Baile
Ceisteanna Coitianta
Aoisghrúpaí
> 4 Bliain
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag Tógáil Páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
4 > 12 Bliain
Gaelscoileanna
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
12 > 18 Bliain
Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid nuair atá tú ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
18 > 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ag foghlaim na Gaeilge
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Pobal
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinne
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Sloinne
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
Cúrsaí iarchéime Gaeilge do shaol an lae inniu
Cúrsaí bunchéime spéisiúla le Gaeilge
Folúntais
Físeáin: 'Do Ghairm le Gaeilge'
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
5 leid d'fhísagallaimh
Nuacht
  • Baile
  • Cothroma
  • 20×20: Cothromaíocht na mban i gcúrsaí spóirt

20×20: Cothromaíocht na mban i gcúrsaí spóirt

Medb Ní Dhúláin

Más maith is mithid, ní féidir a shéanadh go bhfuil dul chun cinn ollmhór déanta le blianta beaga anuas ó thaobh ionadaíocht na mban i gcúrsaí spóirt fud fad an domhain.

I bPáras sa bhliain 1900, ní raibh ach 2.2% de na scoth-lúthchleasaithe a ghlac páirt sna Cluichí Oilimpeacha ina mná.

I gcomparáid leis sin, i dTóiceo 2020, is mná iad 48.8% de na lúthchleasaithe a bhain áit amach le bheith páirteach sna Cluichí.

Beidh beagnach an líon céanna fear agus ban i láthair. Beagnach.

Deascéal amach is amach atá ann ach, ar an mheán, is fir iad naonúr as gach deichniúr traenálaithe ag na Cluichí Oilimpeacha. Tá níos mó le déanamh againn go fóill.

In 1967, d’éirigh le Kathrine Switzer Maratón Bhostúin a rith ó thús go deireadh agus í cláraithe faoin ainm neodrach ‘K. V. Switzer’, d’ainneoin na n-iarrachtaí a rinne feidhmeannaigh í a bhaint den rás.

Ní raibh cead ag mná páirt a ghlacadh sa rás go dtí 1972 nuair nár chláraigh ach naonúr ban fána choinne. Anuraidh, rith 13,684 bean i gceann de na maratóin is cáiliúla ar fud na cruinne.

Ritheadh Maratón Bhostúin den chéad uair sa bhliain 1887 áfach agus, le 122 bliain anuas, níor ceapadh ach bean amháin mar uachtarán ar an bhord gobharnóirí. Tá níos mó le déanamh againn.

Anseo in Éirinn, bíonn claonadh againn ár gcuid ama a ghlacadh agus muid ag cur athruithe móra i bhfeidhm maidir le gné ar bith den saol, ach go háirithe i gcás chothromaíocht na mban.

Tá athrú riachtanach dár ndóigh chun cothromaíocht a bhaint amach ag gach leibhéal agus is é sin an fáth ar bunaíodh an feachtas feasachta 20×20 ag tús na bliana seo. Baineann sé le hinfheictheacht, le comhionannas agus le meas agus tá na rudaí seo uilig tuillte ag mná spóirt na tíre seo.

Is tionscadal den scoth é seo de chuid Along Came a Spider i gcomhpháirt le Cónaidhm Spóirt na hÉireann agus is í an sprioc atá acu ná aistriú iomlán cultúrtha a chruthú sa mheon aigne fo-chomhfhiosach agus muid ag smaoineamh ar spóirt na mban ar bhealach atá claonta.

Is í aidhm an fheachtais ná go dtiocfaidh méadú 20% ar ghnéithe éagsúla den earnáil roimh dheireadh na bliana seo chugainn – 20% faoi 2020, nó 20×20 go gairid.

Is é an mana atá ag an fheachtas 20×20 ná ‘If she can’t see it, she can’t be it’, agus ní thiocfadh leo a bheith níos cruinne.

Tá na heiseamlairí againn cheana féin. Tá siad ar fud na háite ag cur sár-iarracht isteach lena gcuid oibre agus lena gcuid traenála, ach is minic an obair sin i bhfolach. Ní féidir le cailíní óga a bheith spreagtha acu muna féidir leo iad a fheiceáil.

Imríonn na meáin chumarsáide ról ríthábhachtach leis an fheachtas seo a chur chun cinn agus tá sé mar sprioc ag an ghrúpa taobh thiar de go dtiocfaidh méadú 20% ar an mhéid a chlúdaítear sna meáin de mhná spóirt. Bíodh sin fríd chluichí na mban a chlúdach nó baniriseoirí agus ban-tráchtairí a bheith ar phainéil chainte agus ar chláir spóirt níos minice, agus ní hamháin ar mhaithe le cuma a chur ar chúrsaí.

Nuair a smaoiníonn tú ar leithéidí Máire Treasa Ní Cheallaigh, Fiona Steed, Maureen Madill agus Joanne Cantwell, níl aon amhras ach go bhfuil mná spóirt s’againn chomh láidir, chomh cumasach agus chomh heolach le fear ar bith agus is minic a bhíonn siad in ann dearcadh iomlán eile a thabhairt dúinn ar chúrsaí spóirt.

Táthar ag tnúth fosta le méadú 20% ar rannpháirtíocht na mban i gcúrsaí spóirt idir imreoirí, thraenálaithe, réiteoirí agus fheidhmeannaigh riaracháin ag gach leibhéal agus i ngach spórt.

Tá ambasadóirí iontacha a imríonn spóirt éagsúla ag glacadh páirt san fheachtas – Laura Twomey, Leona Maguire, Sarah Rowe, Louise Quinn agus Stephanie Meadow ina measc – agus nuair a fheiceann cailíní óga na héachtaí atá bainte amach acu, creideann siad gur féidir leo an rud céanna a dhéanamh. Tá sé chomh simplí sin.

Beidh cuimhne go deo agam féin ar Maggie Farrelly agus í ag rith amach i bPáirc Brewster mar réiteoir an chluiche idir Fear Manach agus Coláiste Ollscoile Naomh Mhuire in 2015 mar chuid de Chorn an Dochtúra Mac Cionnaith.

Ní dhéanfaidh mé dearmad riamh ar an chéad uair a chonaic mé Gemma O’Connor ag imirt camógaíochta i bPáirc an Chrócaigh nó ar an chéad uair a chuala mé Ann Marie Hayes ag caint ar The Sunday Game.

Ní dhéanann cailíní óga dearmad ar na sárlaochra seo agus ní beag an tionchar a imríonn siad orthu.

Is í sprioc dheireanach an fheachtais ná go dtiocfaidh méadú 20% ar an mhéid daoine a fhreastlaíonn ar chluichí na mban.

D’imir an feachtas ról ar leith maidir le suim a chothú i gcúrsaí spóirt i measc cailíní óga i mbliana agus is léir ón scaifte a bhí i láthair ag cluichí ceannais pheil na mban inné gur éirigh go han-mhaith leo.

Bhí 56,114 i láthair i bPáirc an Chrócaigh – an slua ba mhó agus ba bhríomhaire a bhí riamh ann chun amharc ar chluiche na mban.

Anuraidh, d’fhreastal slua níos mó ar an chluiche ceannais i bpeil na mban (50,141) ná mar a d’fhreastal ar aon imeacht spóirt amatéarach na mban ar fud na hEorpa in 2018.

Arís eile, bhí 24,730 i láthair ag an chluiche ceannais camógaíochta i bPáirc an Chrócaigh i mbliana, níos mó ná mar a bhí ann riamh roimhe. Tá cúrsaí ag dul ó neart go neart cinnte ach tá níos mó le déanamh againn.

Is imreoir agus traenálaí camógaíochta mé ach níor fhreastal mé ar an chluiche ceannais camógaíochta le deich mbliana anuas. Taobh istigh den tréimhse chéanna sin, d’fhreastal mé ar chúig chluiche ceannais iománaíochta. Tá mé féin mar chuid den fhadhb agus tá níos mó le déanamh agam.

Ach má dhéanann gach duine againn, fir agus mná, idir óg agus aosta, cinneadh chun rud amháin a athrú faoi na nósanna atá againn ó thaobh spóirt na mban de, déanfaidh sé difear don chéad ghlúin eile.

Níor cheart go mbeadh seo ina scéal ar an chéad dul síos agus tá súil agam go dtagann an lá nuair nach gcaithfidh muid scéaltaí mar seo a thuarisciú. Is de réir a chéile a thógtar na caisleáin ach is mór an trua nach raibh mná á dtógáil ón tús.

Má tá cailín óg i do shaol agat, bíodh sin do dheirfiúr, d’iníon, do neacht nó dalta de do chuid go fiú, déan cinnte de go bhfeiceann sí ban-lúthchleasaithe láidre, aclaí agus cróga chomh minic agus is féidir. Amharc ar chluichí léi. Bí ag imirt spóirt léi. Seans gur lúthchleasaí í nár tháinig i gcrann go fóill. Tabhair an seans sin di.

Níos mó

Cláraigh do nuachtlitir PEIG

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge