Baile
Aoisghrúpaí
> 4 Bliain
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag Tógáil Páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
4 > 12 Bliain
Gaelscoileanna
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
12 > 18 Bliain
Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid nuair atá tú ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
18 > 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ag foghlaim na Gaeilge
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Pobal
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinne
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Sloinne
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
Cúrsaí iarchéime Gaeilge do shaol an lae inniu
Cúrsaí bunchéime spéisiúla le Gaeilge
Folúntais
Físeáin: 'Do Ghairm le Gaeilge'
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Nuacht
  • Baile
  • Náisiúnta
  • Stádas na Gaeilge in NUI i mbaol i bhfianaise chóras nua na díolúine – aighneacht ollscoile
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-stadas-na-gaeilge-in-nui-i-mbaol-i-bhfianaise-choras-nua-na-dioluine-–-aighneacht-ollscoile

Stádas na Gaeilge in NUI i mbaol i bhfianaise chóras nua na díolúine – aighneacht ollscoile

Níl ‘aon dul as’ ach go mbeidh tionchar ag córas nua dhíolúine na Gaeilge ar riachtanas Gaeilge Ollscoil na hÉireann.

Sin a deirtear in aighneacht a chuir Scoil Léann na Gaeilge i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh faoi bhráid na Roinne Oideachais mar chuid de phróiseas comhairliúcháin a reáchtáladh faoi cheist dhíolúine na Gaeilge.

San aighneacht sin thug an tOllamh Pádraig Ó Macháin, Ceann Scoil Léann na Gaeilge, rabhadh neamhbhalbh don Roinn go mbeadh drochthionchar ag an gcóras nua ar an nGaeilge i ngach réimse den chóras oideachais.

“Fágfaidh seo a lorg láithreach ar rialacha NUI agus níl aon dul as ach go mbeidh impleachtaí aige amach anseo do stádas na Gaeilge mar ábhar máithreánachais in ollscoileanna OÉ, stádas a d’oibríomar go dian chun é a chaomhnú agus stádas atá ríthábhachtach maidir lena bhfuil i ndán don Ghaeilge mar ábhar i ngach réimse,” arsa an tOllamh Ó Macháin.

Chuir NUI féin fáilte roimh mholtaí na Roinne i dtaobh na díolúine agus dúradh ina n-aighneacht siúd go gcabhródh an córas nua le cúrsaí “a shoiléiriú agus a shimpliú”.

Cé go bhfuil méadú 8% tagtha le trí bliana anuas ar líon na ndaoine ar cheadaigh Ollscoil na hÉireann díolúine ón riachtanas dóibh, níl sé i gceist ag NUI an córas a dhéanamh níos déine toisc, a deir siad, gurbh amhlaidh go gcuirfeadh sé sin leis an mbrú a mhaíonn siad atá orthu fáil réidh le riachtanas na Gaeilge ar fad.


‘The fact that Irish is a minority language doesn’t mean it’s an inferior one’ – aighneachtaí faoi dhíolúine na Gaeilge foilsithe


Bíodh nach bhfuil aon phlean faoi láthair ag NUI fáil réidh leis an nGaeilge mar riachtanas iontrála, tá ráite acu go bhfuil súil á coimeád acu ar an gceist atá, dar leo, “conspóideach agus ina húdar aighnis”.

Deir Foras na Gaeilge gur “ábhar mór imní” dóibh cur chuige NUI maidir le díolúintí a cheadú. Deir siad gur “ábhar díomá” é nach bhfuil faoin Roinn Oideachais “dul i ngleic leis an cheist seo” agus leis an neamhréir idir córas dhíolúine na Roinne agus córas NUI, rud a chruthaíonn “fadhbanna móra” do scoileanna.

Dar le Foras na Gaeilge gur “léiriú” é cur chuige OÉ go bhfuil siad “neamhairdeallach ar pholasaí an Stáit i leith na Gaeilge” agus go bhfuil an polasaí atá ag OÉ i leith díolúintí a dheonú ag teacht salach ar pholasaí na Roinne agus an stáit.

Léirigh fiosrúchán a rinne Tuairisc.ie in 2014 gur mhol tascghrúpa de chuid Chumann na nOllscoileanna Éireannacha go gcuirfí deireadh le riachtanas Gaeilge NUI. Is iad uachtaráin na seacht n-ollscoil sa Phoblacht atá ina mbaill de Chomhairle Chumann na nOllscoileanna Éireannacha.

Go gairid ina dhiaidh sin rinne Cumann na nOllscoileanna Éireannacha (IUA) cúlú ar a moladh go gcuirfí deireadh leis an riachtanas Gaeilge d’iontráil ollscoile agus dúirt siad gur faoi Ollscoil na hÉireann (NUI) a bhí sé cinneadh a dhéanamh faoin gceist.

Tá an Ghaeilge ina hábhar riachtanach iontrála i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, Ollscoil Mhá Nuad, agus Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

Tá an stádas agus an seasamh sin ag an nGaeilge in ollscoileanna náisiúnta na tíre ó thús an chéid seo caite.

Conradh na Gaeilge a chuir tús le mórfheachtas i 1908 chun a áiteamh ar Ollscoil na hÉireann go mbeadh an Ghaeilge ina hábhar riachtanach don scrúdú iontrála.

Bhí breis agus 100,000 duine i láthair ar an 19 Meán Fómhair, 1909, ag cruinniú poiblí ar son an chuspóra sin. I Sráid Uí Chonaill, Baile Átha Cliath a bhí an cruinniú.

Sa deireadh, ghéill na húdaráis agus socraíodh go mbeadh an Ghaeilge ina hábhar riachtanach ó 1913 ar aghaidh.

Foilsíodh an tseachtain seo caite na haighneachtaí a fuair an Roinn Oideachais ó eagraíochtaí éagsúla mar chuid den phróiseas comhairliúcháin faoi chóras na ndíolúintí.

Léirigh go leor de na heagraíochtaí amhras faoi ghnéithe éagsúla de na moltaí atá á gcur i bhfeidhm ó thús na scoilbhliana seo.

Tá cáineadh géar déanta ag roinnt saineolaithe oideachais ar chóras nua na díolúine, ina measc an tOllamh Pádraig Ó Duibhir a mhaíonn nach bhfuil aon bhunús oideachais nó eolaíochta leis agus gurb amhlaidh go gcuirfidh sé go mór le líon na ndíolúintí ón nGaeilge a cheadófar.

Ag tús an phróisis chomhairliúcháin ag deireadh na bliana seo caite, d’admhaigh an Roinn Oideachais go mbíonn 40% de na díolúintí ón nGaeilge a thugtar do dhaltaí “mícheart”.

Tháinig ardú nach mór 8% ar líon na ndaltaí Ardteiste a raibh díolúine ón nGaeilge acu in 2018 i gcomparáid le scrúdú na bliana roimhe sin.

Níos mó

tuairisc.ie

Cláraigh do nuachtlitir PEIG

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge