Baile
Aoisghrúpaí
> 4 Bliain
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag Tógáil Páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
4 > 12 Bliain
Gaelscoileanna
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
12 > 18 Bliain
Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid nuair atá tú ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
18 > 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ag foghlaim na Gaeilge
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Pobal
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinne
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Sloinne
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
Cúrsaí iarchéime Gaeilge do shaol an lae inniu
Cúrsaí bunchéime spéisiúla le Gaeilge
Folúntais
Físeáin: 'Do Ghairm le Gaeilge'
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Nuacht

Céard atá ar do liosta athchúrsála?

Stór Focal: Astaigh – to emit, Gníomhú aeráide – climate action, Leacht – liquid, Coimeádán – container, Dramhphost – junk mail, Lannaithe – laminated, Leacáin – tiles, Scragall – foil, Tocht – mattress, Inbhuanaitheacht – sustainability

Tá an athchúrsáil i gcroílár ghluaiseachtaí gníomhú aeráide agus aithnítear anois gurb í ceann de na bunchlocha is mó maidir le gearradh siar ar an méid carbóin a astaíonn an cine daonna. Tá cúrsaí athchúrsála i mbéal an phobail le tamall de bhlianta anuas agus tá fáil ar acmhainní a bhaineann léi go forleathan i gcathracha agus i mbailte timpeall na hÉireann.

É sin ráite cé go bhfuil muintir na tíre ar an eolas faoin tábhacht a bhaineann le hathchúrsáil is minic nach ndéantar i gceart í mar gheall ar chúiseanna faoi leith. Caithfear a bheith airdeallach faoi chúrsaí glantacháin agus faoin staid ina mbíonn rudaí nuair a chaitear isteach sa bhosca athchúrsála. Seo thíos treoir ghairid faoi conas do chuid earraí féin a athchúrsáil i gceart.

Glan, Tirim agus Scaoilte

treoircháipéis iontach úsáideach curtha le chéile ag Mo chuidse Dramhaíola a léiríonn conas tabhairt faoi athchúrsáil cheart a dhéanamh ar earraí tí. Baintear úsáid as an mana ‘Glan, Tirim agus Scaoilte’ cúpla uair sa cháipéis sin, ag cur in iúl dúinn gur chóir do na hearraí ar fad a chuireann muid isteach sa bhosca athchúrsála a bheith mar sin.

  • Glan – nach gcaitear cartáin bhainne, cannaí stáin agus eile amach gan iad a bheith glanta roimh ré
  • Tirim – nach gcaitear buidéil leachta, cartáin agus eile amach agus leacht fós iontu
  • Scaoilte – nach ndéantar pacáil ar na hearraí i mbosca nó i gcoimeádán eile sula gcaitear amach iad

Is furasta smaoineamh ar na trí fhocal seo agus tú ar tí earra éigin a chur sa bhosca athchúrsála. Déanfaidh an mion-seicliosta seo an-difear má tá tú ag iarraidh feabhas a chur ort féin agus le do chuid athchúrsála.

Céard iad na hearraí atá le hathchúrsáil agam?

Tagann an cheist chun cinn maidir le céard iad go díreach na hearraí tí gur féidir linn athchúrsáil a dhéanamh orthu. Le blianta anuas tá feabhas tar éis teacht ar an méid earraí atá in-athchúrsáilte ach fós féin tá cinn áirithe nach féidir athchúrsáil a dhéanamh orthu. Seo thíos liosta gairid ón mBord um Fhaisnéis do Shaoránaigh maidir leis na hearraí seo.

Earraí atá in-athchúrsáilte

  • Buidéil agus crúiscíní gloine
  • Páipéar (nuachtáin, irisí, paipéir oifige, dramhphost, irisí grinn agus cairtchlár lag)
  • Páipéir lannaithe nó ciartha, ar nós cupáin pháipéir
  • Cartáin dí (bainne, sú srl.)
  • Alúmanam (cannaí dí, scragall)
  • Plaisteach (buidéil agus cartáin)
  • Cannaí bia (ó thorthaí, glasraí srl.)
  • Caipíní buidéil – plaisteach, miotal agus alúmanam
  • Earraí fite atá glan (éadaí, éadaí leapan, tuáillí, cótaí agus seaicéid)
  • Fearais tí (meaisíní níocháin, soirn, triomadóirí, miasniteoir )
  • Cadhnraí (glactar leo i siopaí freisin)

Bí aireach nach féidir na hearraí thuas ar fad a chur i do bhosca athchúrsála. Tá catagóirí áirithe; gloine, cadhnraí, earraí fite agus cinn eile cuir i gcás gur chóir athchúrsáil in áiteanna agus ionaid faoi leith. Aimsigh an t-ionad athchúrsála is cóngaraí duit anseo (as Béarla amháin faraor).

Earraí nach féidir athchúrsáil a dhéanamh orthu

  • Gloine chriostal, Pyrex, gloine ópal
  • Poirceallán, cré-earraí, leacáin chloiche nó leacáin chriadóireachta
  • Cairpéid, rugaí, cúisíní nó tochtanna

An seans go bhfuil earraí tí eile amuigh ansin nach bhfuil curtha san áireamh ar na liostaí thuas. Mar sin tá tábhacht ag baint le súil a choiméad amach do na siombailí athchúrsála éagsúla a bhíonn ar phacáistíocht na n-earraí a cheanaíonn tú. Tá inneal cuardaigh ag Mo chuidse Dramhaíola a thugann le fios dúinn maidir leis an rud ceart a dhéanamh le hearraí tí faoi leith. Tabhair cuairt ar an suíomh sin anseo (as Béarla amháin chomh maith). Bain úsáid as má tá tú in amhras faoi conas gur chóir earra ar leith a athchúrsáil.

Is léir dúinn ar fad go bhfuil an aeráid ag athrú mar gheall ar an tsíorúsáid carbóin. Tá gá le gníomhartha radacacha a dhéanamh más sa tóir ar inbhuanaitheacht don domhan atá muid. Baineann cúrsaí athrú aeráide le gach duine daonna agus mar sin tá ról le glacadh againn ar fad sa phróiseas seo agus muid ag dul i dtreo domhain atá saor ó charbón.

Tá ról níos tábhachtaí, níos suntasaí agus níos mó le glacadh ag rialtais, institiúidí trasnáisiúnta agus comhlachtaí móra sa phróiseas seo. Tá An tAontas Eorpach chun tosaigh maidir le ceisteanna athrú aeráide agus is mithid do thíortha agus eagraíochtaí móra nós an Aontais a leanúint, Éire ina measc atá ag titim chun deiridh dar leis an Taoiseach.

Seo thíos físeán gearr faoin méid a bhíonn ar bun ag an Aontas ar mhaithe le hullmhúcháin a dhéanamh chun aeráid shaibhir an domhain a chosaint. Cuir tús le do chuidse a dhéanamh trí athchúrsáil ceart a dhéanamh. Agus ná déan dearmad:

Níl ach pláinéad amháin againn

Cláraigh do nuachtlitir PEIG

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge