Baile
Aoisghrúpaí
> 4 Bliain
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag Tógáil Páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
4 > 12 Bliain
Gaelscoileanna
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
12 > 18 Bliain
Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid nuair atá tú ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
18 > 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ag foghlaim na Gaeilge
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Pobal
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinne
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Sloinne
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
Cúrsaí iarchéime Gaeilge do shaol an lae inniu
Cúrsaí bunchéime spéisiúla le Gaeilge
Folúntais
Físeáin: 'Do Ghairm le Gaeilge'
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Nuacht
  • Baile
  • Feachtas
  • Feachtas tosaithe ag tuismitheoirí agus daltaí Cholaiste Lú le soláthar Gaeloideachais a éileamh
<a-href="https://meoneile.ie/"-class="credit-meon-eile"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-feachtas-tosaithe-ag-tuismitheoiri-agus-daltai-cholaiste-lu-le-solathar-gaeloideachais-a-eileamh

Feachtas tosaithe ag tuismitheoirí agus daltaí Cholaiste Lú le soláthar Gaeloideachais a éileamh

Chuaigh feachtas thuismitheoirí agus dháltaí Choláiste Lú chun sráide an deireadh seachtaine seo caite i gCearnóg an Mhargaidh i gcroílár Dhún Dealgan agus iad ag éileamh go gcuirfear scolaíocht lán-Ghaeilge ar fáil arís sa scoil.

Bunaíodh Coláiste Lú mar Ghaelscoil in 2014 ach is aonad Gaeilge anois é a fheidhmíonn mar chuid den scoil Bhéarla, Coláiste Chú Chulainn. Soláthraíonn an Roinn Oideachais aonaid cosúil le Coláiste Lú nuair atá éileamh d’oideachas dara leibhéal Gaeilge ann ach nuair nach bhfuil go leor daltaí ann le scoil iomlán a reáchtáil.  

Mar atá faoi láthair, tá daltaí Choláiste Lú, a bhí cleachtaithe le hoideachas lán-Ghaeilge a bheith acu, anois ag freastal ar thromlach a gcuid ranganna trí Bhéarla, agus gan ach dhá ábhar ar fáil anois i nGaeilge mar gheall ar easpa múinteoirí cáilithe.

Dúirt Bord Oideachais agus Oiliúna Lú agus na Mí (Louth and Meath Education and Training Board, LMETB) i bpreasráiteas: 

“LMETB report a shortage of suitably qualified teachers to teach through the medium of Irish for the Aonad at Coláiste Chú Chulainn… LMETB is not in a position to commit resources sanctioned for other students to meet certain expectations expressed by parents/ guardians of students attending the aonad at coláiste Chú Chulainn.”

De réir na dtuismitheoirí, bunaíodh Coláiste Lú mar Ghaelscoil in 2014 ach tar éis bliana íslíodh stádas na scoile go haonad laistgh de Choláiste Chú Chulainn.

Cé go ndearnadh gearán faoi seo ag an am, bhí an tumoideachas lán-Ghaeilge fós ar fáil do dhaltaí Choláiste Lú agus, dá réir sin, ghlac tuismitheoirí leis an chinneadh. 

 Dar leis an Roinn Oideachais agus Scileanna áfach, bhí fadhb leis an mhodh a míníodh seo agus is é sin is cúis leis an rúaille búaille faoi láthair. 

 I litir idir an Roinn Oideachais agus Coláiste Chú Chulainn, dúradh an méid seo: 

  

Dúirt úrlabhraí ó Chomhairle na dTuismitheoirí, Proinsias Mac an Ghirr, gurbh é céiliúradh oidhreachta na teanga agus an chultúir Ghaelaigh sa cheantar a bhí i gceist leis an léiriú seachas agóid.

Cuireadh fáilte roimh aoichainteoirí ó eagraíochtaí éagsula, agus bhí ionadaithe ó Chonradh na Gaeilge i láthair chun tacú leis an fheachtas. 

Dúirt Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: “Táimid ag éileamh ar an Aire Oideachais agus Scileanna, an scoil agus na húdarais áitiúla oideachais na céimeanna cuí a ghlacadh chun an t-éileamh láithreach ar scolaíocht iomlán trí Ghaeilge a shásamh, gan mhoill. Ní mór teacht láithreach a bheith ag na daltaí seo ar oideachas trí Ghaeilge agus ní ghlacfar le sop in áit na scuaibe.” 

Dúirt Aideen McCormick, tuismitheoir a bhfuil páistí aici ar Choláiste Lú: “Is mór an trua gur gá dúinn sa lá atá inniu ann dul chun sráide chun bunchearta oideachais agus bunchearta teanga ár bpáistí a chosaint. Níl uainn ach an soláthar Gaeloideachais a gealladh dúinn nuair a chuir muid ár bpáistí go Coláiste Lú, mar Ghaelcholáiste, an chéad lá.”

Níos mó

Cláraigh do nuachtlitir PEIG

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge