Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-caithfear-meas-a-leiriu-ar-gach-cluiche-gaelach…

Caithfear meas a léiriú ar gach cluiche Gaelach…

| NÓS Suíomh Gréasáin |

Bhí sé d’ádh orm a bheith mar bhean an tí ag Gradaim All-Star
an Chumainn Camógaíochta an tseachtain seo caite.

Bronnadh os cionn 30 gradam ar mhná ó cheann ceann na tíre
atá ag imirt ceann de na cluichí is deacra agus is teicniúla ar domhain, agus
iad ar fad á dhéanamh gan an ceiliúradh a dhéantar ar na fir a bhíonn ag imirt
an chluiche chéanna.

D’fhiafraigh mé díom féin agus mé ag breathnú ar na mná
láidre aclaí seo, cén fáth nach bhfuil muid ag déanamh níos mó den
chamógaíocht?

Ní imrítear é ag ardleibhéal ach i gcúpla contae, ní thugtar
an meas céanna ar na himreoirí agus a thugtar ar na peileadóirí ban, agus ní
bhreathnaíonn an líon céanna daoine orthu i bPáirc an Chrócaigh, ná ar an
teilifís, agus a bhreathnaíonn ar bhabhtaí ceannais na gcluichí Gaelacha eile.

Go deimhin, níl ach leath an oiread cumann camogaíochta
cláraithe agus atá i bpeil na mban.

Níl an íomhá atá acu chomh faiseanta leis na cluichí eile
agus níor thuig mé riamh é.

Breathanigh air mar chluiche, agus breathnaigh ar na mná atá
á imirt.

Tá siad láidir, cróga, fíochmhar. Tá matáin acu, tá luas ina
gcuid cos, tá lámha tapa acu, bíonn orthu clogad a chaitheamh le dul i mbun catha.
Tá an sliotar ag taisteal faoi luas craiceáilte amach agus amach, agus tá scil
ollmhór ag teastáil ón té atá ag dul chun páirce.

Ní hamháin sin, ach cosúil leis an iománaíocht, caithfear é
ar fad a dhéanamh agus foireann eile i d’aghaidh, agus maidí agus camáin agus
coirp á ngortú agus á láidriú le gach buille agus cúilín.

Tá go leor bainte amach ag spórt na mban le blianta beaga, a
bhuíochas sin le go leor rudaí, mná aclaí a dhéanann an traenáil ar fad ach go
háirithe.

Cloiseann muid go leor faoi chumachtú na mban, feimineachas,
comhionannas. Céard atá níos cumhachtaí ná scil cosúil leis an gcamógaíocht a
thabhairt do chailín beag? Scaoil amach an gaiscíoch atá i bhfolach taobh istigh
inti, agus lig di na scileanna is úsáidí sa saol seo a fhoghlaim: ceannasaíocht,
troid ar son do mhuintire, cumarsáid, comhoibriú, buachan, cailliúnt, éirí
arís.

Ba í foireann na Gaillimhe a ghnóthaigh an chraobh i
mbliana, den chéad uair ó 2013. Bhí sé d’onóir agamsa a gcuid ainmneacha a
ghlaoch amach agus breathnú ar an ngliondar a chothaigh sé.

Cúpla mí ó shin nuair a ghnóthaigh siad an chraobh, cuireadh
fáilte rompu abhaile in oirthear an chontae. Bhí slua ann, ach faraor, ní raibh
sé fiú agus leath chomh mór leis an slua a tháinig amach do na fir, nuair a
ghnóthaigh siad Corn Liam Mhic Cárthaigh in 2017.

Ba cheart an dá éacht a cheiliúradh. Ach tá sé deacair nuair
nach bhfuil an meas céanna ar an dá chluiche. Agus nach an dá mhar a chéile
iad? Laochra, i mbun catha, i gceann de na cluichí is sine ar domhan.

Déan fabhar do do phobal, agus b’fhéidir do chontae amach
anseo: má tá gasúir agat, nó má tá aithne agat ar ghasúr, ceannaigh camán dóibh
uilig. B’fhéidir go dtabharfadh Santaí ceann do roinnt acu faoin Nollaig. 

Níos mó