Baile
Aoisghrúpaí
> 4 Bliain
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag Tógáil Páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
4 > 12 Bliain
Gaelscoileanna
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
12 > 18 Bliain
Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid nuair atá tú ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
18 > 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ag foghlaim na Gaeilge
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Pobal
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinne
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Sloinne
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
Cúrsaí iarchéime Gaeilge do shaol an lae inniu
Cúrsaí bunchéime spéisiúla le Gaeilge
Folúntais
Físeáin: 'Do Ghairm le Gaeilge'
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Nuacht
  • Baile
  • Náisiúnta
  • ‘Seasaim le mo cháineadh ar na leasuithe ar chóras na ndíolúintí ón nGaeilge’  – an tOllamh Pádraig Ó Duibhir
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-‘seasaim-le-mo-chaineadh-ar-na-leasuithe-ar-choras-na-ndioluinti-on-ngaeilge’ -–-an-tollamh-padraig-o-duibhir

‘Seasaim le mo cháineadh ar na leasuithe ar chóras na ndíolúintí ón nGaeilge’  – an tOllamh Pádraig Ó Duibhir

Deir an tOllamh Pádraig Ó Duibhir, saineolaí aitheanta i réimse an oideachais in Éirinn, go seasann sé leis an tuairim a nocht sé roimhe seo nach bhfuil bunús oideachasúil leis na leasuithe atá déanta ag an Roinn Oideachais agus Scileanna ar chóras dhíolúine na Gaeilge.

“Cháin mé an próiseas ón tús agus seasaim leis an gcáineadh sin,” a dúirt sé le Tuairisc.ie, tar éis dó scagadh a dhéanamh ar an tuarascáil a d’fhoilsigh an Roinn Oideachais an tseachtain seo caite ar an bpróiseas comhairliúcháin phoiblí a d’eagraigh siad agus na leasuithe á mbeartú acu.

Dúirt an Dr. Ó Duibhir, Leas-Dhéan Institiúid Oideachais Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, gur botún a bhí ann na dréachtchiorcláin a scríobh sula raibh taighde déanta ar an mbunús oideachasúil le díolúintí a bhronnadh.

“Thiomáin na dréachtchiorcláin an suirbhé agus bhí an próiseas fabhtach dá bharr. Níor cuireadh na ceisteanna cearta ar an bpobal sa cheistneoir. Bhí sé suntasach go ndúirt go leor rannpháirtithe sa phróiseas comhairliúcháin go mba chóir an plé agus an díospóireacht a bheith i gcomhthéacs níos leithne a bhain le múineadh na Gaeilge trí chéile agus an t-oideachais ionchuimsitheach seachas ceist na ndíolúintí amháin,” a dúirt sé.

Dúirt an tOllamh Ó Duibhir freisin nár fiosraíodh i dtús an phróisis an cleachtas idirnáisiúnta maidir le múineadh an dara teanga do dhaltaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu agus do dhaltaí ar inimircigh iad.  “Dá ndéanfaí é sin, d’fhéadfadh bunús oideachasúil a bheith leis an gcóras nua,” a dúirt sé.

Dúirt sé chomh maith gur ‘bocht an scéal é’ nuair a éilíonn oifigigh na Roinne Oideachais agus Scileanna “cleachtas taighdebhunaithe” ó mhúinteoirí’ agus nach gcuireann siad “na critéir chéanna i bhfeidhm ar a gcleachtas féin”.

Dúirt an tOllamh Ó Duibhir gur fhás an nósmhaireacht thar thréimhse ama díolúintí ó staidéar ar an nGaeilge a bhronnadh, ach nár ceistíodh riamh arbh é seo an bealach ab fhearr le freastal a dhéanamh ar na cásanna a tháinig chun cinn.

De réir taighde an Dr Ó Duibhir agus a chomhghleacaithe i SEALBHÚ, Lárionad Taighde DCU um Fhoghlaim agus Teagasc na Gaeilge, aon áit eile ar domhan ina mbronntar díolúine ó staidéar an dara teanga mar a dhéantar in Éirinn. Mheabhraigh sé nach mbronntar díolúintí sa Bhreatain Bheag ach go gcuirtear an curaclam ansin in oiriúint do riachtanais na ndaltaí.

D’aontaigh an tOllamh Ó Duibhir le háiteamh na Roinne go mba chóir go mbronnfaí díolúintí ó staidéar na nGaeilge i gcásanna ‘annamha agus eisceachtúla’ amháin, ach dúirt sé nach mar sin atá an córas faoi láthair ná nach amhlaidh a bheidh feasta.

“Is ar éigean gur tháinig an focal ‘eisceachtúil’ chun cinn sa tuarascáil. Is léir nach ar bhonn eisceachtúil amháin a bhronnfar díolúintí feasta ach gur ráta 10% ar a laghad a bheidh ann. Bhí freagróirí a bhí  ar son agus in aghaidh díolúintí a bhronnadh cáinteach ar an scoithphointe a roghnaíodh—an 10ú peircintíl.

“Cé gur éiligh an Dyslexia Association of Ireland go ndéanfaí leathnú ar an réimse trialach, cuireadh scrúdú litrithe mar rogha anuas ar léamh focal, léamhthuiscint .i. léamh focal nó léamhthuiscint nó scrúdú litrithe. Fágann sé sin an próiseas níos laige fós dar liom agus fágann sé go bhfuil an córas i bhfad róscaoilte,” a dúirt sé.

Bhí an Dr Ó Duibhir an-mholtach faoin tuarascáil féin atá “thar a bheith cuimsitheach agus dea-scríofa”, dar leis.

Dúirt sé go dtugtar léargas an-bheacht agus cruinn inti ar na tuairimí a nochtadh mar chuid den phróiseas comhairliúcháin phoiblí, ach gur trua go raibh na leasuithe ar chóras na ndíolúintí fógartha sular foilsíodh an tuarascáil seo.

Dúirt sé nach raibh sé soiléir, in ainneoin na hoibre uilig, gur cuireadh na tuairimí a nochtadh san áireamh i ndréachtú na gciorclán.

Thug an tOllamh Ó Duibhir suntas don eolas sa tuarascáil faoi líon na ndaoine a bhí páirteach sa suirbhé a bhí cáinteach ar roinnt gnéithe den phróiseas comhairliúcháin.

Ar na cúiseanna imní a bhí ag na daoine sin bhí an mhodheolaíocht a roghnaíodh, an t-am inar cuireadh an suirbhé ar líne ar fáil, an fhoclaíocht a bhí sa suirbhé, agus an leas a baineadh as na torthaí taighde mar bhonn eolais chun na dréachtchiorcláin a chur le chéile.

“Nocht go leor freagróirí dearcadh an-chúng ar fhoghlaim an dara teanga. Bhí go leor acu den tuairim gur cur amú ama a bheadh ann do pháistí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge. Mheasadar go mbeadh sé níos fearr an t-am a chaitheamh i slí eile.

“Toisc nach ndearnadh aon taighde nó léirbhreithniú ar ghnéithe mar seo i dtíortha eile mar chuid den phróiseas, fianaise starógach a bhí ann seachas fianaise eolaíoch. Bhí cuid de na tuairimí bunaithe ar mhífhaisnéis agus easpa tuisceana,” a dúirt sé.

Thagair an tOllamh Ó Duibhir den imní a léirigh go leor de lucht na n-aighneachtaí maidir le brú rómhór a bheith ar phríomhoidí faoin gcóras nua.

“Léiríodh buairt nach gcláródh daltaí nó go mbogfaí daltaí ó scoileanna bunaithe ar chleachtas an phríomhoide i leith díolúintí a cheadú,” a dúirt sé.

Dúirt an tOllamh Ó Duibhir freisin go raibh an t-oideachas ionchuimsitheach lárnach i go leor de na tuairimí a nochtadh ach nár cuireadh na prionsabail a bhaineann leis sin i bhfeidhm sna ciorcláin.

Tháinig ceisteanna tromchúiseacha chun cinn sna haighneachtaí, ceisteanna a chuirfidh as do dhuine ar bith ar suim leo múineadh na Gaeilge, dar leis.

“Tháinig an téama folláine agus meabhairshláinte chun cinn mar fhreagra ar cheann de na ceisteanna oscailte. Ba léir, áfach, ó na samplaí a luadh gur eascair go leor den imní agus an strus ó dhroch-chleachtas teagaisc, mar shampla scrúduithe seachtainiúla litrithe i nGaeilge a chur ar dhaltaí a bhfuil disléicse orthu, rud nach bhfuil tairbheach don dalta ar chor ar bith,” a dúirt sé.

Mheas sé gur beag tuiscint a bhí le sonrú i gcuid de na freagraí ar aon bhuntáiste a bheith ag baint le staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge mar dhara teanga. Dar leis an Ollamh Ó Duibhir gur féachadh ar an nGaeilge “mar bhac ar chabhair” a thabhairt do dhaltaí a raibh riachtanais foghlama acu.

Dúirt sé go bhfáilteofar roimh an socrú go bhfuil próiseas achomhairc neamhspleách ón scoil ar cheann de na leasuithe atá déanta ar an gcóras. Is é an Coiste Achomhairc um Dhíolúintí ón nGaeilge dhéanfaidh bhreithiúnas i gcás aon achomharc faoi dhíolúintí feasta.

Níos mó

tuairisc.ie

Cláraigh do nuachtlitir PEIG

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge