Baile
Aoisghrúpaí
> 4 Bliain
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag Tógáil Páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
4 > 12 Bliain
Gaelscoileanna
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
12 > 18 Bliain
Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid nuair atá tú ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
18 > 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ag foghlaim na Gaeilge
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Pobal
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinne
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Sloinne
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
Cúrsaí iarchéime Gaeilge do shaol an lae inniu
Cúrsaí bunchéime spéisiúla le Gaeilge
Folúntais
Físeáin: 'Do Ghairm le Gaeilge'
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Nuacht
  • Baile
  • Náisiúnta
  • Scagadh tomhaiste ar an ngéarchéim tithíochta, agus conas í a leigheas…
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-scagadh-tomhaiste-ar-an-ngearcheim-tithiochta,-agus-conas-i-a-leigheas…

Scagadh tomhaiste ar an ngéarchéim tithíochta, agus conas í a leigheas…

Tá a fhios ag gach duine ciallmhar go bhfuil ganntanas mór tithe agus árasán sa tír agus nach leigheasfar an fhadhb go luath. Níl ionadaí tofa i dTeach Laighean a shéanfadh gurb amhlaidh atá.

Tá baol ann áfach, toisc go bhfuil áit chónaithe ag ár bhformhór, nach bpléifimid dáiríre an leigheas a theastaíonn go géar ó mhionlach mór abhus, agus ó eisimircigh ar mhaith leo filleadh ar Éirinn dá mbeadh áitreabh ar fáil ar chostas réasúnta.

Ní féidir le leabhar dá fheabhas é cur síos lánchinnte ar dhéanamh ar an mbealach chun réitigh. Sin ráite, tá cur síos tomhaiste ar fáil i leabhar nua urlabhraí tithíochta Shinn Féin Eoin Ó Broin, Home: Why Public Housing is the Answer, ar na polasaithe a chuir an tír ar chonair an ghanntanais agus ar na hathruithe a theastaíonn lena leigheas.

Is é bun agus barr na faidhbe, dar leis, róbhéim an rialtais ar thithíocht phríobháideach ó na 1980idí ar aghaidh, agus an laghdú leanúnach atá tagtha dá réir ar thithíocht phoiblí. Shroich an tógáil phoiblí a buaicphointe i 1975, a deir Ó Broin, nuair a tógadh 8,800 teach nó árasán.

Anuraidh, cuireadh 4,251 teach nó árasán sóisialta ar fáil –  2,022 a thóg na húdaráis áitiúla, 1,388 a thóg cumainn tithíochta agus 841 a thóg forbróirí faoin gcoinníoll reachtúil ar a dtugtar ‘Part Five’. Ní foláir cuimhneamh, áfach, agus na figiúirí sin á mbreithniú gur tháinig méadú mór a ar an daonra idir 1975, nuair nach raibh ach thart ar 3.2 milliún duine sa stát, agus an daonra sa lá atá inniu ann, os cionn 4.7 milliún agus an líon sin ag méadú i gcónaí.

Is dlúthchuid d’anailís Uí Bhroin ar na hathruithe a chuir rialtais éagsúla i bhfeidhm gur dhaingnigh siad an meon a fhágann go mbreathnaítear ar thithíocht phoiblí mar rud le freastal ar dhaoine atá ag brath ar shochair leasa shóisialta ón stát seachas mar áiteanna cónaithe d’oibrithe ar ioncam íseal.

Ní féidir achoimriú a dhéanamh anseo ar an mórathrú polasaí a spreag an t-athrú meoin seo, ach is léir cuid dá dhrochthionchar do dhuine ar bith atá ag iarraidh teacht ar theach nó ar árasán ar chíos réasúnta i mBaile Átha Cliath agus i mórán bailte móra eile. Tá an cíos a iarrann tiarnaí talún ag méadú i gcónaí mar gheall ar an ardéileamh, a deir Eoin Ó Broin, agus tá ardú breise ar an éileamh sin mar gheall ar ghanntanas an tsoláthair phoiblí. A thoradh, dar leis: ‘stoirm fhoirfe’ tithíochta.

Cé nach bhfuil tréimhse caite fós i mbun rialtais ag an údar ná ag a pháirtí, agus cé go bhfuil cáineadh láidir ina leabhar ar pholasaithe gach páirtí a bhí i gceannas le leathchéad bliain, tá macalla amháin ann de ráiteas a chloistear go minic ó bhéal an aire tithíochta Eoghan Murphy – ‘there is no quick fix’. Admhaíonn Eoin Ó Broin nach bhfuil réiteach iomlán ná sciobtha á mholadh aige. Go deimhin, ba mhaith leis go n-iarrfaí ar an gComhairle Náisiúnta Eacnamaíochta agus Shóisialta (a d’fhoilsigh tuairisc fhiúntach roimhe seo ar chúrsaí tithíochta) mionstaidéar a dhéanamh ar pholasaí nua tithíochta ina dtabharfaí tús áite don earnáil phoiblí.

Ní hé sin le rá nach bhfuil polasaithe nua molta ina leabhar. Seo cuid acu…

  1. Go dtógfaí 230,000 teach sóisialta nó inacmhainne (‘affordable’) as seo go ceann deich mbliana.
  2. Go méadófaí faoi dhó, ar an toirt, caiteachas an stáit ar thithíocht phoiblí, ó €1.1 billiún go dtí €2.3 billiún.
  3. Méadú ar an gcáin ar thithe folmha ó 3% faoi láthair go dtí 20-25%.
  4. Cosc iomlán ar arduithe ar chíos ar feadh trí bliana.
  5. Faoiseamh cánach a chuirfeadh €1,500 ar an meán ar fáil d’íocóirí cíosa.
  6. ‘Cosc dleathach éigin’ ar an bpraghas a íocann údaráis áitiúla agus talamh á ceannach go héigeantach.

Tá tagairt sa phointe deireanach do thuairisc cháiliúil an bhreithimh John Kenny ar phraghsanna talún, tuairisc a mhol cúiteamh 25% sa bhreis ar an luach reatha. Cuireadh tuairisc Kenny faoi bhráid an rialtais i i 1972, ach níor cuireadh i bhfeidhm fós í.

Níl freagra a shásódh mórán sa leabhar ar na ceisteanna airgeadais a spreagann moltaí mar atá thuas. Deir Eoin Ó Broin go bhféadfaí an t-airgead a theastaíonn a fháil ar iasacht, cé go gcuireann fiacha as cuimse an stáit agus rialacha an AE srian ar chumas an rialtais iasachtaí a fháil.

Dúisíonn a leabhar ceisteanna móra polaitiúla freisin. An mbeadh móramh vótóirí toilteanach tacú le cur chuige chomh radacach leis an gceann a mholann sé, agus an mbeadh comhrialtas ina mbeadh Sinn Féin páirteach ábalta é a chur i bhfeidhm in imeacht deich mbliana, agus dhá olltoghchán?

Ba chóir ar ndóigh go spreagfadh dianmhachnamh polaitiúil ceisteanna dá leithéid. Tá ceist a bhaineann go dlúth le leas na tíre cíortha go cúramach agus go tomhaiste ag Eoin Ó Broin.

Má shíleann tú nach mbeidh rath ar an tír mura n-athraítear ár gcur chuige lochtach maidir le cúrsaí tithíochta, b’fhiú duit a leabhar a léamh.

Níos mó

Cathal Mac Coille

Cláraigh do nuachtlitir PEIG

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge