Baile
Aoisghrúpaí
> 4 Bliain
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag Tógáil Páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
4 > 12 Bliain
Gaelscoileanna
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
12 > 18 Bliain
Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid nuair atá tú ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
18 > 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ag foghlaim na Gaeilge
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Pobal
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinne
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Sloinne
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
Cúrsaí iarchéime Gaeilge do shaol an lae inniu
Cúrsaí bunchéime spéisiúla le Gaeilge
Folúntais
Físeáin: 'Do Ghairm le Gaeilge'
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Nuacht
  • Baile
  • Náisiúnta
  • Ó Mhaigh Eo go Mar-a-Lago, tá gach duine ag súil gurb í seo an bhliain a bhuafar é
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-o-mhaigh-eo-go-mar-a-lago,-ta-gach-duine-ag-suil-gurb-i-seo-an-bhliain-a-bhuafar-e

Ó Mhaigh Eo go Mar-a-Lago, tá gach duine ag súil gurb í seo an bhliain a bhuafar é

D’ardaigh mé mo sheolta agus go Maigh Eo a chuaigh mé ag an deireadh seachtaine. Sea, chuig an gcluiche sin. ‘Rachaimid luath agus gheobhaimid áit pháirceála,’ a dúirt muid. Ach sin é a dúirt na mílte eile freisin. Ba léir nach raibh Cumann Lúthchleas Gael ná na gardaí ag tnúth le slua chomh mór, cé go raibh na ticéid ar fad díolta. Ní raibh aon áit pháirceála ann ach na plásóga féir agus na cosáin ar an mbealach isteach chun an bhaile.

Cá raibh na maoir, a deir tú? Bhíodar feiceálach go maith ag deireadh an chluiche ach ba bheag an mhaith a bhí ansin. Bhí mé ag rá liom féin, lá nó dhó ina dhiaidh, gur cuid de ‘bhlas’ agus ‘atmaisféar’ na hÉireann é an tranglam tráchta, nuair a chuala mé faoin bpraiseach tráchta a bhí ag féile i bPort Láirge.

Ach an-ócáid a bhí i bPáirc Mhic Éil i gCaisleán an Bharraigh – cé go raibh an cluiche garbh go maith amanta.

Bhíomar ag fanacht oíche i mBaile Uí Fhiacháin – bhí Caisleán an Bharraigh lán go béal. Baile beag ciúin é atá thart ar 20 km ó pháirc an áir. (B’fhéidir go bhfillfinn ar scéal an bhaile amach anseo.)

Ach bhí féile ar siúl ann agus ceol tíre ag bleaisteáil amach ó stáitse/leoraí i lár an bhaile. Ní shin é a bhí uainn tar éis lá fada ar an mbóthar, agus cluiche peile lán le teannas agus torann curtha dínn againn. Teach tábhairne nach raibh ceol ná páistí óga ná bia ná teilifís ann a bhí uainn. Thángamar air, trasna an droichid, ar imeall an bhaile. Teach tábhairne d’iascairí slaite a bhí ann – lán le pictiúir den seanbhaile agus de chuimhneacháin iascaireachta. Gan de bhia ann ach paicéid cnónna. Go breá ar fad.

Bhí beagán anonn is anall faoin gcluiche.

‘An t-aon fhoireann a bhfuil faitíos ar Bhaile Átha Cliath rompu…’

‘Ní maith le Maigh Eo aon fhoireann as an tuaisceart, Dún na nGall san áireamh…

‘Níl contae ar bith sa tír nach mian leo go mbuafadh Maigh Eo Cluiche Ceannais anois…’

‘Níl fágtha beo anois ach aon duine amháin…(ó fhoireann 1951)’

Feilméara as baile beag amuigh faoin tuath, agus é suite ar an stól le mo thaobh a bhí ag caint liom. Cheap mé go gcuirfeadh an chaint ar ’51 deireadh tobann leis an dtuairimíocht.

Ach, bhí sé lán le dóchas, ar nós Raifteirí, agus mhaígh sé go raibh a fhios aige cá mbeadh sé dá mbuafaidís i Meán Fómhair.

Sa bpub, a dúirt mise liom féin.

‘Beidh mé i Florida,’ arsa seisean.

Bhuel anois, bheadh sin go deas (agus mé á ghiúmaráil). ‘Téim ann gach bliain ó Dheireadh Fómhair go Nollaig,’ dúirt sé liom. ’Palm Beach- is breá liom é.’

Bhí sé an-eolach ar óstáin, ar thithe, ar linnte snámha, ar stíl bheatha na ‘retirees’ in Florida.

Tá deirfiúr aige thall. Ag obair i gceann de na hóstáin mhóra atá sí, a dúirt sé. Post sinsearach aici i mbainistíocht na mbéilí ann. Thriail mé Donald Trump a tharraingt isteach sa scéal.

‘Nach ansin atá sí ag obair,’ a dúirt sé, ‘650 béilí gach tráthnóna.’

Tá teach breá aici, le linn snámha agus neart scóipe ann do chuairteoirí, go háirithe deartháireacha as Maigh Eo.

‘Tá triúr deirfiúr agam i Meiriceá,’ arsa mo mhéit. ‘Agus an fhad is a mhair m’athair thugadar go Meiriceá gach bliain é ar saoire.’

D’inis sé an scéal iomlán dom ansin.

Fuair a mháthair bás agus gan ach 37 bliain slánaithe aici. D’fhág sí seachtar páistí ina diaidh – an duine ba shine 11 bliain agus an duine ab óige (bean Palm Beach) 14 mí d’aois.

Tháinig an sagart paróiste chuig a athair agus rinne iarracht iad ar fad a chur sa dílleachtlann. Lig an t-athair eascaine leis an sagart bocht, dúirt go mba leis féin na páistí agus go dtabharfadh sé féin aire dóibh.

Agus thug.

Blianta ina dhiaidh sin, chuaigh an triúr deirfiúr go Meiriceá le chéile agus rinne chaon duine acu go maith thall. Nuair a fuair an t-athair bás, ba chosúil go bhfuair mo mhéit an ‘slot’ i Florida ina áit chuile bhliain.

Thuig mé uaidh gur baintreach fir a bhí ann. Labhair sé faoin gclár ar RTÉ a bhain le cúram páistí. Ghoill sé go mór air toisc go mbíodh a bhean ag tabhairt aire do pháistí sa teach fadó. Bhí oiread sin cion ag na páistí  orthu beirt, go dtugaidís cuireadh dóibh blianta ina dhiaidh sin, teacht ag an mbainis nuair a phósadar. Bhí clann mhór acu féin freisin ach ba léir nach raibh aon suim ag aon duine acu i bhfeilm bheag sléibhe i Maigh Eo.

Bhí sé beagnach réidh don phláta sceallóg ach bhí pionta eile le n-ól ar dtús. Dúirt an lead taobh thiar den chuntar go gcuirfeadh sé an t-ordú isteach nuair a bheadh sé réidh lena n-aghaidh. D’inis sé dom gur dhúisigh sé oíche amháin ag bord na cisteanaí ag 2 am agus na sceallóga fuaraithe ar an mbord os a chomhair.

‘Ach chuir mé isteach sa ‘microwave’ iad an fhad is a bhí mé ag réiteach mo bhricfeasta,’ arsa sé. ‘Bhíodar go breá an mhaidin dár gcionn.’

Drochsheans go mbeidh air é sin a thriail i Mar-a-Lago, an fómhar seo. Agus má bhuann Maigh Eo, b’fhéidir go bhfanfadh sé thall.

Níos mó

Mairéad Ní Nuadháin

Cláraigh do nuachtlitir PEIG

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge