Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-an-aithneofa-cait-de-poire-agus-tailliur-ni-fhuada?-ta-aip-do-sin-ann!

An aithneofá Cáit de Poire agus Táilliúr Ní Fhuada? Tá aip dó sin ann!

| NÓS Suíomh Gréasáin |

Cáit de Poire, Críostir Mac Raghnaill, Éamonn Ó Síoráin, Táilliúir Ní Fhuada, agus Dónal Mac Giolla Bhrátha. 

Is dóigh nach n-aithneofá na hainmneacha sin ar an gcéad radharc, ach is leaganacha Gaeilge iad de mhórphearsana an domhain, curtha ar fáil ag an draoi ríomhairí Kevin Scannell. Dá mba i Ros Muc a bheadh Katy Perry agus Cristiano Ronaldo, nó i nGaoth Dobhair a chónódh Ed Sheeran agus T-Swizz sin iad na hainmneacha a bheadh orthu, agus cé go dtugtar ‘An Trumpach’ ar Donald Trump, is amhlaidh gur ‘Mac Giolla Bhrátha’ an sloinne ceart Gaeilge a bheadh air. 

Tá inneall nua — ‘Gaelaigh mé!’— cruthaithe ag an ollamh in Ollscoil Missouri a chuireann leaganacha dlisteanacha Gaeilge agus Gaelaithe ar fáil d’ainmneacha Béarla agus Galldaithe. Is féidir ainm ar bith a chur isteach san inneall nua, a foilsíodh inné ar shuíomh idirlín Kevin, cadhan.com, agus déanfar iarracht leagan Gaeilge den ainm sin a sholáthar. 

Anuas air sin, tá “liosta ceiliúrán” ar an suíomh agus leaganacha Gaelaithe d’ainmneacha ar nós Justin Bieber (Saebhreathach Béabhar), Bill Gates (Liam de Gheata), Helen Keller (Léan Ní Chéileachair) agus Beyoncé Knowles (Beyoncé Ní Thnúthail) le fáil ann. 

Is minic a bhíonn fonn ar fhoghlaimeoirí Gaeilge leagan Gaelach dá n-ainm a aimsiú agus is mór an chabhair a bheidh san uirlis nua seo ó Kevin Scannell chuige sin. Cabhróidh sé, freisin, le daoine an litriú ceart ar a n-ainm nó a sloinne a aimsiú. 

“Is bunachar sonraí simplí atá ann a bhfuil na hainmneacha agus na sloinnte is coitianta ó fhoinsí éagsúla. Chruthaigh mé an bunachar ag an deireadh seachtaine agus ansin scríobh mé cód a láimhseálann na leaganacha firinscneacha agus baininscneacha, agus leaganacha pósta agus araile,” a mhínigh Kevin do NÓS. 

Ar na foinsí a d’úsáid sé leis an uirlis a chruthú bhí na leabhair An Sloinnteoir Gaeilge agus an tAinmneoir, Sloinnte Gaedheal is Gall, agus English-Irish Dictionary de Bhaldraithe. Chomh maith leis sin tá eolas ó Innéacs Sloinnte Éireannacha Dúchas.ie, ón bPríomhoifig Staidrimh, agus ón Vicipéid. 

“Tá mé ag obair le Wikidata faoiláthair, ag iarraidh mórán sonraí Gaeilge a chur leis, agus amach anseo Vicipéid na Gaeilge a leathnú. Mar chuid den obair sin, bhí mé ag iarraidh ainmneacha cearta Gaeilge a chur ar haoine nuair a bhí a leithéid ann agus in úsáid. Sin an fáth ar scríobh mé an script i dtús báire. Tá timpeall is milliún iontráil á nuashonrú faoi láthair — tógfaidh sé cúpla seachtain!

“Tá mé ag iarraidh ainmneacha sa gcorpas atá agam a cheangal le hiontrálacha Wikidata, agus dá bharr sin tá sé tábhachtach ‘Bertie Ahern’ a cheangal le ‘Parthalán Ó hEachthairn agus araile. Nuair a bhí an cód sin críochnaithe bhí sé sách éasca é a chur suas ar mo shuíomh, agus ligean do dhaoine eile é a úsáid,” a dúirt Kevin le NÓS. 

Mar sin, Gaelaigh tú féin! 

Níos mó