Baile
Aoisghrúpaí
> 4 Bliain
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag Tógáil Páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
4 > 12 Bliain
Gaelscoileanna
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
12 > 18 Bliain
Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid nuair atá tú ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
18 > 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ag foghlaim na Gaeilge
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Pobal
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinne
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Sloinne
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
Cúrsaí iarchéime Gaeilge do shaol an lae inniu
Cúrsaí bunchéime spéisiúla le Gaeilge
Folúntais
Físeáin: 'Do Ghairm le Gaeilge'
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Nuacht
  • Baile
  • Teanga
  • Oileáin Cook lena logainm coilíneach a dhíbirt
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-oileain-cook-lena-logainm-coilineach-a-dhibirt

Oileáin Cook lena logainm coilíneach a dhíbirt

Athainmneofar Oileáin Cook, tír bheag san Aigéan Ciúin a ainmníodh as an taiscéalaí mór le rá an Captaen James Cook, go hainm nua a ligfidh stair choilínithe na tíre i ndearmad agus a thabharfaidh a hoidhreacht Pholainéiseach chun cuimhne. 

Tá an t-oileánra suite thart ar 3,000km soir ó thuaidh ón Nua-Shéalainn agus tháinig an Captaen Cook, fear a rinne go leor taistil ar son na Breataine Móire, i dtír ann in 1773. Ghlac an Bhreatain seilbh ar na hoileáin in 1888. Ón mbliain 1965 i leith, is tír neamhspleách í Oileáin Cook ach tá saor-chomhcheangal ag an tír leis an Nua-Shéalainn. 

Bhí reifreann ann 25 bliain ó shin le hainm na tíre a athrú go Avaiki Nui ach níor glacadh leis an moladh.

Dúirt leas-PhríomhAire na tíre, Mark Brown, gur mhaith leis go n-athrófaí an t-ainm ach go gcaithfeadh an 12,000 duine atá ina gcónaí in Oileáin Cook a bheith páirteach sa bpróiseas. Bhunaigh an rialtas coiste le hainm dúchais a aimsiú a d’úsáidfí in éineacht le ‘Oileáin Cook’ ach bheartaigh an coiste sin James Cook a ligean i ndearmad agus ainm áitiúil sa Maorais, teanga dhúchais an oileáin, a roghnú. 

“Tá mé sásta go maith ainm traidisiúnta a fhiosrú a léiríonn oidhreacht cheart Pholainéiseach ár dtíre oileánda. Caithfear a mheas, ar dtús, an bhfuil fonn ar an bpobal athrú ainm a chur i bhfeidhm,” a dúirt sé leis an New Zealand Herald

Tá tacaíocht traspháirtí ag an moladh go n-athrófaí an t-ainm ach dúirt ceannaire an fhreasúra, Tina Browne, gur dóiche ná a mhalairt go mbeadh muintir na tíre idir dhá chomhairle faoin gceist. 

“Is deacair a mheas cé acu an mbeidh nó nach mbeidh tromlach na ndaoine ar son an athruithe,” a dúirt sí. 

Le tamall de bhlianta anuas, tá nós tagtha chun cinn i dtíortha éagsúla timpeall an domhain fáil réidh le logainmneacha agus logainmneacha dúchais a chur sa gcúrsaíocht arís. I Meiriceá, athainmníodh an sliabh is airde sa tír sin, Mount McKinley, go Denali, ainm dúchais an tsléibhe in 2015. In Éirinn, tugadh aitheantas oifigiúil do leaganacha dúchais na logainmneacha Gaeltachta in Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. 

Níos mó

Cláraigh do nuachtlitir PEIG

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge