Baile
Aoisghrúpaí
> 4 Bliain
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag Tógáil Páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
4 > 12 Bliain
Gaelscoileanna
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
12 > 18 Bliain
Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid nuair atá tú ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
18 > 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ag foghlaim na Gaeilge
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Pobal
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinne
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Sloinne
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
Cúrsaí iarchéime Gaeilge do shaol an lae inniu
Cúrsaí bunchéime spéisiúla le Gaeilge
Folúntais
Físeáin: 'Do Ghairm le Gaeilge'
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Nuacht
  • Baile
  • Beatha
  • Bás nó Beatha: Cá dtéann an Breatimeacht anois?

Bás nó Beatha: Cá dtéann an Breatimeacht anois?

Eoin Ó Murchú

Buille mór do Bhoris Johnson nó cealg na foiche ar tí a báis?

Cá dtéann scéal an Bhreatimeachta anois go bhfuil moill eile – b’fhéidir – curtha leis an bpróiseas?

Cuireann cipiléireacht pharlaimint Westminster focla an amhráin cleamhnais ‘Tá do mhargadh’ i gcuimhne dom, mar ag deireadh thiar níl stop ar bith curtha ag an mbuíon Fanachta le Breatimeacht.

Níl aon athrú ar an mbunscéal, mar aithníonn na tráchtairí go léir beagnach go bhfuil a dhóthain feisirí a vótáil ar son na moille le vótail ar son an mhargaidh, inniu is cosúil.

Agus rinne príomh-aire na Breataine, Boris Johnson, soiléir ina chuid litreacha nach bhfuil sé i ndáiríre ag iarraidh síneadh ama ón Aontas Eorpach ach go bhfuil sé ag cloí leis an iachall dlí a chuir an pharlaimint air.

Ach má tá na fanaicigh Fanachta ag lorg seans eile le stop a chur le Breatimeacht tríd an reifreann a reáchtáil in athuair (agus is cosúil go dtroidfidh siad go dtí an bomaite deireannach, agus ina dhiaidh go fiú), níl sé cinnte go ngéillfeadh an tAontas don iarratas.

Tá roinnt stát bréan den scéal ag an bpointe seo, an Fhrainc ach go háirithe, agus níl aon chomhartha ann anois go gcreideann ballstát ar bith gur féidir Breatimeacht a chur ar ceal gan an tAontas ar fad a cheangal le hachrann is míshuaimhneas.

Tá tuairim láidir ann go bhfuil sé chun leas an Aontais críoch a chur leis an scéal anois.

Thug an Tánaiste, Simon Coveney, le fios go díreach nach gceapann sé go mbeadh sé éasca cead a fháil le síneadh eile a fháil. Agus is léir cén fáth. Dar leis an Aontas, tá an margadh déanta is níl fonn ar bith air tabhairt faoi aon mhargadh eile.

Ar aon chuma ní féidir toghchán a sheachaint rófhada eile sa mBreatain, agus tugann na comharthaí go léir le fios go mbeidh an bua ag Boris Johnson. Is é sin gurb é an margadh seo atá ann nó Brexit gan mhargadh a bheas ann. Céard is fiú don Aontas moill eile más cosúil go dtiocfaidh Boris ar ais mar phríomh-aire?

Maidir leis an margadh féin, tá socrú fiúntach ann don Tuaisceart, mar geallann sé nach mbeidh aon chur isteach ar ghnó trasteorainn. Agus in ainneoin scréachaíl an DUP ní bheidh aon chur isteach ar ghnó le Sasana nó Albain ach fíorbheagán moille ag na calafoirt.

I ndáiríre is éard atá ann ná an rud a dúirt Sinn Féin ón tús a raibh á lorg acu, is é sin stádas speisialta don Tuaisceart mar chuid den AE agus cuid den RA ag an am céanna.

Tá sé deacair mar sin a thuiscint cén fáth a raibh Sinn Féin chomh drogallach sin chun fáilte a chur roimh an margadh – seasamh a thug buntáiste an tsocraithe do Leo Varadkar mar thóg sé úinéireacht ar an socrú in aigne na vótóirí.

Ar an taobh eile, tá praiseach déanta ag an DUP den tionchar a bhíodh acu is a d’fhéadfadh a bheith acu i gcónaí. Ach ní mhaithfidh uaisle Shasana iad go deo as an mBreatimeacht a chur i mbaol.  Chreid siad go dtiocfadh an European Research Group leo, ach níor tháinig.

Léirigh an chuma a bhí ar a gcuid aghaidheanna go dtuigeann siad sin in ainneoin na gaotaireacht atá á cleachtadh acu i gcónaí.

Cá dtéann cúrsaí anois?

Ní féidir a bheith cinnte faoi rud ar bith sa bpróiseas seo ach tá an chuma ar an scéal go mbeidh vóta faoin margadh inniu is go nglacfaidh an pharlaimint leis.

Ní bheidh le déanamh ansin ach dul tríd an mBille Imeachta, agus seans ann le leasaithe a dhéanamh maidir le cearta oibrithe, cosaint na timpeallachta, caighdeáin earraí is eile – má tá páirtithe an fhreasúra dáirire faoina nithe sin.

Is ní féidir olltoghchán a sheachaint ansin freisin.

Tá obair mhór le déanamh ina dhiaidh sin, agus sin é an idirbheartaíocht le conradh trádála a shocrú. Tá sé sin an-tábhachtach d’eacnamaiocht an Deiscirt is beidh sé riachtanach don Tuaisceart freisin nach gcaillfear na buntáisti atá bainte amach sa socrú reatha.

Ní thiocfadh athaontú na tíre as seo (níor chreid mé riamh go dtiocfadh) ach tá an cheist sin curtha ar an gclár oibre go cinnte. Sea, tá an DUP ceart le bheith imníoch go gcuirfeadh an socrú an Tuaisceart ar shlí an athaontaithe má dhéantar an obair ullmhúcháin i gceart.

Is é sin comhrá faoin gcruth a bheidh ar Éirinn aontaithe, na forálacha a bheidh riachtanach le cearta na bProtastúnach a chinntiú agus an pobal sin a chur ar a gcompord faoi athaontú na hÉireann.

Agus cuireann sé sin ceist mhor romhainn: an Éire mar chúige den Aontas Eorpach atá i gceist nó stát neamhspleách mar a fógraíodh in 1916 is mar a mhol na hÉireannaigh Aontaithe i mBéal Feirste in 1798?

Níos mó

Cláraigh do nuachtlitir PEIG

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge