Baile
Aoisghrúpaí
> 4 Bliain
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag Tógáil Páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
4 > 12 Bliain
Gaelscoileanna
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
12 > 18 Bliain
Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid nuair atá tú ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
18 > 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ag foghlaim na Gaeilge
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Pobal
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinne
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Sloinne
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
Cúrsaí iarchéime Gaeilge do shaol an lae inniu
Cúrsaí bunchéime spéisiúla le Gaeilge
Folúntais
Físeáin: 'Do Ghairm le Gaeilge'
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Nuacht
  • Baile
  • Idirnáisiúnta
  • Vóta mímhuiníne agus toghchán a bheidh ann, a deir feisire parlaiminte de bhunadh na Gaeltachta
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-vota-mimhuinine-agus-toghchan-a-bheidh-ann,-a-deir-feisire-parlaiminte-de-bhunadh-na-gaeltachta

Vóta mímhuiníne agus toghchán a bheidh ann, a deir feisire parlaiminte de bhunadh na Gaeltachta

Tá ráite ag Pat McFadden, an ball de pharlaimint Westminster ar de bhunadh Ghaeltacht Thír Chonaill é, gur dóichí go gcuirfear síos vóta mímhuiníne i rialtas Boris Johnson an tseachtain seo chugainn agus go mbeidh olltoghchán ann laistigh “de chúpla mí”.

Bhí an Feisire do Wolverhampton Thoir Theas, a bhfuil aithne mhaith air i gceantar an Fháil Charraigh i nGaeltacht Thír Chonaill, i measc na bhfeisirí is láidre a cháin cinneadh Boris Johnson an pharlaimint a chur ar fionraí ar feadh cúig seachtaine.

“Deir an Rialtas mar

chosaint air seo, gur rud normálta atá ann. Ní hea ach a mhalairt. Is fíor go stopann an pharlaimint ag teacht le chéile roinnt laethanta roimh sheisiún nua ach tá sé seo á dhéanamh d’aon ghnó chun stop a chur leis an bparlaimint a cuid oibre a dhéanamh,” a dúirt McFadden.

Dúirt McFadden gur cuma cad a déarfadh Boris Johnson nach gcreidfeadh aon duine é nach raibh an pharlaimint á cur ar fionraí aige mar gheall ar an mBreatimeacht.

“Agus an 31 Deireadh Fómhair ag teannadh linn Is ríshoiléir go bhfuil sé á dhéanamh seo le stop a chur leis an bparlaimint a cuid oibre a dhéanamh agus le go mbeidh sé in ann an Breatimeacht a chur i gcrích gan aon scrúdú air sa pharlaimint.”

Bhí Pat McFadden ina Scáth-Aire na hEorpa nó gur chuir Jeremy Corbyn an ruaig air ó bhinse tosaigh an pháirtí in 2016.

Cainteoirí dúchais Gaeilge, arbh as an Dún Mhór iad beirt, ab ea tuismitheoirí McFadden. D’fhreastail Jimmy Den Rua Mac Pháidin (nach maireann) agus a bhean chéile Annie sna 1930idí agus 1940idí ar Scoil Náisiúnta Mhín Doire, scoil bheag Ghaeltachta atá dúnta anois.

Thugadar beirt aghaidh ina dhiaidh sin ar Ghlaschú na hAlban, áit ar rugadh agus a tógadh Pat McFadden.

Chaith McFadden cuid mhaith dá óige i nGaeltacht Thír Chonaill agus tugann sé cuairteanna rialta ar an bhfód dúchais. Is i reilig an Fháil Charraigh atá athair an Fheisire do Wolverhampton Thoir Theas curtha.

Sa bhliain 2011, craoladh clár faisnéise ar TG4 faoi shaol agus faoi shaothar McFadden, The Right Honourable Pat Jimmy Den Rua MP.

Níos mó

tuairisc.ie

Cláraigh do nuachtlitir PEIG

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge