Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-liu-lunasa-agus-ceithre-imeacht-eile

Liú Lúnasa agus ceithre imeacht eile

| NÓS Suíomh Gréasáin |
Emma Ní Fhíoruisce

Aisling Jarvis agus Emma Ní Fhíoruisce, Clubeo, Leo’s Tavern, Mín na Leice, Dún na nGall Dé hAoine 16 Lúnasa @ 21:30

Bíonn rogha leathan ceoltóirí ag ócáidí Clubeo i gcónaí, a bhuíochas leis an lucht eagraithe. Is beirt bhan óga atá luaite le hócáid na míosa seo. Sin iad Aisling Jarvis agus Emma Ní Fhíoruisce, beirt a bhfuil cleachtadh maith acu a bheith ag seinnt do shluaite ag féilte agus coirmeacha timpeall na tíre, agus níos faide i gcéin. Gan dabht is sa tábhairne aitheanta Leo’s Tavern a bhíonn na himeachtaí rialta seo ar bun agus is tráthnóna inniu a bheidh an bheirt thuasluaite le feiscint!

Ainle Ó Cairealláin

Oíche Scéalaíochta, Ionad ACLAÍ, Corcaigh Dé hAoine 16 Lúnasa @ 19:00;

Lón Mór, Ionad ACLAÍ, Corcaigh Dé Sathairn 17 Lúnasa @ 14:30

Tá an comhlacht a dhíríonn ar thraenáil pearsanta, ACLAÍ, ag ceiliúradh sé bliana ar an mbóthar – treise leo. An bhfuil slí níos fearr chun ceiliúradh a dhéanamh ná teacht le chéile a heagrú? Sin go díreach atá déanta ag fear na háite, Ainle Ó Cairealláin le sraith imeachtaí.

Anocht beidh béim á chur acu ar an mbothántaíocht le hoíche scéalaíochta! Beidh scéalta miotaseolaíochta, béaloidis agus finscéalta i measc eile, á roinnt acu siúd a bheidh i láthair! Beidh fáilte ó chroí romhat, do chuid cainte féin a dhéanamh chomh maith, le linn na hócáide!

Lón Mór teideal ócáid an tSathairn, nuair a thabharfar cuireadh do dhaoine mias a ullmhú agus a bhreith leo chuig an mbéile seo! Bí cinnte gach atá sa mhias a liostáil air, ar mhaith leo siúd le hailléirgí, dála an scéil!

Tá súil acu go spreagfaidh an ócáid seo daoine chun bia bunúsach folláin a chócaráil agus a roinnt le cairde agus clann, mar aon le sult a bhaint as an eispéireas ó thús go deireadh. Roinnfear an bia ar an lá, ach bí cinnte a chur in iúl dóibh má tá fonn ort teacht, le cinntiú go mbeidh spás ag an mbord!

Liú Lúnasa, Béal Feirste 21-25 Lúnasa 2019

Lig LIÚÚÚÚ! Ní fada uainn an fhéile Liú Lúnasa, agus n’fheadar fúibhse, ach táimse ag súil go mór leis. Is i mBéal Feirste a bheidh réimse leathan d’imeachtaí cultúrtha ar siúl ón gCéadaoin seo chugainn. Léiriú fuaime amharclainne le Don Ó Donnacháin dar teideal ‘Déantar Neamhní den Bhuan-Ní’; plé painéil faoin ngéarchéim thithíochta, agus painéal eile a bheidh ag díriú ar Mhná sna hEalaíona; seó puipéid dar teideal Tic Teac Tic Teac agus sprioc na féile domsa go pearsanta, SLAM Filíochta na bliana 2019.

Táim ag súil go mór le liosta na n-iomaitheoirí agus na hábhair a bheidh siad ag cumadh mar gheall orthu, a fheiscint, gan trácht ar an taispeántas féin. An rachaidh siad i bhfeidhm ar Réaltán Ní Leannáin, Seán ‘John Boy’ Ó Muirgeáin agus Séamus Barra Ó Súilleabháin, moltóirí an chomórtais?? Cífimid mhuis! Is fiú ceolchoirm Laochra Liú a lua chomh maith – laochra cinnte na ceoltóirí a bheidh páirteach – Emma Ní Fhíoruisce, Tadhg agus Geal, J.J. Ó Dochartaigh, Dysania agus DJs na féile.

Róisín Seoighe

Cath na Ceathrún Rua, An Tulach, Co. na Gaillimhe, Dé Céadaoin 21 – Dé hAoine 23 Lúnasa @ 21:00

Comhghairdeas ó chroí le lucht Fíbín! Tá spás nua aimsithe acu ar an Tulach agus osclófar go hoifigiúil é ar an gCéadaoin. Chuige seo, léireofar an seó nua dar teideal Cath na Ceathrún Rua, faoi stiúir Philip Doherty, stiúrthóir nua cheaptha ealaíne an chomhlachta. Is amuigh faoin aer a chuirfear an mór-léiriú físiúil seo ar siúl! Tá an saothar seo bunaithe ar eachtra a tharla sa bhliain 1880 nuair a chuir tionóntaí Éireannacha stop le díshealbhú den gcéad uair i stair na hÉireann.

Is meascán d’aisteoirí gairmiúla agus amaitéaracha atá bainteach leis an léiriú seo, ina measc ceoltóirí, rinceoirí agus aisteoirí ón bpobal. Dé Céadaoin oíche na hoscailte ach beidh sé ar siúl Déardaoin agus Dé hAoine chomh maith, ag an am céanna. Faraor tá iomlán na dticéad díolta cheana fhéin – dea-scéal do lucht na drámaíochta! Ach shamhlóinn go gcuirfear ar siúl arís é, má tá an oiread sin do thóir air!

Luíse Ghábhánach Ní Dhufaigh

Léacht ar Louise Gavan Duffy agus Pádraig Mac Piarais, Músaem an Phiarsaigh i bPáirc Naomh Éanna Rath Fearnáin, Déardaoin 22 Lúnasa @ 19:00

Tabharfar caint ar Luíse Ghabhánach Ní Dhufaigh an Déardaoin beag seo. Náisiúnach, sufraigéid agus bunaitheoir Scoil Bhríde, i Raghnallach ab ea í, agus is uirthi a scríobh Celia de Fréine ‘Luíse Ghabhánach Ní Dhufaigh: Ceannródaí’ beathaisnéis na mná. Celia a thabharfaidh an chaint, dírithe ní hamháin ar Luíse, ach ar Phádraig Mac Piarais chomh maith. Is i Músaem an Phiarsaigh i bPáirc Naomh Éanna Rath Fearnáin a bheidh sé ar bun, gan aon chostas le freastal air. B’fhiú áfach áirithint a dhéanamh, is féidir glaoch fóin a chur ar 01 493 4208 nó teachtaireacht chuig pearsemuseum@opw.ie

Ainmníodh leabhar Celia de Fréine do Ghradaim Liteartha an Oireachtais an tseachtain seo.

Níos mó