Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-caithfear-luthchleasaithe-oga-a-chosaint-o-dhrugai

Caithfear lúthchleasaithe óga a chosaint ó dhrugaí

| NÓS Suíomh Gréasáin |

Ní thuigfidh mé go brách cén fáth a ndiúltaíonn daoine glacadh leis go bhfuil lúthchleasaithe ar fud na cruinne, agus ar fud na tíre seo, agus i chuile spórt faoin spéir ag tógáil drugaí. 

Nílim ag rá go bhfuil chuile dhuine acu á dhéanamh, mar níl, ach tá i bhfad níos mó ná mar a shílfeá.

Tá blianta caite againn ag caint ar dhrugaí sa rothaíocht agus sa lúthchleasaíocht. Anois, tá aird á dhíriú ar an rugbaí, ach ar ndóigh níl imreoirí rugbaí in Éirinn á dtógáil. San Afraic Theas atá an fhadhb. Níl tada ar bun anseo. Faraor, tá súil agam nach bhfanfaidh muidne agus na húdaráis chomh soineanta sin, mar dochar don aos óg a bheidh mar thoradh air.

Tá iarchaptaen na hÉireann, Brian O’Driscoll, ag caint go leor na laethanta seo. Labhair sé le bliain faoi dhochtúirí ag tabhairt instealltaí agus piollairí d’imreoirí chun iad a choinneáil ag imirt. Labhair sé arís an tseachtain seo, ag léiriú a imní faoin easpa tástálacha drugaí atá á ndéanamh sa rugbaí i measc na scoláirí óga meánscoile atá ag imirt. 

Shamhlóinn go bhfuil fios a ghnó ag O’Driscoll, agus nach ag caitheamh amach tuairimí gan bunús atá sé. 

Dúirt sé gur ag an leibhéal faoi aois is mó a d’fhéadfadh imreoir óg a bheith meallta. Agus, luíonn sé sin le réasún. Is ag an aois sin a mhealltar daoine i dtreo an óil, toitíní, drugaí agus rudaí eile nár cheart dúinn a dhéanamh. Tá siad ag aois a bhfuil siad ag iarraidh barr feabhais a bhaint amach, agus b’fhéidir slí beatha a fháil ón rugbaí. 

Tá siad fós ag fás, agus dá réir, tá cuid acu níos mó nó níos lú ná chéile, rud a chothaíonn buntáiste don té is láidre sa bpaca. Agus níl aon tástáil á déanamh orthu. Is láidir an t-imreoir óg a dhiúltódh stéaróideach, mar shampla, agus é ráite leis nó léi ag 16 bliain d’aois “níl tú sách maith”. 

Tá tástáil á déanamh ag chuile leibhéal eile, agus in ainneoin sin, tá daoine fós ag dul i ngreim. Frítheadh stéaróideach anabalach i samplaí a thug Aphiwe Dyanti na hAfraice Theas le deireanaí, agus tá seans ann go stopfar ag imirt é, ag braith ar an deireadh a bheidh ag an bhfiosrúchán. 

Bheadh muid ag déanamh faillí ar an spórt agus ar an té atá glan má táimid chun glacadh leis nach bhfuil ábhar mar sin le fáil in aon duine eile, in aon áit eile. Bhí Dyanti le n-imirt i gCorn an Domhain. Cé mhéid imreoir óg a bheidh ag suí sa mbaile in Éirinn, Sasana, an Astráil, aon áit eile, ag rá leis nó léi féin; “tá chuile dhuine eile á dhéanamh.”

Sa lá atá inniu ann, tá fáil ar na drugaí agus na hábhair seo i spórtlanna na tíre. Ní ag na lúthchleasaithe gairmiúla atá siad níos mó.  Go minic, ní thuigtear an tionchar atá acu ar an gcolainn, ar an gcroí ná ar an gcloigeann. Caithfear daoine a chosaint, go háirithe an ghlúin óg atá ag teacht agus a bheidh ag féachaint ar an gcomórtas sa tSeapáin, ag samhlú go mbeidh siad ag an gcéad cheann eile. 

Níos mó