Baile
Aoisghrúpaí
> 4 Bliain
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag Tógáil Páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
4 > 12 Bliain
Gaelscoileanna
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
12 > 18 Bliain
Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid nuair atá tú ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
18 > 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ag foghlaim na Gaeilge
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Pobal
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinne
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Sloinne
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
Cúrsaí iarchéime Gaeilge do shaol an lae inniu
Cúrsaí bunchéime spéisiúla le Gaeilge
Folúntais
Físeáin: 'Do Ghairm le Gaeilge'
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Nuacht
  • Baile
  • Náisiúnta
  • Scéalta faoi uafás leanaí agus máithreacha Thuama inste ag cruinniú Comhairle Contae
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-scealta-faoi-uafas-leanai-agus-maithreacha-thuama-inste-ag-cruinniu-comhairle-contae

Scéalta faoi uafás leanaí agus máithreacha Thuama inste ag cruinniú Comhairle Contae

Is maith uainn aird a tharraing ar an mísc a rinne an dream a tháinig isteach inár measc agus a rinne ionradh orainn;  ach an ndearna siad aon bhlas níos measa ná a rinne muid féin orainn féin?

B’fhéidir gur geall le diamhasla an cheist sin as béal Éireannaigh ach is é Cathaoirleach Chomhairle Chontae na Gaillimhe, Jimmy McClearn, Fine Gael, a chuir an cheist sin inné.

Amhail gach duine eile a bhí i seomra cruinnithe Chomhairle Chontae na Gaillimhe, bhain a raibh á inseacht do na comhairleoirí siar as an gCathaoirleach.

Ar feadh uair an chloig tugadh cuntas ar imeachtaí a tharla i dTeach Coinneála na Naíonán agus na Máithreacha i dTuaim i gcontae na Gaillimhe san aimsir a caitheadh.

Bhí Coiste Tacaíochta na ndaoine ar bhfuil lorg fágtha ag stair an tí sin i dTuaim orthu ag míniú an scéil do na Comhairleoirí.  Bhíodar ag iarraidh go gcloisfí an scéal uathu féin agus go dtuigfí an cruatan agus an bás a bhain le hionad Thuama.  Faoi úinéireacht Chomhairle Chontae na Gaillimhe atá an láthair sin.

Tá Micheál Ó Flatharta as Béal Átha Glúinín i gceantar Thuama aon  bhliain déag agus trí fichid. Fear airm ab ea Micheál in imeacht na mblianta agus a rian sin air ina bhealach agus a ghléasadh. D’inis sé a scéal do na Comhairleoirí.

Cuireadh isteach in Ionad na Naíonán agus na Máithreacha i dTuaim é agus é ina pháiste.  Cúig bliana d’aois a bhí sé nuair a tógadh ar altramas é. In oirthear na Gaillimhe a d’fhás sé aníos agus gan fhios aige cé mba leis é.  Is beag meas a bhí air ansin agus d’oibrigh sé ó dhubh go dubh.  Bhí bean an tí cineálta leis ach bhí fear an tí géar air.  “Bhí maide draighin aige agus d’fhaighinn lascadh uaidh,” a deir Micheál.  “Bhínn ag fual sa leaba le teann imní go dtabharfadh sé lascadh eile dom.”

Ní bhíodh an leaba féin aige sa teach scaití, chodlaíodh sé sa scioból.  Is cuimhneach leis go mbíodh an gadhar lena thaobh aige scaití san oíche á choinneáil féin te.  Sa deireadh, is cosúil gur thug duine éigin an scéal do na seirbhísí cúraim agus tógadh Micheál as an teach sin.  Cúig bliana déag a bhí sé faoin tráth sin.

Níorbh fhada Micheál athraithe go Baile Átha Cliath nó go ndeachaigh sé san arm.   Phós sé agus le cúnamh óna bhean chéile, Áine, chuaigh sé sa tóir ar a mháthair.  In earrach na bliana 1999 casadh an bheirt acu ar a chéile den chéad uair i Manchain Shasana.  Ansin a chuaigh a mháthair nuair a tógadh Micheál uaithi.  Phós sí agus bhí tuilleadh clainne aici agus is ansin a chaith sí a saol.

Cé go raibh ailse ag dul di nuair a d’éirigh le Micheál teagmháil a dhéanamh léi, thagadh sí anall go minic go Baile Átha Cliath le bheith ina theannta.  “Duine álainn a bhí inti,” a deir Micheál.  “Bhain muid an-cheart dá chéile.”  Ach ní saol fada a bhí i ndán di ina dhiaidh sin agus bhásaigh sí ag deireadh na bliana sin 1999.

Dúirt Micheál gur inis a mháthair cuid mhaith dó.  “Tháinig an sagart pobail chun an tí chucu agus d’ordaigh go gcuirfí an naíonán (mé féin) isteach san Ionad i dTuaim,” a dúirt Micheál.

Tá Micheál i dtogha na sláinte agus teach, baile, bean agus clann aige.  Cé go bhfuil a chuid cuimhní ar an tráth sin dá shaol fite fuaite ina cheann tá sé sásta leis an saol.  Níor mhair cuid eile de na naíonáin a bhí ina chomhluadar.

Rinne an Dr Emer Quirke roinnt cur síos ar stair an Ionaid.  Cuidíonn sise leo siúd a bhí san Ionad i dTuaim – a bhformhór anois sna seachtóidí agus sna hochtóidí.

Sna 1940idí ba mheasa a bhí an scéal ann, a deir an Dr Quirke.  I 1943, bhásaigh 50 naíonán san Ionad, beagnach duine in aghaidh na seachtaine.  Bhí an ráta báis ard go dtí 1952 nuair a tháinig athrú mór ar an scéal.  “Ná ceapadh daoine gur de bharr feabhas ar chórais leighis ná de bharr go raibh an chiondáil in aimsir an Chogaidh Mhóir thart, a tharla sé sin,” a deir an Dr Quirke.  “Bhí cúis airgid leis.”

Ba faoin tráth sin a tosaíodh ag saothrú airgid ar na naíonáin, a deir an Dr Quirke.  “D’fhéadfá a rá gur díoladh iad ar bhealach.  Cuireadh thar sáile go leor acu.  Fuarthas airgead as sin.  Bhí an rud céanna ar bun in ionaid eile.”

Measann an Dr Quirke go raibh idir €20 milliún agus €30 milliún á shaothrú ag na mná rialta ar an gcleachtas seo.

Dúirt an Dr Quirke go dteastaíonn tacaíocht go géar ó dhaoine a bhí san Ionad agus atá gaibhte amach sna blianta anois.

Dúirt sí gur theastaigh cúnamh polaitiúil agus luaigh sí polaiteoir amháin a thug cúnamh ar leith don choiste – sin é an Teachta Dála, Noel Grealish as Gaillimh Thiar.

Dúirt sí go mba údar díomá é gur dúradh i gceann de na tuarascálacha ón gCoimisiún a rinne scrúdú ar cheist Thuama nach raibh comhoibriú sách maith faighte acu ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe i dtaobh cáipéisí a bhain leis an Ionad.

Ach dúirt Príomhfheidhmeannach na Comhairle Contae, Kevin Kelly, go raibh comhoibriú láidir tugtha ag an gComhairle don Choimisiún.

Níos mó

Máirtín Ó Catháin

Cláraigh do nuachtlitir PEIG

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge