Baile
Aoisghrúpaí
> 4 Bliain
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag Tógáil Páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
4 > 12 Bliain
Gaelscoileanna
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
12 > 18 Bliain
Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid nuair atá tú ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
18 > 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ag foghlaim na Gaeilge
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Pobal
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinne
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Sloinne
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
Cúrsaí iarchéime Gaeilge do shaol an lae inniu
Cúrsaí bunchéime spéisiúla le Gaeilge
Folúntais
Físeáin: 'Do Ghairm le Gaeilge'
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Nuacht
  • Baile
  • Náisiúnta
  • Torthaí Ardteiste amuigh– an Ghaeilge ar na hábhair is éasca, ach méadú ar líon na ndaltaí nach bhfuil á déanamh
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-torthai-ardteiste-amuigh–-an-ghaeilge-ar-na-habhair-is-easca,-ach-meadu-ar-lion-na-ndaltai-nach-bhfuil-a-deanamh

Torthaí Ardteiste amuigh– an Ghaeilge ar na hábhair is éasca, ach méadú ar líon na ndaltaí nach bhfuil á déanamh

Ní dhearna 10,453 den 58, 787 duine a rinne an Ardteist i mbliana aon scrúdú Gaeilge, sin 17.8% de na daltaí a rinne scrúduithe na bliana seo. Seo an chéad uair ar tháinig ardú ar chéatadán na ndaltaí nach ndearna aon scrúdú Gaeilge ó 2012.

De ghnáth, bíonn díolúine ag idir 60-70% de na daltaí nach ndéanann aon scrúdú Gaeilge.

D’éirigh le 45.8% den 23,176 duine a rinne scrúdú ardleibhéal Gaeilge na hArdteiste i mbliana ceann de na trí ghrád is airde a fháil, is é sin marc os cionn 70%.

Mórán mar a chéile a bhí na figiúirí in 2018, nuair a fuair 46.1% na trí ghrád is airde.

Fuair 33.3%, nó duine as gach triúr, ceann de na trí ghrád is airde i scrúdú ardleibhéil an Bhéarla i mbliana agus 34.1% a rinne amhlaidh sa Mhatamaitic, rud a fhágann gurb í an Ghaeilge an croí-ábhar ab éasca arís le torthaí maithe a bhaint amach ann.

De réir thorthaí na hArdteiste atá foilsithe inniu ag Coimisiún na Scrúduithe Stáit, 23.4% díobhsan a rinne an scrúdú Gaeilge ardleibhéil a fuair an dá ghrád is airde, nó A1 agus A mar a bhíodh.

Níor theip ach ar 0.4% de na daltaí ardleibhéil, méadú beag ar an ráta teipe anuraidh, 0.3%.

Fágann sin gur sa Ghaeilge atá an ráta teipe is ísle i scrúduithe na hArdteiste taobh amuigh den cheol, den eacnamaíocht talmhaíochta agus de líon beag teangacha amhail an Ghréigis agus an Rúisis gur beag daltaí a thugann fúthu.

48,334 dalta a rinne scrúdú Gaeilge in 2019, ag áireamh ardleibhéal, gnáthleibhéal agus bonnleibhéal. Méadú é sin ar líon na ndaltaí a thug faoi scrúdú Gaeilge in 2018, mar a ndearna 46,451 duine scrúdú Gaeilge.

Fágann sin go bhfuil difríocht shuntasach arís i mbliana idir líon na ndaoine nár thug faoin scrúdú Gaeilge ach a rinne scrúdú Béarla nó Matamaitice in 2019. 6,360 níos mó a rinne Béarla ná Gaeilge i mbliana agus 6,760 níos mó a rinne an Mhatamaitic ná an Ghaeilge.

Deir an Roinn Oideachais go mbíonn cúiseanna éagsúla ag daoine nach mbíonn díolúine acu gan scrúdú Gaeilge a dhéanamh san Ardteist.

Gaeilge (Ardleibhéal)
Bliain Iomlán 1 2 3 4 5 6 7 8
2019 23176 5.7 17.7 22.4 23 18.3 9.6 2.8 0.4
2018 22400 4.8 18.1 23.2 23.6 18.5 9.5 2.1 0.3
Gaeilge (Gnáthleibhéal)
Bliain Iomlán 1 2 3 4 5 6 7 8
2019 22324 0.3 5.2 18.5 26.2 25 15.7 6.3 2.8
2018 21439 0.3 5.2 19.0 28.1 24.6 14.7 5.6 2.5
Gaeilge (Bonnleibhéal)
Bliain Iomlán 1 2 3 4 5 6 7 8
2019 2834 1.9 11.8 19.9 24.5 20.9 12 6.2 2.9
2018 2911 1.3 9.9 19.3 25.2 21.9 12.7 6.4 3.3

I measc na gcúiseanna a luaitear, tá gan aon spéis a bheith ag daltaí áirithe an scrúdú a dhéanamh. Comh maith leis sin, dúradh go socraíonn daltaí nach mbeidh Gaeilge riachtanach ina gcuid staidéir tar éis na hArdteiste. Ina measc siúd bíonn daltaí a bhfuil fúthu dul ag staidéar thar lear. Ní dhéanann daltaí eile scrúdú Gaeilge toisc iad a bheith ag déanamh na hArdteiste don dara huair nó toisc iad a bheith ina n-iarrthóirí seachtracha nach bhfuil Gaeilge á dhéanamh acu.

Tá córas nua grádanna i bhfeidhm don Ardteist ó 2017.

Faoin gcóras seo, ocht ngrád a bhíonn i gceist seachas 14 grád mar a bhíodh ann.

Beidh 58, 787 duine ag fáil torthaí na hArdteiste inniu.

Deir Coimisiún na Scrúduithe Stáit go bhfuil torthaí na bliana seo ag teacht cuid mhór le torthaí blianta eile.

I mbliana marcáladh le córas marcála ar líne scrúduithe in ábhair áirithe, an Mhatamaitic, an Cheimic, an Bhitheolaíocht agus an Fhisic san áireamh. Faoin gcóras seo is amhlaidh a rinneadh scanadh ar na páipéir scrúdaithe agus mharcáil scrúdaitheoirí iad agus bogearra faoi leith in úsáid acu. specially designed Rinne Coimisiún na Scrúduithe Stáit an-soiléir nach ríomhaire a bhí ag ceartú na bpáipéar seo ach gur “ar ríomhaire” a ceartaíodh iad.

Dúirt an Coimisiún gur chóir do na daoine óga atá ag súil lena dtorthaí inniu clárú ar Thairseach Féinseirbhíse an Iarrthóra ag www.examinations.ie.

Dúradh go raibh feabhas curtha ar an gcóras ionas go bhféadfaí torthaí achomhairc a chur ar fáil sa tseachtain dár críoch an 20 Meán Fómhair, trí seachtaine níos túisce ná anuraidh.

Beidh torthaí achomhairc ar fáil níos luaithe i mbliana mar gheall ar chás Rebecca Carter, Gaeilgeoir óg ar bronnadh na pointí míchruinne uirthi i scrúdú na hArdteistiméireachta an samhradh seo caite. Thug Carter  cás in aghaidh Choimisiún na Scrúduithe Stáit toisc í a bheith i mbaol a háit a chailliúint ar chúrsa tréidliachta i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath de bharr an bhotúin.

Tá líne chabhrach ar fáil ó mhaidin inniu chun eolas a chur ar fáil do dhaltaí agus do thuismitheoirí maidir leis na torthaí. 1800 265 165 uimhir na líne cabhrach atá á reáchtáil ag Comhairle Náisiúnta na dTuismitheoirí.

Níos mó

tuairisc.ie

Cláraigh do nuachtlitir PEIG

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge