Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-ta-an-mheas-agam-ar-kevin-kilbane-as-dancing-on-ice-a-dheanamh

Tá an-mheas agam ar Kevin Kilbane as Dancing On Ice a dhéanamh

| NÓS Suíomh Gréasáin |

Tá sé éasca go maith tús a chur le nós nua, nach bhfuil? Níl aon stró orainn nuair a shocraíonn muid rud éicint nua a dhéanamh, nó scil nua a fhoghlaim. Is é an fhadhb, áfach, ná go bhfuil sé éasca go maith tús a chur le rudaí, ach níl sé leath chomh simplí coinneáil leis. Agus de réir mar a théann muid in aois, éiríonn sé níos deacra fós tús a chur le rudaí nua. 

Sin é an fáth go bhfuil an-mheas agam ar mo chomhghleacaí ó Off The Ball, Kevin Kilbane. Chaith sé na blianta sna buataisí sacair, agus anois beidh sé ag caitheamh seala agus buataisí galánta scátála air agus é san iomaíocht in Dancing On Ice ar ITV.

Bhí sé ag insint dom faoi coicís ó shin, agus ar ndóigh, an chéad cheist a chuir mé air ná an raibh taithí ar bith aige ar an leac oighir, agus is cosúil, ach an oiread leis an gcuid eile againn, nach bhfuil, seachas sleamhnú ar phaiste sciorrach sa ngeimhreadh. Cinnte, bhí seal den saol nuair a bhí sé an-aclaí go deo, agus beidh air a chuid scamhóg agus matán a thabhairt ar ais chun dáta arís chomh maith.

Beidh sé ag foghlaim scil iomlán nua, os comhair an phobail. D’imir sé d’fhoireann Phoblacht na hÉireann os cionn céad uair, ach tá sé seo ag cur níos mó scéine ar an bhfear ná mar a chuir an sacar riamh air. 

Tá údar ann nach dtéann muid ag foghlaim scileanna nua agus muid níos sine. Níl sé éasca. Ach ba cheart dúinn ar fad é a dhéanamh. Tá sé go maith don inchinn, agus don chorp. Tá sé de nós againn breathnú ar an am a thógfadh sé, agus ar an achar a bheadh muid go dona aige, in áit a thuiscint nach bhfuil ann ach cleachtadh de bheagán a dhéanamh chuile lá. 

Le blianta, creideadh nach bhféadfaí an intinn a athrú, agus go raibh an duine sáinnithe le cibé cineál éirimiúlachta a bhí acu ón lá a rugadh iad. Tá a fhios againn anois nach bhfuil sé sin fíor. Is féidir muid a mhúnlú. Gach uair a chuireann muid corr nua ar an inchinn táimid dár n-insliú féin ó ghalair inchinne agus ag cothú dearcadh níos dearfaí ar an saol, rud a thugann insliú dúinn ón dúlagar. Tugann sé níos mó muiníne dúinn. 

Ciallaíonn sé freisin go bhfuil go leor den chlúmhach a fheiceann muid ar Instagram fíor faoin meon dearfach, agus gur féidir leis an dearcadh atá agat ort féin agus ar an saol a athrú. Agus cuireann foghlaim leis an mborradh inchinne sin. Ach caithfidh tú an cloigeann a chur faoi bhrú má tá tú le maitheas a bhaint as. Leis an traenáil atá os comhair Kevin Kilbane bhoicht, seans maith nach gcuirfidh galar inchinne as dó agus é ag dul amach san aois. Tá súil agam go mbeidh sé in ann an rud céanna a rá faoina chorp tar éis cúpla mí a chaitheamh ar an leac oighear. 

Níos mó