
Cúrsaí bunchéime spéisiúla le Gaeilge
Folúntais
Físeáin: 'Do Ghairm le Gaeilge'
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Nuacht
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-gradam-markievicz-bronnta-ar-shibeal-davitt-chun-damhsa-nua-faoin-ngaeilge-a-chruthu

Gradam Markievicz bronnta ar Shibéal Davitt chun damhsa nua faoin nGaeilge a chruthú

Tá saothar damhsa faoin nGaeilge i measc na dtograí a mbronnfar Gradam Markievicz orthu.

D’fhógair an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta Josepha Madigan inniu go mbronnfar ceann de na sparánachtaí nua d’ealaíontóirí mná ar Shibéal Davitt as Baile Átha Cliath, Gaeilgeoir agus rinceoir aitheanta.

Misneach is teideal don saothar faoin nGaeilge le Sibéal Davitt.

Ar na daoine eile a mbronnfar an sparánacht nua tá Annemarie Ní Churreáin, file óg as Doire Chonaire i nGaeltacht Dhún na nGall a bheidh ag obair in éineacht le beirt fhilí eile, Kimberley Campanello agus Dimitra Xidoous, ar an togra filíochta, S)worn State(S) – Poems after Countess Constance Markievicz.

Is iad an triúr eile atá roghnaithe don scéim nua sparánachtaí ná Isadora Epstein, scríbhneoir agus ealaíontóir, Louise Lowe, bean amharclannaíochta agus

Claire Kilroy, an scríbhneoir aitheanta. 

Is iad an seachtar seo na chéad daoine ar a mbronnfar Gradam Markievicz, scéim atá ainmnithe i ndiaidh Konstanz Markievicz agus a bhunaigh an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta i mbliana mar chomóradh céad bliain ar an gcéad uair  a toghadh bean ina haire rialtais.

An Chomhairle Ealaíon a rinne an scéim sparánachta a riaradh agus fuarthas 107 iarratas.

€20,000 a thabharfar do gach togra ar éirigh leis.

Agus na gradaim á bhfógairt inniu, dúirt an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta Josepha Madigan nár toghadh chun na Dála ach 113 bean ó dhein Markievicz an beart in 1918.

Níor ceapadh ach 19 díobh sin ina n-airí rialtais le 100 bliain anuas, “mé féin san áireamh in 2017,” a dúirt Josepha Madigan.

Dúirt Madigan gur “ceannródaí íocónach” ab ea Markievicz a bhí “ar dhuine den iliomad ban iontach eile de chuid a ré a bhfuil a gcuid scéalta go fóill á nochtadh dúinn”.

“Fiú tar éis an toghcháin deiridh i mí na Bealtaine agus méadú beag a bheith ar líon na mban in údaráis áitiúla na tíre, is meabhrú é téama na sparánachtaí seo go bhfuil bóthar fada romhainn go fóill chun cothromas iomlán a bhaint amach i saol na polaitíochta in Éirinn,” arsa an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta.

Níos mó

tuairisc.ie

Cláraigh do nuachtlitir PEIG

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge