Baile
Aoisghrúpaí
> 4 Bliain
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag Tógáil Páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
4 > 12 Bliain
Gaelscoileanna
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
12 > 18 Bliain
Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid nuair atá tú ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
18 > 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ag foghlaim na Gaeilge
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Pobal
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinne
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Sloinne
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
Cúrsaí iarchéime Gaeilge do shaol an lae inniu
Cúrsaí bunchéime spéisiúla le Gaeilge
Folúntais
Físeáin: 'Do Ghairm le Gaeilge'
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Nuacht
  • Baile
  • Raidió
  • Colúnaí NÓS ainmnithe do Ghradam Raidió IMRO
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-colunai-nos-ainmnithe-do-ghradam-raidio-imro

Colúnaí NÓS ainmnithe do Ghradam Raidió IMRO

Tá colúnaí spóirt NÓS, Máire Treasa Ní Cheallaigh, ar ghearrliosta na n-ainmniúchán don ghradam ‘Craoltóir Spóirt na Bliana’ ag Gradaim Raidió IMRO 2019. 

Is craoltóir aitheanta spóirt sna meáin Bhéarla í Máire Treasa, a bhain a cáil amach ar dtús ar Nuacht RTÉ/TG4 mar ar oibrigh sí mar iriseoir nuachta agus tuairisceoir spóirt. D’fhág sí RTÉ tamall ó shin agus chuir tús le ré nua le Off The Ball, ardán ilmheáin spóirt a chraolann cláracha ar Newstalk, a chuireann podchraoltaí amach ar líne agus a fhoilsíonn ábhar clóite ar líne. 

Anuas air sin, ceapadh ina tráchtaire ar eir Sport í do chláracha CLG an stáisiúin sin níos luaithe i mbliana agus is minic a fheictear ar an taobhlíne í ag cluichí móra na sraithe.

D’fhill MT ar an gcoláiste anuraidh le tabhairt faoi chéim sa leigheas agus tá sí in Acadamh Ríoga na Máinlianna ó shin. Ba san Acadamh a bhí sí, i léacht mionbhitheolaíochta, nuair a tháinig an scéala gur ainmníodh don ghradam mór í. 

“Bhí mé sa léachtlann nuair a thosaigh an fón ag preabadh agus ag béiceach orm le teachtaireachtaí comhghairdeachais. Tá mé thar a bheith sásta gur ainmníodh i measc na gcraoltóirí iontacha eile seo mé, agus is mór an onóir dom a bheith ag obair in éineacht leo san earnáil sin. Bíonn an obair an-dúshlánach ó am go chéile, ach tá mo chroí sa spórt agus bainim an-taitneamh aisti,” a dúirt sí le NÓS. 

Tá céim sa nGaeilge agus sa tSiceolaíocht ag MT, chomh maith le hArd-Dioplóma sa gCumarsáid Fheidhmeach agus MSc sa tSiceolaíocht Spóirt. Bronnadh Gradam McNamee uirthi in 2015 as an gclúdach a thug sí do na Cluichí Gaelacha. 

Sa rannóg ‘Craoltóir Spóirt na Bliana’ tá Damien O’Meara agus Darren Freehill ó RTÉ Radio One agus comhghleacaithe Mháire Treasa in Newstalk Joe Molloy agus Nathan Murphy.

Scríobhann Máire Treasa faoi chúrsaí spóirt gach Aoine ar NÓS. 

Bronnfar Gradaim Raidió IMRO in Óstán Ráth an Lígh i gCill Chainnigh an mhí seo chugainn. 

Níos mó

Cláraigh do nuachtlitir PEIG

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge