Baile
Aoisghrúpaí
> 4 Bliain
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag Tógáil Páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
4 > 12 Bliain
Gaelscoileanna
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
12 > 18 Bliain
Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid nuair atá tú ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
18 > 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ag foghlaim na Gaeilge
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Pobal
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinne
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Sloinne
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
Cúrsaí iarchéime Gaeilge do shaol an lae inniu
Cúrsaí bunchéime spéisiúla le Gaeilge
Folúntais
Físeáin: 'Do Ghairm le Gaeilge'
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Nuacht
  • Baile
  • Idirnáisiúnta
  • ‘Ábhar misnigh’ don síneadh fada cinneadh chúirt uachtaraach na Fraince faoi ainm Briotáinise
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-‘abhar-misnigh’-don-sineadh-fada-cinneadh-chuirt-uachtaraach-na-fraince-faoi-ainm-briotainise

‘Ábhar misnigh’ don síneadh fada cinneadh chúirt uachtaraach na Fraince faoi ainm Briotáinise

Tá fáilte curtha ag an bhfear atá i mbun feachtais faoi cheart na nGael ar an síneadh fada ina n-ainm roimh chinneadh i gcúirt uachtarach na Fraince.

Cinneadh sa chúirt sin go raibh cead ag tuismitheoirí buachalla óig ón Bhriotáin, Fañch Bernard, a ainm a litriú sa Bhriotánis le ‘tilde’, arb ionann é agus síneadh fada na Gaeilge.

Cuireann cinneadh na cúirte seo, an chúirt is sinsearaí sa tír, deireadh le cás cearta teanga atá á throid le dhá bhliain anuas.

Agus é ag tagairt do chinneadh na cúirte sa Fhrainc, dúirt an léiritheoir teilifíse Ciarán Ó Cofaigh, atá i mbun feachtais maidir le haitheantas a fháil don síneadh fada, gurbh “ábhar misnigh” dó toradh an cháis seo.

“Fiú sa Fhrainc, tír ina mbrúnn siad an Fhraincis go láidir inti, fiú ansin, ní féidir leo é a shéanadh. Is í an fhírinne í nach féidir ainmneacha a scríobh gan iad a scríobh sa teanga ina bhfuil siad.

“Ceapaim go bhfuil cás níos láidre againn in Éirinn maidir leis an síneadh fada mar gur teanga oifigiúil de chuid na tíre seo í an Ghaeilge. Tá mé ag leanúint le m’fheachtas féin. Feachtas fada atá ann, ach níl mé chun stopadh go dtí go mbeidh toradh air.”

Nuair a rugadh ‘Fañch Bernard’ dhiúltaigh seirbhísí clárúcháin an rialtais áitiúil i bpríomhchathair na Briotáine, Kemper, a ainm a chlárú mar gheall ar an tilde (˜) a bheith os cionn na litreach “n”.

Dúradh leis na tuismitheoirí ag an am nach raibh glacadh leis an ‘ñ’ toisc é a bheith i measc na litreacha nach gceadaítear d’ainmneacha dílse, de réir ciorcláin a scaip státseirbhís na Fraince roimhe sin.

Cé go bhfuil an tilde anois imithe ón Fhraincis chaighdeánach, úsáidtear an t-aiceann sa Bhriotáinis, sa Bhascais agus sa Chorsaicis.

Eagraíodh achainí ar líne in aghaidh an chinnidh sin chun brú a chur ar lucht riaracháin glacadh leis an ainm dúchais. Géilleadh don iarratas agus eisíodh cárta aitheantais do Fañch Bernard in 2017.

Nuair a ceadaíodh an t-ainm ar dtús rinne Halla na Cathrach ráiteas inar dúradh nach raibh aon chúis “dlí ná daonna” nach bhféadfaí an tilde a thabhairt do Fañch, agus dúradh gur aiceann a bhí ann“nach bhfuil fánach ná gan tábhacht”.

Dúradh nár leor an ciorclán mar bhunús dlí leis an ainm a dhiúltú agus tagraíodh do chearta bunreachtúla a bheith i gceist. 

De réir Alt 75 den bhunreacht, “is cuid d’oidhreacht na Fraince iad na teangacha réigiúnacha” agus tagraítear don “tsaorthoil” atá ag tuismitheoirí maidir le hainmneacha a leanaí a roghnú dá réir sin.

Luadh freisin rialú a rinne an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine in 1996 go raibh an t-ainm a roghnaigh tuismitheoir dá pháiste “an-phríobháideach agus an-speisialta”.

Tháinig casadh eile sa scéal, áfach, nuair a tarraingíodh siar an cead a tugadh do thuismitheoir Fañch Bernard i gcúirt i Kemper in 2017.

Rialaigh an chúirt an uair sin nach raibh aon aitheantas ag an tilde sa Fhraincis agus dúradh go bhféadfaí úsáid an aicinn dhúchasaigh mian an stáit maidir le haontacht phobal na tíre “a chur i mbaol”.

Ciarán Ó Cofaigh

Rinneadh achomharc in aghaidh an chinnidh sin anuraidh agus rialaigh an chúirt achomhairc nach bhféadfadh an tilde a bheith ina bhagairt do chóras riaracháin na tíre.

Tháinig an cás os comhair na cúirte uachtaraí an tseachtain seo caite, nuair a rinne Ard-Aighne Chathair Rennes achomharc eile toisc an “tionchar náisiúnta a d’fhéadfadh a bheith ag an rialú”.

Dúirt dlíodóir thuismitheoirí Fañch Bernard gur chiallaigh cinneadh na cúirte uachtaraí go mbeadh sé “an-deacair ag údaráis áitiúla diúltú don tilde ar ainmneacha Briotáine as seo amach”.

Mar thoradh ar fheachtas Chiaráin Uí Chofaigh abhus, dúirt an Taoiseach Leo Varadkar mí Aibreáin na bliana seo go raibh sé “mícheart” síneadh fada a fhágáil ar lár in ainmneacha daoine.

Chinn oifig an Choimisiúin um Chosaint Sonraí roimhe sin nach bhfuil sé in aghaidh an dlí ag comhlachtaí ainmneacha Gaeilge a litriú mícheart trí shínte fada a fhágáil ar lár.

Chinn an Coimisiún nach ceart absalóideach é ag an duine a bhfuil síneadh fada ina ainm an t-ainm sin a bheith litrithe go cruinn agus an síneadh fada ann.

Bunaíodh an fiosrúchán nuair a rinne Ciarán Ó Cofaigh gearán leis an gCoimisinéir faoina ainm a bheith á litriú mícheart ag an HSE.  Cé gurbh údar díomá dó toradh an fhiosrúcháin, dúirt Ó Cofaigh go bhfuil sé chun leanúint ag troid ar son an tsíneadh fada.

Níos mó

Méabh Ní Thuathaláin

Cláraigh do nuachtlitir PEIG

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge