Baile
Aoisghrúpaí
> 4 Bliain
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag Tógáil Páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
4 > 12 Bliain
Gaelscoileanna
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
12 > 18 Bliain
Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid nuair atá tú ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
18 > 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ag foghlaim na Gaeilge
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Pobal
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinne
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Sloinne
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
Cúrsaí iarchéime Gaeilge do shaol an lae inniu
Cúrsaí bunchéime spéisiúla le Gaeilge
Folúntais
Físeáin: 'Do Ghairm le Gaeilge'
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Nuacht
  • Baile
  • Leabhair
  • An gceapann údair Mheiriceánacha nach bhfuil sa Ghaeilge ach ‘Elvish’?
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-an-gceapann-udair-mheiriceanacha-nach-bhfuil-sa-ghaeilge-ach-‘elvish’?

An gceapann údair Mheiriceánacha nach bhfuil sa Ghaeilge ach ‘Elvish’?

Tá gaol gairid idir an t-aisteoir Meiriceánach a chuireann blas Sasanach air féin i scannán fantaisíochta agus an scríbhneoir a deir leis féin “is Gaeilge de shaghas éigin í an Ealbhais seo, ach níl inti ach an méid is cuimhin liom gcailín Wicca sin ar shiúil mé amach léi san ollscoil”.

Cén fáth a bhfuil an chaoi a úsáidtear an Ghaeilge agus seanchas na nGael i bhfantaisíocht an Iarthair tábhachtach?

Is minic a tharraingítear ar thobar an tseanchais Éireannaigh do charachtair i leabhair fhantaisíochta. Is gné lárnach d’fhantaisíocht an Iarthair iad carachtair agus arrachtaí mhiotaiseolaíocht na hÉireann ar go leor bealaí. Meascán mearaí de thraidisiúin bhéaloidis Shasana, na hÉireann, agus na hAlban bhíonn sa ghnáth-thuiscint ar an “aos sí, traidisiúin atá éagsúil lena chéile.

Baineann cúirteanna na sí Titania agus Oberon le traidisiún Shasana. Baineann na màileachain, na brùinidh, Seelie agus Unseelie, le hAlbain. Baineann an Mhór-Ríon, liosanna na sí, na leipreacháin, agus na mná sí le béaloideas na hÉireann.

Tá cúpla smaoineamh i gcoitinne againn — madraí dubha ollmhóra ina ndrochthuar, an smaoineamh gur fathaigh a bhí i muintir an tseansaoil, agus go gcónaíodh an t-aos sí i gciorcal liag nó i gcairn. Má chuala tú é seo cheana, is beag an t-ionadh, is iad na tréithe seo bunús leath na fantaisíochta comhaimseartha. Ní fadhb é sin ann féin, ach is minic a thógtar as comhthéacs iad agus go meastar na cultúir éagsúla seo a bheith inmhalartaithe.

Chomh maith leis sin, léirítear go leor de charachtair nó de chréatúir Éireannacha ina ndiabhail nó iad thar a bheith gnéasach. Is trópa leanúnach é gnéasú na bpearsan baineann a thógtar ó mhiotaseolaíocht na hÉireann freisin.

Is iondúil go dtaispeántar an Mhór-Ríon agus Méabh ina gcluanaí olc fear. Tá go leor samplaí ann den Mhór-Ríon go háirithe agus í róghnéasaithe ina foréigean, agus rian den sádmhasachas i gcuid acu.

Tá leagan den Mhór-Ríon ag an údar Kevin Hearne ina shraith leabhar Iron Druid Chronicles an-ch as seoiontach go háirithe, ach ní haon chadhan aonair é.

Is táirge mór íocónach fantaisíochta é Dungeons and Dragons. Tógann sé créatúir mhiotaseolaíocha Éireannacha agus tugann said “ailíniú olc” do bheangach gach ceann acu.

Ní ó bhéaloideas na hÉireann agus na hAlban a thagann gach leagan den chailleach ach is cinnte go dtagraíonn Bheur Hag do Chailleach Bhéara agus tá “ailíniú olc” aici freisin. Tá rud éigin as alt faoi phearsa tábhachtach miotaseolaíochta as Éirinn a athchruthú mar chréatúr olc a fhágann daoine ag an ngorta.

Tá sé coitianta go léirítear cultúir choilínithe lán deamhan agus gnéasach. Úsáidtear é seo chun cultúr na ndaoine coilínithe a chur i láthair amhail is go bhfuil sé fiáin agus gur gá tionchar “sibhialaithe” an impiriúlachais a imirt air.

Cuireann an coilíneacht isteach ar chultúir freisin trína gcuid teangacha a scriosadh agus a dhíluacháil. Níorbh fhéidir an Ghaeilge a úsáid ar theastais bhreithe nó ar cháipéisí oifigiúla faoi riail na Breataine in Éirinn, ainneoin gurbh í príomhtheanga labhartha na tíre.B’amhlaidh an scéal i dtíortha cóilinithe eile i Meiriceá nó san Astráil.

I dtíortha áirithe cuireadh cosc ar ar theangacha dúchais go hiomlán. Luaim é seo le míniú go bhfuil níos mó ná drochscríbhneoireacht i gceist.

Fillfidh mé ar Dungeons & Dragons — tá an teanga ‘Sylvan’, teanga Fey in D&D, bunaithe go láidir ar an nGaeilge, ach go scaoilte agus le haibítir nach n-úsáidtear i nGaeilge cheart.

Seo a leanas téacs dathaithe don Darkling. ‘Dubh Catha’ a thugtar ar an neach, agus an t-aistriúchán “Dark Crow” tugtha air. Tá an focal ‘dubh’ i gceart, ar ndóigh, ach tá ‘catha’ tugtha mar aistriúchán ar ‘crow’. Is dócha gur tharla an mearbhall seo mar gheall ar an mBadhbh Catha.

Roghnaíodh an focal ‘catha’ in ionad ‘badhbh’, seanfhocal ar an bpréachán. Botún beag atá chomh beag sin nach dtógfadh sé 30 soicind chun Google nó foclóir a léamh.

Feictear an fhadhb chéanna i scannáin agus i gcláir theilifíse nuair a chaitear abairtí fánacha Gaeilge sa chaint. Mar shampla, in Hellboy 2 labhraíonn na hEilbh leagan garbh den Ghaeilge. Níor thug mé faoi deara é seo fiú nuair a bhí mé ag breathnú ar an scannán toisc go ndéantar praiseach de na focail.

Is í an Ghaeilge atá in úsáid in Warhammer 40k leis an teanga Eldar a léiriú. Tá an Ghaeilge a fheictear anseo níos fearr ach is fadhb í freisin — cén fáth a bhfuil na heachtráin seo ag labhairt na Gaeilge nuair is fíortheanga de chuid an Domhain í?

I ndeireadh na dála ní hé gur fadhb í an Ghaeilge nó bhéaloideas na hÉireann a úsaid i scéalta fantaisíochta, ach is fadhb í nuair a chaitear le cultúr na hÉireann agus leis an nGaeilge amhail is nach ann di ach amháin mar tháirge inathúsáidte fantaisíochta.

Níos mó

Cláraigh do nuachtlitir PEIG

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge