Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-teastaionn-beagan-aidh-chomh-maith-le-himreoiri-maithe

Teastaíonn beagán áidh chomh maith le himreoirí maithe

| NÓS Suíomh Gréasáin |

Tá an chéad seachtain den Chorn Domhanda Rugbaí beagnach thart agus d’fhéadfá rá gur seachtain den scoth a bhí ann. Tá cluiche amháin ar a laghad imeartha ag gach foireann faoin am seo, agus cúpla foireann tar éis dhá chluiche a imirt laistigh de cúig lá.

Is dúshlán ollmhór é an Corn Domhanda ó thaobh sláinte na n-imreoirí. Tá beirt ón Albain, Price agus Watson, ag filleadh abhaile cheana féin tar éis cluiche amháin a imirt. Beidh an Albain ag imirt in aghaidh Shamó sula mbeidh orthu dhá chluiche a imirt laistigh de chúig lá.

D’imir an Rúis dhá chluiche cheana féin. Thosaigh siad a bhfeachtas ar an Aoine agus d’imir siad arís ar an Máirt. Le bheith macánta faoi, níl foireann den scoth acu agus mar gheall ar an easpa ama a bhí acu idir na cluichí, bhí siad traochta. Mar thoradh air sin, chaill siad. Nílim ag maíomh nach raibh Samó go maith, ach ní raibh an dúshlán céanna rompu agus a bhí roimh an tSeapáin nuair a d’imir siadsan in aghaidh na Rúiseach Dé hAoine. 

D’imir Sasana dhá chluiche laistigh de cúig lá freisin, ach dúshlán iomlán difriúil a bhí rompu. Níl ach cúigear a thosaigh sa dá chluiche Shasanacha. D’imir foireann iomlán na Rúise faoi dhó. Tá doimhneacht foirne agus acmhainní ag na Sasanaigh nach bhfuil ag na Rúisigh, agus níl na deacrachtaí céanna ag an dá fhoireann. Tá Sasana ag cuardach coirn — beidh an Rús sásta le bua amháin.

D’imir Fidsí dhá chluiche laistigh de chúig lá freisin, ceann in aghaidh na hAstráile agus ceann in aghaidh Uragua. Rinne siad a ndícheall in aghaidh na hAstráile, ach chaill siad. Agus mar gheall ar an easpa sosa a bhí acu, bhí siad tuirseach in aghaidh Uragua, agus chaill siad arís. 

Thuill Uragua an bua. D’imir siad le paisin agus le bród. Rinne siad na cinntí cearta ar an bpáirc agus bhí cosaint fhíochmhar acu. Nílim ach ag rá go raibh tuirse ar fhir Fhidsí. Teastaíonn míorúilt d’Fhidsí anois chun na cluichí ceathrú ceannais a bhaint amach. 

Ach níl clár ama dúshlánach ag gach foireann. B’fhéidir go raibh dhá chluiche laistigh de chúig lá ag Fidsí, ach níl ach cluiche gach deireadh seachtaine ag Tonga. Tá sos ag an Nua-Shéalainn freisin sula gcaithfidh siad dhá chluiche a imirt laistigh de chúig lá. Ach sa ghrúpa ina bhfuil siad, agus leis an mbua a bhí acu in aghaidh na hAfraice Theas, beidh siad ar a sháimhín só.

D’imir Éire in aghaidh na hAlbain ag an deireadh seachtaine, agus beidh sos seachtaine acu roimh an gcéad chluiche eile in aghaidh na Seapáine. Cinnte, beidh orthu imirt in aghaidh na Rúise cúig lá ina dhiaidh sin, ach mar a luaigh mé cheanna, tá 15 imreoir théis dhá chluiche a thosú don Rúis cheanna féin. Ní bheidh an cúige dhuine déag céanna á n-úsáid ag Schmidt go dtí na babhtaí ceannais. Ní hamháin sin, ach beidh ocht lá ag an hÉireannaigh sula n-imreoidh siad an cluiche deireanach den ghrúpa.

Is í doimhneacht foirne an rud is tábhachtaí chun an Corn Domhanda a bhuachan, níl argóint ar bith ann faoi sin. Teastaíonn dhá fhoireann iomlán uait chun a bheith cinnte nach bhfuil éinne traochta roimh na babhtaí ceannais.

Ach teastaíonn beagáinín áidh uait freisin ó thaobh an chláir ama de.

Is foireann den scoth í Fidsí, ach mar gheall ar an gclár ama a bhí acu, tá an-seans nach mbainfidh siad na cluichí ceathrú ceannais amach. 

Ar an lámh eile de, tá sos breá fada ag Éirinn idir na cluichí dúshlánacha atá acu, chomh maith le doimhneacht foirne b’fhéidir nach bhfuil ag Fidsí.

D’fhéadfadh na 15 imreoir is fearr ar domhan a bheith agat — ach mura bhfuil ionadaí an duine agat dóibh nó fuinneamh aisteach acu, níl seans ar bith go mbuafaidh tú an comórtas.

Níos mó