Baile
Aoisghrúpaí
> 4 Bliain
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag Tógáil Páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
4 > 12 Bliain
Gaelscoileanna
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
12 > 18 Bliain
Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid nuair atá tú ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
18 > 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ag foghlaim na Gaeilge
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Pobal
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinne
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Sloinne
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
Cúrsaí iarchéime Gaeilge do shaol an lae inniu
Cúrsaí bunchéime spéisiúla le Gaeilge
Folúntais
Físeáin: 'Do Ghairm le Gaeilge'
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Nuacht
  • Baile
  • Gaeltacht
  • Cinneadh faoi ionad soláthar díreach in Uachtar Ard mí na Samhna
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-cinneadh-faoi-ionad-solathar-direach-in-uachtar-ard-mi-na-samhna

Cinneadh faoi ionad soláthar díreach in Uachtar Ard mí na Samhna

I lár mhí na Samhna a thiocfaidh deireadh leis an mheastóireacht ar ionaid in iarthair na hÉireann a bheadh feiliúnach d’iarrthóirí tearmainn atá ar thoir dídine, de réir an eolais is deireanaí ón an Aire Stáit David Stanton atá freagrach as Cothromaíocht, Inimirce agus Imeascadh. 

Níor dúirt an tAire Stáit Stanton an raibh nó nach raibh Óstán an Connemara Gateway in Uachtar Ard i measc na n-ionad atá á meas ag a Roinn faoi láthair mar lárionad soláthar díreach do theifigh.

Ach thug sé le fios don Teachta Dála Éamon Ó Cuív go rachadh a Roinn i gcomhairle le “pobail áitiúla agus a n-ionadaithe tofa” nuair a bheidh an mheastóireacht críochnaithe agus socrú déanta faoi ghnéithe tráchtála den mhargadh a bheadh le déanamh. 

Tá conspóid mhór tarraingthe ag tuairiscí le roinnt seachtainí anuas go mbeidh ionad do dhídeanaithe a lonnú in Uachtar Ard agus tá picéad leanúnach á chur ar Óstán an Connemara Gateway atá dúnta le tamall de bhlianta ach atá luaite mar ionad soláthar díreach. 

Dheimhnigh an tAire Stáit Stanton i bhfreagra ar cheist Dála ón Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Éamon Ó Cuív go raibh scrúdú á dhéanamh ag a Roinn ar na hiarratais atá faighte mar chuid den phróiseas tairisceana a reáchtáladh le suíomhanna a aimsiú a bheadh feiliúnach d’ionaid do theifigh in iarthar na hÉireann. 

Dúirt an tAire Stáit Stanton go raibh dualgas dlíthiúil ar an stát lóistín, beatha, cúram leighis, tacaíocht airgid agus seirbhísí eile a chur ar fáil do dhaoine a raibh iarratais déanta acu ar thearmann sa tír seo fad is a bhí na hiarratais sin a mheas. 

Is mar gheall ar ardú a bheith ar líon na ndaoine a bhfuil tearmann a lorg acu anseo in Éirinn – méadú 36% ó thús na bliana – atá ionaid nua a lorg ar fud na tíre don soláthar díreach, a dúirt Stanton. 

Thug sé le fios freisin go bhfuil 38 ionad don soláthar díreach sa tír faoi láthair agus go bhfuil 6,058 duine ag fáil tearmainn iontu. Is paistí iad 1,677 acusan. Sa bhreis ar sin, ta 1,363 duine eile i lóistín éigeandála in óstáin agus i dtithe aíochta ar fud an stáit, ach dhiúltaigh an tAire Stáit a rá cá raibh na háiteanna ina bhfuil na daoine seo ag cur fúthu ar mhaithe le cosaint a thabhairt dóibh agus iad ar thóir tearmainn. 

Is i gcontae na Mí, ag ionad Mosney, atá an lárionad soláthar díreach is mó agus áit ann do 721 duine ar fad. Paistí iad 322 acusan.

Dúradh chomh maith gur chabhraigh an stát le breis agus 60,000 duine ó cuireadh tús leis an gcóras soláthar díreach sa tír seo. Sa gcás is go n-éiríonn le hiarratas ar thearmann tá na cearta céanna ag an duine sin agus a bheadh ag aon duine eile sa tír ar sheirbhísí agus tacaíochtaí stáit, ina measc cearta ó thaobh tithíochta, a dúirt an tAire Stáit. 

Dúirt sé go raibh lóistín á sholáthar faoi láthair do os cionn 900 duine a raibh cinneadh déanta go raibh said i dteideal tearmainn anseo agus go raibh socruithe á ndéanamh tithe a aimsiú dóibh ar fud an stáit.

Dúirt sé go raibh a Roinn ag obair leis na húdaráis áitiúla agus le heagraíochtaí ar nós DePaul Ireland agus The Peter McVerry Trust leis na daoine seo a aistriú ó lárionaid soláthar díreach chuig gnáthlóistín. 

Dúirt an tAire Stáit Stanton go raibh “fíorthábhacht” le haistriú na n-iarrthóirí tearmainn ionas go mbeidís mar chuid de phobal agus deis acu a bheith neamhspleách agus iad ag tabhairt aghaidh ar a saol nua anseo. 

Thug an tAire Dlí agus Cirt agus Comhionannais, Charles Flanagan le fios don Teachta Dála Éamon Ó Cuív i bhfreagra ar cheist Dála eile go raibh 3,095 iarratas ar thearmann déanta lena Roinn ó thús na bliana seo go dtí deireadh mhí Lúnasa. 2,244 iarratas a rinneadh le linn na bliana 2016 agus mhéadaigh an líon sin go 2,926 in 2017 agus go 3,673 anuraidh.

Dúirt an tAire Flanagan nach féidir a rá ó bhliain go bliain cén líon iarratas a dhéanfar ar thearmann mar go mbraitheann sin ar chúrsaí idirnáisiúnta, ar choimhlintí réigiúnacha agus ar phatrúin inimirce dhomhanda. 

Dúirt sé freisin go raibh sé mar aidhm ag an oifig a dhéanann próiseáil ar iarratais ar dhídean na daoine sin a bhfuil cosaint uathu a aithint ‘a luaithe agus is féidir’ agus a chinntiú gur féidir leis na daoine a mheastar nach bhfuil a leithéid ag dul dóibh “filleadh go sábháilte ar a dtíortha dúchais”. Ar an meán glacann sé 16 mí faoi láthair le hiarratas a phróiseáil ach is féidir an próiseas a chur i gcrích laistigh de naoi mí i gcásanna práinne. Dúirt an tAire go raibh sé mar aidhm aige go laghdófaí an tréimhse ama go naoi do gach iarratas.

Níos mó

tuairisc.ie

Cláraigh do nuachtlitir PEIG

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge