Baile
Aoisghrúpaí
> 4 Bliain
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag Tógáil Páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
4 > 12 Bliain
Gaelscoileanna
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
12 > 18 Bliain
Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid nuair atá tú ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
18 > 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ag foghlaim na Gaeilge
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Pobal
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinne
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Sloinne
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
Cúrsaí iarchéime Gaeilge do shaol an lae inniu
Cúrsaí bunchéime spéisiúla le Gaeilge
Folúntais
Físeáin: 'Do Ghairm le Gaeilge'
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Nuacht
  • Baile
  • Spórt
  • Tá David Gough ar dhuine de na réiteoirí is fearr atá againn
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-ta-david-gough-ar-dhuine-de-na-reiteoiri-is-fearr-ata-againn

Tá David Gough ar dhuine de na réiteoirí is fearr atá againn

Sula ndéarfaidh mé tada eile, caithfidh mé a rá gur dlúthchara liom é David Gough. Ag tús na seachtaine, bhí roinnt i gCiarraí a cheistigh an mbeadh sé sách-oibiachtúil le seasamh i lár báire sa gcluiche ceannais idir Ciarraí agus Baile Átha Cliath. An t-údar a bhí acu? Cé gur as Contae na Mí  é, tá cónaí air i mBaile Átha Cliath agus tá sé ag obair anseo chomh maith.

É sin, agus cúpla bliain ó shin, nuair a bhí sé ag réiteoireacht idir an dhá fhoireann chéanna rinne sé botúin. D’íoc sé go daor as na dearmaid sin, mhínigh sé cén fáth gur tharla sé, agus ghabh sé a leithscéal. D’fhoghlaim sé uaidh, agus níl aon dabht ach gur réiteoir níos fearr atá ann inniu mar gheall go raibh sé sásta fás agus foghlaim a dhéanamh.

Ó shin i leith, tá sé ar dhuine de na réiteoirí is fearr atá againn, agus tá an cluiche mór tuilte aige. Bhí roinnt nár aontaigh leis sin, áfach, ag rá nach bhféadfadh sé a bheith neodrach agus é ina chónaí san ardchathair. Bhí mé ag breathnú ar an gcraic ar fad agus ag rá liom féin go gcaithfeadh sé nach raibh aon chall ag na daoine seo an baile a fhágáil le dul ag obair riamh.

Go raibh neamhaird iomlán déanta acu ar an athrú atá ar an saol, agus ar an gcaoi go bhfuil an aos óg á tharraingt soir. Ceistíodh a charachtar agus a chuid macántachta mar gheall go bhfuil griangraf ar an idirlíon dó ag seasamh le grúpa daoine as Baile Átha Cliath agus Corn Mhig Uidhir acu.

Tógadh an pictiúr sin agus é ina mhúinteoir i scoil nuair a tugadh an corn ar cuairt ag na gasúir. A léithéid de pheaca marfach. D’oibrigh sé le Cumann na mBunscol, agus thraenáil sé gasúir as Baile Átha Cliath, agus sin dóthain údair dó a bheith claonta is cosúil.

Táimse, cosúil leis na mílte daoine eile ó ar fud na tíre, i mo chónaí i mBaile Átha Cliath le roinnt blianta. D’imir mé peil leis Na Gaeil Óga. Níl seans ar bith faoin spéir go dtabharfaí Dub orm, ná go mbeadh aon bhá agam leo mar gheall air seo. Go deimhin, dá mbeadh gasúr amárach agam agus dá mbeadh siad ag iarraidh geansaí Bhaile Átha Cliath seachas dathanna álainn na Gaillimhe, bhrisfeadh mo chroí beagán.

Tá an fhios agam go mothaíonn David Gough ar an gcaoi chéanna faoi Chontae na Mí. An bhfuilimid tagtha ag an lá má tá iallach curtha ar dhuine tuaithe bogadh go Baile Átha Cliath nach féidir iad a thrust mar go dtarlóidh múnlú inchinne de chineál éigin orthu?

Is iomaí lá atá caite ag Gough ag traenáil i mBaile Shláine agus i mBaile Átha Cliath. Is iomaí uair a chloig atá tugtha aige go deonach don CLG. An oíche ina raibh daoine á tharraingt óna chéile ar an idirlíon, ag réiteoireacht cluiche faoi 14 sa Mí a bhí sé. An rud is tábhachtaí atá ag réiteoir ná a charachtar. Sé’n trua é gur triáileadh é sin a thógáil ó Ghael.

Níos mó

Cláraigh do nuachtlitir PEIG

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge